Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid, Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.)
Title
Óráid, Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GAODHAL ORÁID AN ATHAR UÍ MHACHÁIN AIR FHÉIS CEOIL AGUS RÍNCE CHUMAINN GHEAN-GAEDHILGIGH BHOSTÚIN, DIARDAOIN AN 14ADH MHEITHEAMH, 1900. A Mhná uaisle & a Dhaoine uaisle na h-Éireann: — Ag iarraidh smuainte an lá cheana air nídh éigin air a labh- róchain libh anocht, níor thárla ádhbhar cainte ná cómhráidh air bith liom badh thaithneamhaighe liom féin ioná cuairt na bain- ríoghna Sacsanaighe go hÉirinn. Tá sí imthighthe léi go Londuinn anois; acht beidh cuimhne go ceann fada air an chuairt gheárr a thug sí do'n oileán ghlas, áluinn a éirgheas ó'n fhairrge shiar. Bhí sé dá fhichead bliadhain ó bhí sí san tír roimhe sin; & níl ceist air bith is dóighthidhe thárladh dar meanmain 'na fiafraighe crea chas go h-Éirinn an uair so í, & créad tá le rádh againn fá an nós ann ar fáiltigheadh í le muintir na h-Éireann. Atá dream ann a deir gur le grádh d'ár muin- tir a tháinic sí. Nách iongantach an módh ann ar fhás an grádh sin ó bíodar ag fághail bháis de'n ocras, & níor tháinic sí, & níor chuir sí an chabhair nó an sárúghadh uaithi a bhí ann a cumas. Acht ní leanfamaoid do'n phunc so, mar ní áil linn nídh- the géara aithiseacha do rádh faoi shean mhnaoi uasal. Tá croidhe, gur fuil an Éireannaigh ró-uasal, ró- árdmhéineach le dí mheas ar bith de'n tsaghas so do thaisbéanadh nó do mhothúghadh. B'fheárr linn go mór a chreidsin nách raibh a sáith eolais aici air Éirinn an uair sin, & ná'ar chreid sí mar aon le furmhór na Sacsanach, go raibh an ghorta 's an t- ocras có fíochmharach ann Éirinn agus a deireadh páipéir laethamhla an ama sin, nó nách raibh a sáith ádhbhair ag Easpogaibh na hÉireann fá'n sgread dhólásach a chuireadar uatha ag iarraidh an chongan- ta badh chóir dóibh fhághail le na bpobal do shábháil ó'n mbás. Is cinnte linn féin dá m-beidheadh a sáith eolais aici air an gcuma ann a raibh an méid sin d'ár muintir, go mbeidheadh sgéal eile againn fúithe. Atá meas & fómós againn uirthi & creid- imíd gur sean bhean uasal gheanamhail atá innti, & nách féidir nách g-corróchadh stáid an náisúin a croidhe, gidh nách raibh ínnti san am sin acht bean an-óg. Atá fomós againn orrainn féin, & uime sin, creidimid go hiomlán na neidhthe so. A deir druing eile gur le súil fear óg nÉirean- nach do mhealladh go h-arm na Sacsanach a tháinic sí. Is cruaidh an sgéal é so, & is deacair a chreid sin — go d-truailleóchaidís na Sacsanaigh a m- bainríoghain air an módh sin go mbladrócaidís í chum dula go hÉirinn air cuairt, & dá n-innseóch- aidís an fhírinne, ní le cuairt do thabhairt air chor air bith, acht le gnó na sgillinge do sheachadadh do 'n fhear óg Éireannach a chuirfeadh é ag cosaint cúmhachta a dhearg-námhad. Molfaidh siad tréan- acht na nÉireannach d'éis a mbeith curtha i dtosach an ghleoidh, & a mbeith caithte mar mhadraibh. Is beag an truaigh an tÉireannach gráineamhail leó san i gcomórtas an tsaighdiúra Sacsanaigh. Má mharbhuighthear aon duine san gcaith, is é an tÉire- annach nó an tAlbhanach é. Deir druing eile gur le buidheachas do thiarig- sin do'n tír a thug dá h-arm an mhéid sin ceann- feadhna buaidheacha & saighdiúr calma a tháinic sí. Má's sé so fáth a cuairte, rachfaidh a buidheachas níos mó ann maitheasa do'n tír, dá mbrosdóchadh sí a tír féin chum an nídh atá cóir agus ceart do dhéanamh air son na h-Éireann. Is beag an buidh- eachas atá againn féin air na h-Éireannaighibh atá ag troid, ionnas go marbhóchaidhís ann Africa dheis an nídh air son a bfuilimíd ag síor-chómhrac i n-Éirinn le céadtaibh bliadhan, & air son a mbeidhmíd ag imreasánúghadh le congnamh Dé go m-beidh sí gnóthaighthe go h-iomlán againn, sí sin, ár neamh-spleachus & ár saoirse tíoramhail. Créad tá againn le rádh fá an módh ann ar glacadh an bhainrioghan i n-Éirinn? Ní'l nídh air bith acht an rud a chuireas uabhar & áthas air ár ghcroidhthibh. Ghlacadar í mar ghlacaidís sean bhean oirdheirc air bith a bheidheadh ag cathadh sealla gearr ann a measg. Thaisbéanadar an oiread fóghmóis & badh dhual doi. D'fhanadar i bhfad as a bealach, thugadar cead a cinn doi, & bhí an oiread sin aire air a ngnódhthaibh acu go saoilfeá nách raibh deór- aidhe coimhtheach air bith san tír. Dheimhnígheadar go rabhadar áird-mheanmnach, aird-inntineamhail; & ní raibh le fághail ann ameasg aon duine díth- chéillidhe, cinn-eadtrom a chaithfeadh urchar léi, mar caithfidhe & do caitheadh go minic le na leithéid i móirthír na h-Eorpa. Is ádhbhar gáirdeachais agus glóire na neidhthe so; & ní rachfaidh go deó as chuimhne na n-Éireannach. Is cinnte go deimhin go bhfuil an t-am fá láthair nách féidir ár muintir do mhealladh níos mó le ceilg nó le geallamhaintibh bréagacha, & nách féidir cladhaireacht, nó crioth- núghadh, nó bladar do chur ortha le mórdháil ríogh- mhalachta. (An Críoch.)
