Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid, Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.)
Title
Óráid, Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main"/><author><name type="main">Údair éagsúla</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">Gaodh_1900_08_09</note> <note type="L">235</note> <note type="B">1900</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>Gaodh_1900_08_09</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Údair éagsúla</author><title/></analytic><monogr> <title level="j">AN GAODHAL</title><imprint><publisher>Nolan Bros</publisher><date>1900</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>AN GAODHAL</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>ORÁID</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>AN ATHAR UÍ MHACHÁIN AIR FHÉIS CEOIL AGUS RÍNCE</span> <lb n="6"/><span>CHUMAINN GHEAN-GAEDHILGIGH BHOSTÚIN,</span></p> <lb n="7"/> <lb n="8"/><p><span>DIARDAOIN AN 14ADH MHEITHEAMH, 1900.</span></p> <lb n="9"/> <lb n="10"/><p><span>A Mhná uaisle & a Dhaoine uaisle</span> <lb n="11"/><span>na h-Éireann: —</span></p> <lb n="12"/> <lb n="13"/><p><span>Ag iarraidh smuainte an lá</span> <lb n="14"/><span>cheana air nídh éigin air a labh-</span> <lb n="15"/><span>róchain libh anocht, níor thárla</span> <lb n="16"/><span>ádhbhar cainte ná cómhráidh air</span> <lb n="17"/><span>bith liom badh thaithneamhaighe</span> <lb n="18"/><span>liom féin ioná cuairt na bain-</span> <lb n="19"/><span>ríoghna Sacsanaighe go hÉirinn.</span> <lb n="20"/><span>Tá sí imthighthe léi go Londuinn anois; acht beidh</span> <lb n="21"/><span>cuimhne go ceann fada air an chuairt gheárr a</span> <lb n="22"/><span>thug sí do'n oileán ghlas, áluinn a éirgheas ó'n</span> <lb n="23"/><span>fhairrge shiar. Bhí sé dá fhichead bliadhain ó bhí sí</span> <lb n="24"/><span>san tír roimhe sin; & níl ceist air bith is dóighthidhe</span> <lb n="25"/><span>thárladh dar meanmain 'na fiafraighe crea</span> <lb n="26"/><span>chas go h-Éirinn an uair so í, & créad tá le rádh</span> <lb n="27"/><span>againn fá an nós ann ar fáiltigheadh í le muintir</span> <lb n="28"/><span>na h-Éireann.</span></p> <lb n="29"/> <lb n="30"/><p><span>Atá dream ann a deir gur le grádh d'ár muin-</span> <lb n="31"/><span>tir a tháinic sí. Nách iongantach an módh ann ar</span> <lb n="32"/><span>fhás an grádh sin ó bíodar ag fághail bháis de'n</span> <lb n="33"/><span>ocras, & níor tháinic sí, & níor chuir sí an chabhair</span> <lb n="34"/><span>nó an sárúghadh uaithi a bhí ann a cumas. Acht ní</span> <lb n="35"/><span>leanfamaoid do'n phunc so, mar ní áil linn nídh-</span> <lb n="36"/><span>the géara aithiseacha do rádh faoi shean mhnaoi uasal.