Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óráid, Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.)

Title
Óráid, Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN GAODHAL



ORÁID



AN ATHAR UÍ MHACHÁIN AIR FHÉIS CEOIL AGUS RÍNCE
CHUMAINN GHEAN-GAEDHILGIGH BHOSTÚIN,



DIARDAOIN AN 14ADH MHEITHEAMH, 1900.



A Mhná uaisle & a Dhaoine uaisle
na h-Éireann: —



Ag iarraidh smuainte an lá
cheana air nídh éigin air a labh-
róchain libh anocht, níor thárla
ádhbhar cainte ná cómhráidh air
bith liom badh thaithneamhaighe
liom féin ioná cuairt na bain-
ríoghna Sacsanaighe go hÉirinn.
Tá sí imthighthe léi go Londuinn anois; acht beidh
cuimhne go ceann fada air an chuairt gheárr a
thug sí do'n oileán ghlas, áluinn a éirgheas ó'n
fhairrge shiar. Bhí sé dá fhichead bliadhain ó bhí sí
san tír roimhe sin; & níl ceist air bith is dóighthidhe
thárladh dar meanmain 'na fiafraighe crea
chas go h-Éirinn an uair so í, & créad tá le rádh
againn fá an nós ann ar fáiltigheadh í le muintir
na h-Éireann.



Atá dream ann a deir gur le grádh d'ár muin-
tir a tháinic sí. Nách iongantach an módh ann ar
fhás an grádh sin ó bíodar ag fághail bháis de'n
ocras, & níor tháinic sí, & níor chuir sí an chabhair
nó an sárúghadh uaithi a bhí ann a cumas. Acht ní
leanfamaoid do'n phunc so, mar ní áil linn nídh-
the géara aithiseacha do rádh faoi shean mhnaoi uasal.
Tá croidhe, gur fuil an Éireannaigh ró-uasal, ró-
árdmhéineach le dí mheas ar bith de'n tsaghas so do
thaisbéanadh nó do mhothúghadh. B'fheárr linn go
mór a chreidsin nách raibh a sáith eolais aici air
Éirinn an uair sin, & ná'ar chreid sí mar aon le
furmhór na Sacsanach, go raibh an ghorta 's an t-
ocras có fíochmharach ann Éirinn agus a deireadh
páipéir laethamhla an ama sin, nó nách raibh a sáith
ádhbhair ag Easpogaibh na hÉireann fá'n sgread
dhólásach a chuireadar uatha ag iarraidh an chongan-
ta badh chóir dóibh fhághail le na bpobal do shábháil
ó'n mbás. Is cinnte linn féin dá m-beidheadh a
sáith eolais aici air an gcuma ann a raibh an méid
sin d'ár muintir, go mbeidheadh sgéal eile againn
fúithe. Atá meas & fómós againn uirthi & creid-
imíd gur sean bhean uasal gheanamhail atá innti,
& nách féidir nách g-corróchadh stáid an náisúin a
croidhe, gidh nách raibh ínnti san am sin acht bean
an-óg. Atá fomós againn orrainn féin, & uime
sin, creidimid go hiomlán na neidhthe so.



A deir druing eile gur le súil fear óg nÉirean-
nach do mhealladh go h-arm na Sacsanach a tháinic
sí. Is cruaidh an sgéal é so, & is deacair a chreid
sin — go d-truailleóchaidís na Sacsanaigh a m-
bainríoghain air an módh sin go mbladrócaidís í
chum dula go hÉirinn air cuairt, & dá n-innseóch-
aidís an fhírinne, ní le cuairt do thabhairt air chor
air bith, acht le gnó na sgillinge do sheachadadh do
'n fhear óg Éireannach a chuirfeadh é ag cosaint
cúmhachta a dhearg-námhad. Molfaidh siad tréan-
acht na nÉireannach d'éis a mbeith curtha i dtosach
an ghleoidh, & a mbeith caithte mar mhadraibh. Is
beag an truaigh an tÉireannach gráineamhail leó
san i gcomórtas an tsaighdiúra Sacsanaigh. Má
mharbhuighthear aon duine san gcaith, is é an tÉire-
annach nó an tAlbhanach é.



