Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceachtanna Gaedhilge

Title
Ceachtanna Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1922
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ceachtanna Gaedhilge



CEACHT A 17.



An Clog, the clock.



cadé an t-am é?
what time is it?



uaireadóir, a watch.



uair, an hour.
leath uair, half an hour.
ceáthramhadh, quarter.
nóiment, minute.



Tar éis, after, past.



1.5 cúig nóimeatí tar
éis a haon.



2.10 deich nóimeatí tar
éis a dó.



3.15 ceáthramhadh tar éis
a trí.



4.20 fiche nóiment tar
éis a ceathair.



5.25 chúig nóimentí is
fiche tar éis a cúig.



6.30 leath uair tar éis
a sé.



Chum, towards, to.



7.35 chúig nóimentí is
fiche chum a h-ocht.



8.40 fiche nóiment chum
a naoi.



9.45 ceáthramhadh chum
a deich.



10.50 deich nóimentí
chum a h-aon déag.



11.55 chúig nóimentí
chum a dó dhéag.



Tá cúigear 'na gcomhnuidhe sa tig úd thall —
triúr buachaillí agus beirt chailíní. Bácaer iseadh
ceann desna buachaillí. Táiliúir ceann eile agus
máirnéalach iseadh an tríomhadh fear. Bíonn an
bheirt chailíní i mbun an tighe. Eirigheann Máire
ar a seacht a chlog gach maidean. Beirbhigheann sí
an breacfast. Itheann an bácaer agus an táiliúir
a mbreacfast ar a h-ocht a chlog. Annsin teigh-
eann siad ag obair. Ní fheiceann Máire go dtí
am dinnéir iad arís. Ní fheiceann sí an máir-
néalach ó cheann ceann na bliana.



CEISTEANNA.



An 'mó duine 'na gcomhnuidhe sa tig úd thall?
An buachaillí ar fad iad? Cad í an chéird atá
aca? Cad a bhíonn na cailíní a dhéanamh? 'De'n
t-am a eirigheann Máire? Cathain a bhíonn an
breacfast i gcóir? Cá dteigheann siad? Cá
mbíonn au máirnéalach?



Gluais.



Bácaer, baker.
Táiliúir, tailor.
Máirnéalach, sailor.
I mbun an tighe, minding
the house.
Beirbhigheann, cooks (boils).
Ní fheiceann, do not see.
Go dtí, until.
Am dinnéir, dinner time.
Ó cheann ceann na bliana,
from one end of the
year to the other.



CEACHT A 11. (ar lean.)



AN t-ATHAIR MÁRTAN.



Deineadh gach rud mar d'órduig an t-Athair
Mártan. Ní raibh fear, bean ná páiste nás chuaidh
ag triall air. Ó'n tseachtmhain sin i leith tá
bolath na críostamhlachta agus na crábhthachta le
faghail deié míle ar gach aon taobh de'n Charann.
Asd' oidhche Dé Domhnaigh 'na dhiaidh sin deineadh
taidhbhreamh eile do'n Athair Mártan. Shíl sé go
raibh sé ag siubhal go taithneamhac ar an mbóthar
isteach go dtí flaithis Dé. Dar leis bhí sé féin
ar tosach agus an paróiste go léir as a dhiaidh
aniar in aon mhór-shiubhal. Iad le h-áthas agus le
luathgháir ag teacht go sítheolta croidheamhail.
Coinneal coisricthe i láimh gach duine aca agus iad
go léir d'aon ghuth ag amhrán. 'Sé an t-amhrán a
bhí aca ná an Té Déum.



(Críoch.)



Nótaí.



Deineadh. An aimsir chaithte neamh-phearsonda.
Is truagh ná ceartuightear an comhartha
trádála atá againn .i. "Déanta inÉirinn." 'Sé
an náire dearmhad mar sin a bheith agá fhóirleathnú
fós. Níor ghádh acht "Deineadh inÉirinn" a
dhéanamh dhe agus bheadh sé i gceart.



Go taithneamhach. Go sásta; go meanmanach aerach.



Ar tosach. Mar cheann feadhma; mar stiúrathóir.
Tá "i dtosach" ann leis; deifir
bheag sa mbrígh.



'Na dhiaidh. Ag teacht 'na dhiaidh. Bíonn gluais-
eacht ag baint le diaidh de ghnáth.



"Taobh thiar díom," behind me, .i. gan gluaiseacht.



"Ar chúl" an doruis, behind the door.



Sítheolta. Ag teacht go deas bríoghmhar cothrom.



CEACHT a 17.



MÁIRÍN DE BARRA.



V.



Is shiubhalfainn, is shiubhalfainn is shiubhalfainn an
saoghal leat,
Do raghainn-se thar sáile gan dhá phingin spré leat;
Do thug mo chroidhe grádh dhuit, go bráth, bráth ná
tréigfidh,
Is de leighisfeá ón mbás me ach a rádh gur leat
féin me.



Nótaí.



Ná tréigfidh. Ná athrochaidh.



Aistí: Scéilín; comhrádh. "Briseann an
dúthchas trí shúile an chait."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services