</span> <lb n="37"/><span>Tá croidhe, gur fuil an Éireannaigh ró-uasal, ró-</span> <lb n="38"/><span>árdmhéineach le dí mheas ar bith de'n tsaghas so do</span> <lb n="39"/><span>thaisbéanadh nó do mhothúghadh. B'fheárr linn go</span> <lb n="40"/><span>mór a chreidsin nách raibh a sáith eolais aici air</span> <lb n="41"/><span>Éirinn an uair sin, & ná'ar chreid sí mar aon le</span> <lb n="42"/><span>furmhór na Sacsanach, go raibh an ghorta 's an t-</span> <lb n="43"/><span>ocras có fíochmharach ann Éirinn agus a deireadh</span> <lb n="44"/><span>páipéir laethamhla an ama sin, nó nách raibh a sáith</span> <lb n="45"/><span>ádhbhair ag Easpogaibh na hÉireann fá'n sgread</span> <lb n="46"/><span>dhólásach a chuireadar uatha ag iarraidh an chongan-</span> <lb n="47"/><span>ta badh chóir dóibh fhághail le na bpobal do shábháil</span> <lb n="48"/><span>ó'n mbás. Is cinnte linn féin dá m-beidheadh a</span> <lb n="49"/><span>sáith eolais aici air an gcuma ann a raibh an méid</span> <lb n="50"/><span>sin d'ár muintir, go mbeidheadh sgéal eile againn</span> <lb n="51"/><span>fúithe. Atá meas & fómós againn uirthi & creid-</span> <lb n="52"/><span>imíd gur sean bhean uasal gheanamhail atá innti,</span> <lb n="53"/><span>& nách féidir nách g-corróchadh stáid an náisúin a</span> <lb n="54"/><span>croidhe, gidh nách raibh ínnti san am sin acht bean</span> <lb n="55"/><span>an-óg. Atá fomós againn orrainn féin, & uime</span> <lb n="56"/><span>sin, creidimid go hiomlán na neidhthe so.</span></p> <lb n="57"/> <lb n="58"/><p><span>A deir druing eile gur le súil fear óg nÉirean-</span> <lb n="59"/><span>nach do mhealladh go h-arm na Sacsanach a tháinic</span> <lb n="60"/><span>sí. Is cruaidh an sgéal é so, & is deacair a chreid</span> <lb n="61"/><span>sin — go d-truailleóchaidís na Sacsanaigh a m-</span> <lb n="62"/><span>bainríoghain air an módh sin go mbladrócaidís í</span> <lb n="63"/><span>chum dula go hÉirinn air cuairt, & dá n-innseóch-</span> <lb n="64"/><span>aidís an fhírinne, ní le cuairt do thabhairt air chor</span> <lb n="65"/><span>air bith, acht le gnó na sgillinge do sheachadadh do</span> <lb n="66"/><span>'n fhear óg Éireannach a chuirfeadh é ag cosaint</span> <lb n="67"/><span>cúmhachta a dhearg-námhad. Molfaidh siad tréan-</span> <lb n="68"/><span>acht na nÉireannach d'éis a mbeith curtha i dtosach</span> <lb n="69"/><span>an ghleoidh, & a mbeith caithte mar mhadraibh. Is</span> <lb n="70"/><span>beag an truaigh an tÉireannach gráineamhail leó</span> <lb n="71"/><span>san i gcomórtas an tsaighdiúra Sacsanaigh. Má</span> <lb n="72"/><span>mharbhuighthear aon duine san gcaith, is é an tÉire-</span> <lb n="73"/><span>annach nó an tAlbhanach é.</span></p> <lb n="74"/> <lb n="75"/><p><span>Deir druing eile gur le buidheachas do thiarig-</span> <lb n="76"/><span>sin do'n tír a thug dá h-arm an mhéid sin ceann-</span> <lb n="77"/><span>feadhna buaidheacha & saighdiúr calma a tháinic sí.