Deir druing eile gur le buidheachas do thiarig-
sin do'n tír a thug dá h-arm an mhéid sin ceann-
feadhna buaidheacha & saighdiúr calma a tháinic sí.
Má's sé so fáth a cuairte, rachfaidh a buidheachas
níos mó ann maitheasa do'n tír, dá mbrosdóchadh
sí a tír féin chum an nídh atá cóir agus ceart do
dhéanamh air son na h-Éireann. Is beag an buidh-
eachas atá againn féin air na h-Éireannaighibh atá
ag troid, ionnas go marbhóchaidhís ann Africa
dheis an nídh air son a bfuilimíd ag síor-chómhrac
i n-Éirinn le céadtaibh bliadhan, & air son a
mbeidhmíd ag imreasánúghadh le congnamh Dé go
m-beidh sí gnóthaighthe go h-iomlán againn, sí sin,
ár neamh-spleachus & ár saoirse tíoramhail.



Créad tá againn le rádh fá an módh ann ar
glacadh an bhainrioghan i n-Éirinn? Ní'l nídh air
bith acht an rud a chuireas uabhar & áthas air ár
ghcroidhthibh. Ghlacadar í mar ghlacaidís sean bhean
oirdheirc air bith a bheidheadh ag cathadh sealla gearr
ann a measg. Thaisbéanadar an oiread fóghmóis
& badh dhual doi. D'fhanadar i bhfad as a bealach,
thugadar cead a cinn doi, & bhí an oiread sin aire
air a ngnódhthaibh acu go saoilfeá nách raibh deór-
aidhe coimhtheach air bith san tír. Dheimhnígheadar
go rabhadar áird-mheanmnach, aird-inntineamhail;
& ní raibh le fághail ann ameasg aon duine díth-
chéillidhe, cinn-eadtrom a chaithfeadh urchar léi, mar
caithfidhe & do caitheadh go minic le na leithéid i
móirthír na h-Eorpa. Is ádhbhar gáirdeachais agus
glóire na neidhthe so; & ní rachfaidh go deó as
chuimhne na n-Éireannach. Is cinnte go deimhin go
bhfuil an t-am fá láthair nách féidir ár muintir do
mhealladh níos mó le ceilg nó le geallamhaintibh
bréagacha, & nách féidir cladhaireacht, nó crioth-
núghadh, nó bladar do chur ortha le mórdháil ríogh-
mhalachta.



(An Críoch.)


L. 236


AN GAODHAL



Sgeal Fiannuigheachta.



An Macaomh Mor, Mac Rígh na h-Easpaine.



CAIBIDIL V.



Gluaiseas Fionn go leabaidh an fhir mhóir.



“Cread do thoisg, a Fhinn!” ar an fear
mór.



“Do d' fhiafraighe-se,” ar Fionn, “ag tabh-
airt sgéil dhuit, & mar an gcéadna ag fágh-
ail sgéil uait, ded' eachtraibh, & ded' im-
theachtaibh, agus ded' ghníomharthaibh goile agus
glan-ghaisge.”



“Ní tráth sgéalaigheachta dúinn anois é,” ar an fear mór-
“óir is olc an chiall duitse a Fhinn go mbeidhinn-se ag sgéal-
aigheacht duit-se & Oscar ann a chodhladh.”



“Ní chleachtann Oscar codhladh cómhluath sin,” ar Fionn, “&
níor iomchair an talamh trom-fhódach riamh gaisgidheach as
lúgha do dhéana dh do cheilg ar a chéile cómhrac 'ná Oscar. Acht
atá sé ag ól & ag aoibhneas a bhfochair na Féinne, & air ghrádh
hinnidhe & tanama innis dómhsa cad é h-ainm nó an bh-fuil
bean agat, nó cá h-ionad ann a bhfuil, nó cionnas do fuair-
is í, nó cia d'fhollaibh uaisle nó an-uaisle an domhain í?”



