Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht na nGaedheal - Seilg Ghleanna an Smóil

Title
Filidheacht na nGaedheal - Seilg Ghleanna an Smóil
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FILIDHEACHT NA NGAEDHEAL



SEILG GHLEANNA AN SMÓIL.



Ag triall chum seilge maidin cheódhach
Go gleann an Smóil re ár ngadhair go
moch,



Ba mhór ár ndóchas as luas ár gcon.



Do bhí Sgeólán is Bran ar éill
ag Fionn réidh i n-a dhóid;
do bhí a chú ag gach nduine do'n Fhéinn,
is ár ngadhair bhéil-bhinn ag déanamh ceóil.



Do ghluaiseamar chum tulcha os cionn
gleanna,
Mar ar bh'aoibhinn duilleabhar ar chrainn
ag fás;
Bhí éanlaith suairc ag ceileabhar ann
'san chuach go ceól-bhinn ann gach árd.



Do léig a rabhamar ann do'n Fhéinn
ár gconairt luaith léimneach fá'n
ngleann;
Do sgaoil Fionn a dhá ghadhar dhéag
is ba bhinne linn ná téada a nglam.



Dúirtear leo an eilít mhaol,
ba ghile a taobh ná eala ar linn;
an taobh eile dhi ar dhath an ghuail,
is ba luaithe í ná seabhach ar choill.



Do sgaoil gach nduine 'gainn a chú da
heill,
is do sgaoil Fionn féin Bran;
d'imthigheadar ar ár n-amharc go léir,
is ba bheag ár ngaor teacht na ngar.



Is mór an t-iongnadh do rinn an rí
do'n eilit mhaoil fá n-a luas;
le n-ar sháruigh maitheas con na gcríoch,
is Bran, riamh nár léig seilg uaidh.



O mhoch maidne ba mhór an fiadhach,
do lean go dian an eilit luaith;
go dtáinig orainn dubh na hoidhche,
is nach bhfacamar gadhar ná cú.



SHEAGHAN BHUIDHE.



M'fhadthuirse thraochda na feara-choin
aosda,
Air lannaibh budh léir a's air lámhach
saíghiott,
Do ghlanfadh as Eirinn mar Dhamfhir
na méirlich,
'S ar m-bailte do shaoradh ó árd-chíos:
Dá mairfeadh na Féinne 's ar n-arm
bheith seúnmhar,
Ar ngairm budh tréunmhar ag tracht
síos,
'S ar mairg do bhéurfadh leas-ainm air
Sheúrlas
Go m-bainfeadh a réim cheart de
Sheághan Bhuídhe.



Do cailleadh le tréimhse ar g-cealla l
chéile,
O d'easgair na faoil-choin a bh-Fáil-
chríoch, —
Do leagadar laochra chum catha budh
thréme, —
Ní'l acht creachadh agus céusadh agus
crádh croídhe:
Is árd atá an béurla 's gan tapaidh 's an
n-Gaodhailge,
Is balbh ar n-Eigsi ag gnáth-chaoídh,
Go d-tagadh lá éigin tar fairge Séurlas,
Do bhamfeas a réini-cheart de Sheá-
ghan Bhuídhe.



Mar theangmhaidh is méala, tar calaich
gur bh'éigean
Do'n b-fharaire thréightheach-so sát-
hadh a rís
Le cealg 's le claonadh na h-aicme nach
déarfad
Thug Banbha déurach mar tá sí
Aitchim a's éighmhim air athair an aén-
mheic,
Gídh athair gach aen-neich an t-Ard-
rígh,
Go g-casadh ar Séurlas 's an Bhanbha go
gléusda,
Do bhamdeas a réim-cheart de Sheá-
ghan Bhuídhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services