</span> <lb n="78"/><span>Má's sé so fáth a cuairte, rachfaidh a buidheachas</span> <lb n="79"/><span>níos mó ann maitheasa do'n tír, dá mbrosdóchadh</span> <lb n="80"/><span>sí a tír féin chum an nídh atá cóir agus ceart do</span> <lb n="81"/><span>dhéanamh air son na h-Éireann. Is beag an buidh-</span> <lb n="82"/><span>eachas atá againn féin air na h-Éireannaighibh atá</span> <lb n="83"/><span>ag troid, ionnas go marbhóchaidhís ann Africa</span> <lb n="84"/><span>dheis an nídh air son a bfuilimíd ag síor-chómhrac</span> <lb n="85"/><span>i n-Éirinn le céadtaibh bliadhan, & air son a</span> <lb n="86"/><span>mbeidhmíd ag imreasánúghadh le congnamh Dé go</span> <lb n="87"/><span>m-beidh sí gnóthaighthe go h-iomlán againn, sí sin,</span> <lb n="88"/><span>ár neamh-spleachus & ár saoirse tíoramhail.</span></p> <lb n="89"/> <lb n="90"/><p><span>Créad tá againn le rádh fá an módh ann ar</span> <lb n="91"/><span>glacadh an bhainrioghan i n-Éirinn? Ní'l nídh air</span> <lb n="92"/><span>bith acht an rud a chuireas uabhar & áthas air ár</span> <lb n="93"/><span>ghcroidhthibh. Ghlacadar í mar ghlacaidís sean bhean</span> <lb n="94"/><span>oirdheirc air bith a bheidheadh ag cathadh sealla gearr</span> <lb n="95"/><span>ann a measg. Thaisbéanadar an oiread fóghmóis</span> <lb n="96"/><span>& badh dhual doi. D'fhanadar i bhfad as a bealach,</span> <lb n="97"/><span>thugadar cead a cinn doi, & bhí an oiread sin aire</span> <lb n="98"/><span>air a ngnódhthaibh acu go saoilfeá nách raibh deór-</span> <lb n="99"/><span>aidhe coimhtheach air bith san tír. Dheimhnígheadar</span> <lb n="100"/><span>go rabhadar áird-mheanmnach, aird-inntineamhail;</span> <lb n="101"/><span>& ní raibh le fághail ann ameasg aon duine díth-</span> <lb n="102"/><span>chéillidhe, cinn-eadtrom a chaithfeadh urchar léi, mar</span> <lb n="103"/><span>caithfidhe & do caitheadh go minic le na leithéid i</span> <lb n="104"/><span>móirthír na h-Eorpa. Is ádhbhar gáirdeachais agus</span> <lb n="105"/><span>glóire na neidhthe so; & ní rachfaidh go deó as</span> <lb n="106"/><span>chuimhne na n-Éireannach. Is cinnte go deimhin go</span> <lb n="107"/><span>bhfuil an t-am fá láthair nách féidir ár muintir do</span> <lb n="108"/><span>mhealladh níos mó le ceilg nó le geallamhaintibh</span> <lb n="109"/><span>bréagacha, & nách féidir cladhaireacht, nó crioth-</span> <lb n="110"/><span>núghadh, nó bladar do chur ortha le mórdháil ríogh-</span> <lb n="111"/><span>mhalachta.</span></p> <lb n="112"/> <lb n="113"/><p><span>(An Críoch.)</span> <lb n="114"/></p> </div> <pb n="236"/> <div><lb n="115"/><p><span>AN GAODHAL</span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>Sgeal Fiannuigheachta.</span></p> <lb n="118"/> <lb n="119"/><p><span>An Macaomh Mor, Mac Rígh na h-Easpaine.</span></p> <lb n="120"/> <lb n="121"/><p><span>CAIBIDIL V.</span></p> <lb n="122"/> <lb n="123"/><p><span>Gluaiseas Fionn go leabaidh an fhir mhóir.</span></p> <lb n="124"/> <lb n="125"/><p><span>“Cread do thoisg, a Fhinn!” ar an fear</span> <lb n="126"/><span>mór.</span></p> <lb n="127"/> <lb n="128"/><p><span>“Do d' fhiafraighe-se,” ar Fionn, “ag tabh-</span> <lb n="129"/><span>airt sgéil dhuit, & mar an gcéadna ag fágh-</span> <lb n="130"/><span>ail sgéil uait, ded' eachtraibh, & ded' im-</span> <lb n="131"/><span>theachtaibh, agus ded' ghníomharthaibh goile agus</span> <lb n="132"/><span>glan-ghaisge.”