“Inneosad féin sin duit,” a Fhinn, “Cia deacair liom é, Ioll-
an Aolchrothach, mac rí na hEaspáine is ainm dom,” ar sé, “&
ní h-í sin m'ainm re siubhal an domhain, acht An Macaomh Mór
Mac Righ na hEaspáine. Agus tá an treas roinn san domhan
aige m'athair, & i dtír Bhreógain 'san Easpáin, atá sé, & is
ann atá mo bhean-sa anois, & is amhlaidh fuaireas í, eadon, lá
naon dom' i bhfochair m'athar & a dubhras gur bh'olc liom gan
mo dhiongabháil de mhnaoi do bheith agam; & a dubhairt m'athair
liom gurab iomdha tosg ann a ndeachas riamh, & gur' bhadh
chora dhom dul san tosg san, & mar fuaras an oiread san do
chead m'athar d'ionnsaigheas mo long, & chuireas air mhuir í &
do thógas mo sheólta bogfhóideacha, báindhearga snáithgheala
a m-bárr mo chrann-seoil cómhfhada gcóimhdhíreach.



Mar a mbídheadh piasta & inmhíolta na fairrge ag dul air
chiumhaisibh & air bhasaibh maidídhe-rámha ag déanamh spóirt
ceoil, & cuideachtan, gur seóladh fá'n bhfairrge badh thu idh mé.
Agus d'fhreagair an ghaoth ghlórach, ghuasachtach, ghnímh-neart-
mhar an bhréid-bharc bhiothluaimneach san; ionnas gur éirghe
an dubh-fhairrge ann a tonnaibh tréana toirtemhala, & ann a
buinnídhibh borba báinliatha, & ann a gleanntaibh géara grain-
eamhla, & ann a cumaraibh dubha, duaibhseacha, daoránacha, &
ann a cnocaibh cainteacha, cúbhránacha. Agus dár do láimhse is


L. 237


mór an duadh agus an t-anfhorlann do fuaireas féin, idir
chreataíbh na dtréan dtonn dtreathanmhór, air feadh tréimhse
fada aimsire, gan fasg iath na n-oileán d'fhaicsin go bh-faca
a gcionn na ré & na haimsire sin, sléibhte dubha, dorcha na
Drollaine Móire dom' leith chlídh, & do stiúreas mo long
go stuaidh-réimeach chum tíre dá hionnsaighe & tugas léiteid
a taoibh de'n tráigh ghil ghainímhe doi, & téidhim a dtír air sin,
& dar do láimh-se a Fhinn Mhic Chumhaill, is mó do chonnarcas
ann sin 'ná ó thúis mo bheatha gus andiú, & do chumas dul ag
iarraidh sgéaladh ortha & thárla aon de na sluaightibh dam & d'
fhiafraigheas sgéaladh de; & a dubhairt liom nách tabharfadh
sgéaladh dham ó bhí sé d'ainbhfios & d'aineolas orm gan
sgéaladh bheith agam féin. Agus mar do chualadh-sa an t-
anghlór san, do ghabh fearg mé, & tarraingim mo lann lead-
artha líomhtha, na fágfadh fuigheall buaile na béime i n-am
catha ná cruadh-cómhraic, dá bhfágfadh de'n céad scríb go
n-gearrfadh & go mbearrfadh de'n dara scríb, as a
truaill taisgthe & coiméadtha, & bhuaileas béim díoghla daor-
bháis i gcaol na colna & i ramhair a mhuinéil air, gur theasg a
cheann dá cholainn. Agus gluaisim reómham air sin do leith-
imiol an aonaigh, & thárla fear eile dhamh, & d'fhiafraigheas
sgéaladh dhe.”