AN GAODHAL Sgeal Fiannuigheachta. An Macaomh Mor, Mac Rígh na h-Easpaine. CAIBIDIL V. Gluaiseas Fionn go leabaidh an fhir mhóir. “Cread do thoisg, a Fhinn!” ar an fear mór. “Do d' fhiafraighe-se,” ar Fionn, “ag tabh- airt sgéil dhuit, & mar an gcéadna ag fágh- ail sgéil uait, ded' eachtraibh, & ded' im- theachtaibh, agus ded' ghníomharthaibh goile agus glan-ghaisge.” “Ní tráth sgéalaigheachta dúinn anois é,” ar an fear mór- “óir is olc an chiall duitse a Fhinn go mbeidhinn-se ag sgéal- aigheacht duit-se & Oscar ann a chodhladh.” “Ní chleachtann Oscar codhladh cómhluath sin,” ar Fionn, “& níor iomchair an talamh trom-fhódach riamh gaisgidheach as lúgha do dhéana dh do cheilg ar a chéile cómhrac 'ná Oscar. Acht atá sé ag ól & ag aoibhneas a bhfochair na Féinne, & air ghrádh hinnidhe & tanama innis dómhsa cad é h-ainm nó an bh-fuil bean agat, nó cá h-ionad ann a bhfuil, nó cionnas do fuair- is í, nó cia d'fhollaibh uaisle nó an-uaisle an domhain í?” “Inneosad féin sin duit,” a Fhinn, “Cia deacair liom é, Ioll- an Aolchrothach, mac rí na hEaspáine is ainm dom,” ar sé, “& ní h-í sin m'ainm re siubhal an domhain, acht An Macaomh Mór Mac Righ na hEaspáine. Agus tá an treas roinn san domhan aige m'athair, & i dtír Bhreógain 'san Easpáin, atá sé, & is ann atá mo bhean-sa anois, & is amhlaidh fuaireas í, eadon, lá naon dom' i bhfochair m'athar & a dubhras gur bh'olc liom gan mo dhiongabháil de mhnaoi do bheith agam; & a dubhairt m'athair liom gurab iomdha tosg ann a ndeachas riamh, & gur' bhadh chora dhom dul san tosg san, & mar fuaras an oiread san do chead m'athar d'ionnsaigheas mo long, & chuireas air mhuir í & do thógas mo sheólta bogfhóideacha, báindhearga snáithgheala a m-bárr mo chrann-seoil cómhfhada gcóimhdhíreach. Mar a mbídheadh piasta & inmhíolta na fairrge ag dul air chiumhaisibh & air bhasaibh maidídhe-rámha ag déanamh spóirt ceoil, & cuideachtan, gur seóladh fá'n bhfairrge badh thu idh mé. Agus d'fhreagair an ghaoth ghlórach, ghuasachtach, ghnímh-neart- mhar an bhréid-bharc bhiothluaimneach san; ionnas gur éirghe an dubh-fhairrge ann a tonnaibh tréana toirtemhala, & ann a buinnídhibh borba báinliatha, & ann a gleanntaibh géara grain- eamhla, & ann a cumaraibh dubha, duaibhseacha, daoránacha, & ann a cnocaibh cainteacha, cúbhránacha. Agus dár do láimhse is
mór an duadh agus an t-anfhorlann do fuaireas féin, idir chreataíbh na dtréan dtonn dtreathanmhór, air feadh tréimhse fada aimsire, gan fasg iath na n-oileán d'fhaicsin go bh-faca a gcionn na ré & na haimsire sin, sléibhte dubha, dorcha na Drollaine Móire dom' leith chlídh, & do stiúreas mo long go stuaidh-réimeach chum tíre dá hionnsaighe & tugas léiteid a taoibh de'n tráigh ghil ghainímhe doi, & téidhim a dtír air sin, & dar do láimh-se a Fhinn Mhic Chumhaill, is mó do chonnarcas ann sin 'ná ó thúis mo bheatha gus andiú, & do chumas dul ag iarraidh sgéaladh ortha & thárla aon de na sluaightibh dam & d' fhiafraigheas sgéaladh de; & a dubhairt liom nách tabharfadh sgéaladh dham ó bhí sé d'ainbhfios & d'aineolas orm gan sgéaladh bheith agam féin. Agus mar do chualadh-sa an t- anghlór san, do ghabh fearg mé, & tarraingim mo lann lead- artha líomhtha, na fágfadh fuigheall buaile