</span></p> <lb n="133"/> <lb n="134"/><p><span>“Ní tráth sgéalaigheachta dúinn anois é,” ar an fear mór-</span> <lb n="135"/><span>“óir is olc an chiall duitse a Fhinn go mbeidhinn-se ag sgéal-</span> <lb n="136"/><span>aigheacht duit-se & Oscar ann a chodhladh.”</span></p> <lb n="137"/> <lb n="138"/><p><span>“Ní chleachtann Oscar codhladh cómhluath sin,” ar Fionn, “&</span> <lb n="139"/><span>níor iomchair an talamh trom-fhódach riamh gaisgidheach as</span> <lb n="140"/><span>lúgha do dhéana dh do cheilg ar a chéile cómhrac 'ná Oscar. Acht</span> <lb n="141"/><span>atá sé ag ól & ag aoibhneas a bhfochair na Féinne, & air ghrádh</span> <lb n="142"/><span>hinnidhe & tanama innis dómhsa cad é h-ainm nó an bh-fuil</span> <lb n="143"/><span>bean agat, nó cá h-ionad ann a bhfuil, nó cionnas do fuair-</span> <lb n="144"/><span>is í, nó cia d'fhollaibh uaisle nó an-uaisle an domhain í?”</span></p> <lb n="145"/> <lb n="146"/><p><span>“Inneosad féin sin duit,” a Fhinn, “Cia deacair liom é, Ioll-</span> <lb n="147"/><span>an Aolchrothach, mac rí na hEaspáine is ainm dom,” ar sé, “&</span> <lb n="148"/><span>ní h-í sin m'ainm re siubhal an domhain, acht An Macaomh Mór</span> <lb n="149"/><span>Mac Righ na hEaspáine. Agus tá an treas roinn san domhan</span> <lb n="150"/><span>aige m'athair, & i dtír Bhreógain 'san Easpáin, atá sé, & is</span> <lb n="151"/><span>ann atá mo bhean-sa anois, & is amhlaidh fuaireas í, eadon, lá</span> <lb n="152"/><span>naon dom' i bhfochair m'athar & a dubhras gur bh'olc liom gan</span> <lb n="153"/><span>mo dhiongabháil de mhnaoi do bheith agam; & a dubhairt m'athair</span> <lb n="154"/><span>liom gurab iomdha tosg ann a ndeachas riamh, & gur' bhadh</span> <lb n="155"/><span>chora dhom dul san tosg san, & mar fuaras an oiread san do</span> <lb n="156"/><span>chead m'athar d'ionnsaigheas mo long, & chuireas air mhuir í &</span> <lb n="157"/><span>do thógas mo sheólta bogfhóideacha, báindhearga snáithgheala</span> <lb n="158"/><span>a m-bárr mo chrann-seoil cómhfhada gcóimhdhíreach.</span></p> <lb n="159"/> <lb n="160"/><p><span>Mar a mbídheadh piasta & inmhíolta na fairrge ag dul air</span> <lb n="161"/><span>chiumhaisibh & air bhasaibh maidídhe-rámha ag déanamh spóirt</span> <lb n="162"/><span>ceoil, & cuideachtan, gur seóladh fá'n bhfairrge badh thu idh mé.</span> <lb n="163"/><span>Agus d'fhreagair an ghaoth ghlórach, ghuasachtach, ghnímh-neart-</span> <lb n="164"/><span>mhar an bhréid-bharc bhiothluaimneach san; ionnas gur éirghe</span> <lb n="165"/><span>an dubh-fhairrge ann a tonnaibh tréana toirtemhala, & ann a</span> <lb n="166"/><span>buinnídhibh borba báinliatha, & ann a gleanntaibh géara grain-</span> <lb n="167"/><span>eamhla, & ann a cumaraibh dubha, duaibhseacha, daoránacha, &</span> <lb n="168"/><span>ann a cnocaibh cainteacha, cúbhránacha. Agus dár do láimhse is</span></p> </div> <pb n="237"/> <div><lb n="169"/><p><span>mór an duadh agus