“‘Truagh san, a fhir mhóir,” ar sé, ‘is cosamhail gur i n-
gleanntaibh seasgaire sléibhe, nó i gcuasaibh cnoc ceanngharbh,
i mbruigheanaibh diamhaire doi-eolais, i gcuasaibh cumar nó
carraigreach, nó i bpollaibh iargcúlacha do h-oilleadh tú mar
nách fhuil sgéaladh na tíre, an oiléain na an oireachtais
so agat.’



“Ní hamhlaidh san dómhsa, óir tá teanga gacha tíre, agus
beurla gacha tuatha, & eolas gacha h-oiléain dár shiubhlas
de'n domhan mhór riamh agam, & ná labhair a níos mó, acht tabh-
ar sgéaladh dham nó bainfead do cheann díot.



“‘Críoch na Drollaine an chríoch so,’ ar sé, ‘agus is sé
ádhbhar an tionóil úd, eadhon, Inghean óg aontaighthe atá ag an
righ; & tángadar forbhlátha sluaigh an domhain mhóir dá hiar-
raidh, & níor aobh an rígh sin do thabhairt dóibh seach a chéile,
& is í cómhairle air ar chinneadar fógradh do chur ann gach
tulach & ann gach tír, teacht a gcionn bliadhna, go faithche na
Drollaine Móire, & a inghean do chur i nGrianán ós a gcionn
& a rogha fear do bheith aici díobh.’



“Beir se buadh & beannacht, is maith na sgéala san d'in
nis tú dham, & rachadh mé-si ameasg na sluagh, & cá dóchad
fear do bhéarfadh do rógha ioná mé-si féin. Agus gluaisim
reómham air sin go dtárla gur an nGríanán, & do chonnarc-
as an inghean ós mo chionn, & thugas rógha urchair doi, gur
shaoileadar a raibh san oireachtas gur bhriseas an Grianán,
& gur mharbhas an inghean. Agus ní h-amhlaidh san do bhí, óir
badh shlán iad araon, & do rinne an inghean gáire gasta gean-
amhail, & d'fhiafraigh ‘cread fá'r chathas í.’



“A dubhairt-sa, craad fá raibh-sí dom' fhéachain. ‘Féach cách
uile & mac ríogh an domhain a d'thiomsughadh,’ ar sí, agus mar
fuaras an oiread san dá h-aithne tughas lámh fá na brághaid
& do thógbhas air mo gualain í, & gluaisim dom' choiscéimibh,
tóireamhla, troigheasguidhe mar luas fáinle nó fearbhóige,
nó mar fhiadh maol tar ghleanntaibh, nó mar luas na gaoithe
glan-fhuaire a meadhon an mhíosa Márta tar mín-mhuir, agus
do léigeadar na sluagha iad féin uile a'm' dhiaigh, & do ráinic
dómhsa an inghean do chur am' loing rómpa, & níor bhadh áil
liom a bheith mar sgéal ag an inghean orm gurab do luas mo
chos do bhéarfainn liom; agus fillim air na sluaghaibh agus
gabhaim da n-óirleach & dá n-áthchumtha no go rangadar trom-
shlach na sluagh & na laochra a'm' thimcheall ann a mbuidheanaibh
borbthréana & iomad na lámh léadmhach a' m' thuairgin, & mo
crú dhá dortadh, & air na mhuthúghadh sin dómhsa iompuighim
gur an luing & sguirm do ghréiseacht na bhfear, & téidhim ar
dhrom-chlár na díleann, & ní h-áithristear linn ar n-imtheacht
go rochtainn i d-tír Breogáinn san Easpáin dúinn. Agus
is eagail linn a Fhinn gurab aimhghlic mó chor féin anocht, & go
bhfuil Oscar ann a chodladh. (Le beith ar leanamhain.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services