Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht na nGaedheal - Seilg Ghleanna an Smóil
Title
Filidheacht na nGaedheal - Seilg Ghleanna an Smóil
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FILIDHEACHT NA NGAEDHEAL SEILG GHLEANNA AN SMÓIL. Ag triall chum seilge maidin cheódhach Go gleann an Smóil re ár ngadhair go moch, Ba mhór ár ndóchas as luas ár gcon. Do bhí Sgeólán is Bran ar éill ag Fionn réidh i n-a dhóid; do bhí a chú ag gach nduine do'n Fhéinn, is ár ngadhair bhéil-bhinn ag déanamh ceóil. Do ghluaiseamar chum tulcha os cionn gleanna, Mar ar bh'aoibhinn duilleabhar ar chrainn ag fás; Bhí éanlaith suairc ag ceileabhar ann 'san chuach go ceól-bhinn ann gach árd. Do léig a rabhamar ann do'n Fhéinn ár gconairt luaith léimneach fá'n ngleann; Do sgaoil Fionn a dhá ghadhar dhéag is ba bhinne linn ná téada a nglam. Dúirtear leo an eilít mhaol, ba ghile a taobh ná eala ar linn; an taobh eile dhi ar dhath an ghuail, is ba luaithe í ná seabhach ar choill. Do sgaoil gach nduine 'gainn a chú da heill, is do sgaoil Fionn féin Bran; d'imthigheadar ar ár n-amharc go léir, is ba bheag ár ngaor teacht na ngar. Is mór an t-iongnadh do rinn an rí do'n eilit mhaoil fá n-a luas; le n-ar sháruigh maitheas con na gcríoch, is Bran, riamh nár léig seilg uaidh. O mhoch maidne ba mhór an fiadhach, do lean go dian an eilit luaith; go dtáinig orainn dubh na hoidhche, is nach bhfacamar gadhar ná cú. SHEAGHAN BHUIDHE. M'fhadthuirse thraochda na feara-choin aosda, Air lannaibh budh léir a's air lámhach saíghiott, Do ghlanfadh as Eirinn mar Dhamfhir na méirlich, 'S ar m-bailte do shaoradh ó árd-chíos: Dá mairfeadh na Féinne 's ar n-arm bheith seúnmhar, Ar ngairm budh tréunmhar ag tracht síos, 'S ar mairg do bhéurfadh leas-ainm air Sheúrlas Go m-bainfeadh a réim cheart de Sheághan Bhuídhe. Do cailleadh le tréimhse ar g-cealla l chéile, O d'easgair na faoil-choin a bh-Fáil- chríoch, — Do leagadar laochra chum catha budh thréme, — Ní'l acht creachadh agus céusadh agus crádh croídhe: Is árd atá an béurla 's gan tapaidh 's an n-Gaodhailge, Is balbh ar n-Eigsi ag gnáth-chaoídh, Go d-tagadh lá éigin tar fairge Séurlas, Do bhamfeas a réini-cheart de Sheá- ghan Bhuídhe. Mar theangmhaidh is méala, tar calaich gur bh'éigean Do'n b-fharaire thréightheach-so sát- hadh a rís Le cealg 's le claonadh na h-aicme nach déarfad Thug Banbha déurach mar tá sí Aitchim a's éighmhim air athair an aén- mheic, Gídh athair gach aen-neich an t-Ard- rígh, Go g-casadh ar Séurlas 's an Bhanbha go gléusda, Do bhamdeas a réim-cheart de Sheá- ghan Bhuídhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services