na béime i n-am catha ná cruadh-cómhraic, dá bhfágfadh de'n céad scríb go n-gearrfadh & go mbearrfadh de'n dara scríb, as a truaill taisgthe & coiméadtha, & bhuaileas béim díoghla daor- bháis i gcaol na colna & i ramhair a mhuinéil air, gur theasg a cheann dá cholainn. Agus gluaisim reómham air sin do leith- imiol an aonaigh, & thárla fear eile dhamh, & d'fhiafraigheas sgéaladh dhe.” “‘Truagh san, a fhir mhóir,” ar sé, ‘is cosamhail gur i n- gleanntaibh seasgaire sléibhe, nó i gcuasaibh cnoc ceanngharbh, i mbruigheanaibh diamhaire doi-eolais, i gcuasaibh cumar nó carraigreach, nó i bpollaibh iargcúlacha do h-oilleadh tú mar nách fhuil sgéaladh na tíre, an oiléain na an oireachtais so agat.’ “Ní hamhlaidh san dómhsa, óir tá teanga gacha tíre, agus beurla gacha tuatha, & eolas gacha h-oiléain dár shiubhlas de'n domhan mhór riamh agam, & ná labhair a níos mó, acht tabh- ar sgéaladh dham nó bainfead do cheann díot. “‘Críoch na Drollaine an chríoch so,’ ar sé, ‘agus is sé ádhbhar an tionóil úd, eadhon, Inghean óg aontaighthe atá ag an righ; & tángadar forbhlátha sluaigh an domhain mhóir dá hiar- raidh, & níor aobh an rígh sin do thabhairt dóibh seach a chéile, & is í cómhairle air ar chinneadar fógradh do chur ann gach tulach & ann gach tír, teacht a gcionn bliadhna, go faithche na Drollaine Móire, & a inghean do chur i nGrianán ós a gcionn & a rogha fear do bheith aici díobh.’ “Beir se buadh & beannacht, is maith na sgéala san d'in nis tú dham, & rachadh mé-si ameasg na sluagh, & cá dóchad fear do bhéarfadh do rógha ioná mé-si féin. Agus gluaisim reómham air sin go dtárla gur an nGríanán, & do chonnarc- as an inghean ós mo chionn, & thugas rógha urchair doi, gur shaoileadar a raibh san oireachtas gur bhriseas an Grianán, & gur mharbhas an inghean. Agus ní h-amhlaidh san do bhí, óir badh shlán iad araon, & do rinne an inghean gáire gasta gean- amhail, & d'fhiafraigh ‘cread fá'r chathas í.’ “A dubhairt-sa, craad fá raibh-sí dom' fhéachain. ‘Féach cách uile & mac ríogh an domhain a d'thiomsughadh,’ ar sí, agus mar fuaras an oiread san dá h-aithne tughas lámh fá na brághaid & do thógbhas air mo gualain í, & gluaisim dom' choiscéimibh, tóireamhla, troigheasguidhe mar luas fáinle nó fearbhóige, nó mar fhiadh maol tar ghleanntaibh, nó mar luas na gaoithe glan-fhuaire a meadhon an mhíosa Márta tar mín-mhuir, agus do léigeadar na sluagha iad féin uile a'm' dhiaigh, & do ráinic dómhsa an inghean do chur am' loing rómpa, & níor bhadh áil liom a bheith mar sgéal ag an inghean orm gurab do luas mo chos do bhéarfainn liom; agus fillim air na sluaghaibh agus gabhaim da n-óirleach & dá n-áthchumtha no go rangadar trom- shlach na sluagh & na laochra a'm' thimcheall ann a mbuidheanaibh borbthréana & iomad na lámh léadmhach a' m' thuairgin, & mo crú dhá dortadh, & air na mhuthúghadh sin dómhsa iompuighim gur an luing & sguirm do ghréiseacht na bhfear, & téidhim ar dhrom-chlár na díleann, & ní h-áithristear linn ar n-imtheacht go rochtainn i d-tír Breogáinn san Easpáin dúinn. Agus is eagail linn a Fhinn gurab aimhghlic mó chor féin anocht, & go bhfuil Oscar ann a chodladh. (Le beith ar leanamhain.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services