an t-anfhorlann do fuaireas féin, idir</span> <lb n="170"/><span>chreataíbh na dtréan dtonn dtreathanmhór, air feadh tréimhse</span> <lb n="171"/><span>fada aimsire, gan fasg iath na n-oileán d'fhaicsin go bh-faca</span> <lb n="172"/><span>a gcionn na ré & na haimsire sin, sléibhte dubha, dorcha na</span> <lb n="173"/><span>Drollaine Móire dom' leith chlídh, & do stiúreas mo long</span> <lb n="174"/><span>go stuaidh-réimeach chum tíre dá hionnsaighe & tugas léiteid</span> <lb n="175"/><span>a taoibh de'n tráigh ghil ghainímhe doi, & téidhim a dtír air sin,</span> <lb n="176"/><span>& dar do láimh-se a Fhinn Mhic Chumhaill, is mó do chonnarcas</span> <lb n="177"/><span>ann sin 'ná ó thúis mo bheatha gus andiú, & do chumas dul ag</span> <lb n="178"/><span>iarraidh sgéaladh ortha & thárla aon de na sluaightibh dam & d'</span> <lb n="179"/><span>fhiafraigheas sgéaladh de; & a dubhairt liom nách tabharfadh</span> <lb n="180"/><span>sgéaladh dham ó bhí sé d'ainbhfios & d'aineolas orm gan</span> <lb n="181"/><span>sgéaladh bheith agam féin. Agus mar do chualadh-sa an t-</span> <lb n="182"/><span>anghlór san, do ghabh fearg mé, & tarraingim mo lann lead-</span> <lb n="183"/><span>artha líomhtha, na fágfadh fuigheall buaile na béime i n-am</span> <lb n="184"/><span>catha ná cruadh-cómhraic, dá bhfágfadh de'n céad scríb go</span> <lb n="185"/><span>n-gearrfadh & go mbearrfadh de'n dara scríb, as a</span> <lb n="186"/><span>truaill taisgthe & coiméadtha, & bhuaileas béim díoghla daor-</span> <lb n="187"/><span>bháis i gcaol na colna & i ramhair a mhuinéil air, gur theasg a</span> <lb n="188"/><span>cheann dá cholainn. Agus gluaisim reómham air sin do leith-</span> <lb n="189"/><span>imiol an aonaigh, & thárla fear eile dhamh, & d'fhiafraigheas</span> <lb n="190"/><span>sgéaladh dhe.”</span></p> <lb n="191"/> <lb n="192"/><p><span>“‘Truagh san, a fhir mhóir,” ar sé, ‘is cosamhail gur i n-</span> <lb n="193"/><span>gleanntaibh seasgaire sléibhe, nó i gcuasaibh cnoc ceanngharbh,</span> <lb n="194"/><span>i mbruigheanaibh diamhaire doi-eolais, i gcuasaibh cumar nó</span> <lb n="195"/><span>carraigreach, nó i bpollaibh iargcúlacha do h-oilleadh tú mar</span> <lb n="196"/><span>nách fhuil sgéaladh na tíre, an oiléain na an oireachtais</span> <lb n="197"/><span>so agat.’</span></p> <lb n="198"/> <lb n="199"/><p><span>“Ní hamhlaidh san dómhsa, óir tá teanga gacha tíre, agus</span> <lb n="200"/><span>beurla gacha tuatha, & eolas gacha h-oiléain dár shiubhlas</span> <lb n="201"/><span>de'n domhan mhór riamh agam, & ná labhair a níos mó, acht tabh-</span> <lb n="202"/><span>ar sgéaladh dham nó bainfead do cheann díot.</span></p> <lb n="203"/> <lb n="204"/><p><span>“‘Críoch na Drollaine an chríoch so,’ ar sé, ‘agus is sé</span> <lb n="205"/><span>ádhbhar an tionóil úd, eadhon, Inghean óg aontaighthe atá ag an</span> <lb n="206"/><span>righ; & tángadar forbhlátha sluaigh an domhain mhóir dá hiar-</span> <lb n="207"/><span>raidh, & níor aobh an rígh sin do thabhairt dóibh seach a chéile,</span> <lb n="208"/><span>& is í cómhairle air ar chinneadar fógradh do chur ann gach</span> <lb n="209"/><span>tulach & ann gach tír, teacht a gcionn bliadhna, go faithche na</span> <lb n="210"/><span>Drollaine Móire, & a inghean do chur i nGrianán ós a gcionn</span> <lb n="211"/><span>& a rogha fear do bheith aici díobh.’</span></p> <lb n="212"/> <lb n="213"/><p><span>“Beir se buadh & beannacht, is maith na sgéala san d'in</span> <lb n="214"/><span>nis tú dham, & rachadh mé-si ameasg na sluagh, & cá dóchad</span> <lb n="215"/><span>fear do bhéarfadh do rógha ioná mé-si féin. Agus gluaisim</span> <lb n="216"/><span>reómham air sin go dtárla gur an nGríanán, & do chonnarc-</span> <lb n="217"/><span>as an inghean ós mo chionn, & thugas rógha urchair doi, gur</span> <lb n="218"/><span>shaoileadar a raibh san oireachtas gur bhriseas an Grianán,</span> <lb n="219"/><span>& gur mharbhas an inghean. Agus ní h-amhlaidh san do bhí, óir</span> <lb n="220"/><span>badh shlán iad araon, & do rinne an inghean gáire gasta gean-</span> <lb n="221"/><span>amhail, & d'fhiafraigh ‘cread fá'r chathas í.’</span></p> <lb n="222"/> <lb n="223"/><p><span>“A dubhairt-sa, craad fá raibh-sí dom' fhéachain. ‘Féach cách</span> <lb n="224"/><span>uile & mac ríogh an domhain a d'thiomsughadh,’ ar sí, agus mar</span> <lb n="225"/><span>fuaras an oiread san dá h-aithne tughas lámh fá na brághaid</span> <lb n="226"/><span>& do thógbhas air mo gualain í, & gluaisim dom' choiscéimibh,</span> <lb n="227"/><span>tóireamhla, troigheasguidhe mar luas fáinle nó fearbhóige,</span> <lb n="228"/><span>nó mar fhiadh maol tar ghleanntaibh, nó mar luas na gaoithe</span> <lb n="229"/><span>glan-fhuaire a meadhon an mhíosa Márta tar mín-mhuir, agus</span> <lb n="230"/><span>do léigeadar na sluagha iad féin uile a'm' dhiaigh, & do ráinic</span> <lb n="231"/><span>dómhsa an inghean do chur am' loing rómpa, & níor bhadh áil</span> <lb n="232"/><span>liom a bheith mar sgéal ag an inghean orm gurab do luas mo</span> <lb n="233"/><span>chos do bhéarfainn liom; agus fillim air na sluaghaibh agus</span> <lb n="234"/><span>gabhaim da n-óirleach & dá n-áthchumtha no go rangadar trom-</span> <lb n="235"/><span>shlach na sluagh & na laochra a'm' thimcheall ann a mbuidheanaibh</span> <lb n="236"/><span>borbthréana & iomad na lámh léadmhach a' m' thuairgin, & mo</span> <lb n="237"/><span>crú dhá dortadh, & air na mhuthúghadh sin dómhsa iompuighim</span> <lb n="238"/><span>gur an luing & sguirm do ghréiseacht na bhfear, & téidhim ar</span> <lb n="239"/><span>dhrom-chlár na díleann, & ní h-áithristear linn ar n-imtheacht</span> <lb n="240"/><span>go rochtainn i d-tír Breogáinn san Easpáin dúinn. Agus</span> <lb n="241"/><span>is eagail linn a Fhinn gurab aimhghlic mó chor féin anocht, & go</span> <lb n="242"/><span>bhfuil Oscar ann a chodladh. (Le beith ar leanamhain.)</span></p> <lb n="243"/> <lb n="244"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services