Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeul Chionnfhaoilidh, - leanta
Title
Sgeul Chionnfhaoilidh, - leanta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
An Gaodhal
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgeul Chionnfhaoilidh, —leanta. ainm dí bioróg an t-sléibhe, go ndeár nadh sé comhrádh léithe. D'innis sí dhó go rabh aon inghean amháin ag Balor, & go rabh sé i d-tearagracht go m-beidheadh sí in a siocair bháis dhó, & go gabh sí anois aige i n-dún áluinn ar oileán Arann & dhá-reug de mhnáibh dh'a coimhdeacht. Bhí cuing orra gan aon fhear a leigean ar an oileán, & ní shé sin amháin, ach gan labhairt ar ainm fear in a cómhair. Bhí go maith. I g-ceann tamuill in a dhiaidh seo rinne an Bhioróg bean áluinn de Chionnfhaoilidh, do chinn i sgéimh i n- dreach & i n-deilbh ar mhnáibh an t-saoigh- il. & do chroch léithe é ar bhár na d-tonn anonn treasna an chaol-loch go Dún- Eidne. D'iarr sí lóistín na h-oidhche de bhain- ríoghan óg a shábháil sí, a dubhairt sí, ó na h-Allmhuraighidh do bhí dh'a goid leobhtha do' n Domhan Shoir. Mar bhí aithne mhaith ag na mnáibh coimhdeachta ar Bhioróg an t-Sléibhe, ní leigfeadh an faitchíos dóibh í obadh faoi lóistín na h-oidhche, & do leigdear asteach i. Ní rabh sí bh-ad astigh no gur chuir sí trom-shuan dodalta ar na mnáibh, agus sul do dhúisigh fíad, d' fhuadaigh sí léithe Cionnfhaoilidh ar ais go Druim-na-Tein- eadh. 'Nuair a músgail na mná coimhdeach- ta, d'innis Eidne dóibh go rabh sí i n- grádh leis an mnaoi uasal, & go m-budh mhaith leithe í bheith aici ins an g-caisleán i g-comhnuidhe. Ní dhearna na mná acht magadh fúiche, ag rádh gur ag aisling a bhí sí; ach i gcionn bliadhna 'na dhiaidh so do rug sí triúr mac. Chuir an droch-sgeul so imnidhe mhór ar Bhalor; bhí eagla air go mb' fhéidir gur le n-a linn do gheobhadh sé fhéin bhás. Do cheangail sé suas iad i mbráithlín le dealg no biorán & do teilgeadh as- teach ins an uisge iad ins an áit ar a ngoirtear Port-na Dealg indiú; & is sé úghdar na h-anma. Shaoil Balor go rabh an bealach réidh anois, ó tharla gur chuir sé, dar leis féin, na leanba chum bháis.
Ach thuit an biorán as an mbraithlín & sgior cean de na leanbaibh amach ais- ti — scuab an Bhean-Sídhe léithe é go dtí a athair; thug an t-athair d'a dhearbhrá- thair é le n- oileamhuint, & le ceird na gaibhneachta do mhúnadh dhó, mur budh í 'n cheird do b' fheárr & budh mheasamhla in Éirinn ins an am sin í. D'fhás an t-oidhre suas in a óglaoch mhór, aigeanta, lúthmhar & bhí cion mór ag Balor air, ach ní rabh fhios aige gur mac inghine dhó féin a bhí ann. Sealad tamall in a dhiaidh sin, d’inn- is draoi do Bhalor gur b’é Cionnfhaoil- idh athair na cloinne rug a inghean Eid- ne. Chuir sin eagla mhór air, & d'imthigh leis gur chruinnigh sé díorma the na h- Allmhuraighibh. Ghabhadar Cionnfhaoilidh & mharbhadar é. Tá 'n cloch air ar bain- eadh an ceann de le feicsint ag fear ghabhailte 'n bhealaigh indiú. Thóig Mhisbi Mór Olpherts leachta Chionnfhaoilidh sé-troighthe-deug ar áirde ar chloch mharmhuir, ins an mbliadhain 1793: 'Sé ainm na h-áite 'nois "Cloch- Chionnfhaoilidh." D'ionnsuigh Balor arís ag slad na tíre gan eagla roimh fearaibh fáil; ó chuir sé Cionnfhaoilidh dh'a chois, shaoil sé go rabh an báire leis. Mur ba ghnáthach, thigeadh sé go cheardchan Ghaibhide ag lea- sughadh a chuid arm-troda, gidh na rabh fáilte ar bith ag an dalta óg roimhe, óir bhí fhios aige go maith gur b'é mharbhuidh a athair& go ndearadh sé a dhithchioll é fhéin do chur de 'n t-saoghal. Ach b'éigin dhó faire ar uain & tráth le díoghaltas do dheunamh air mar do thuill sé. Tháinic an lá sin faoi dheir- eadh ná'r bh'fhéidir leis an g-curadh an bás a bhí i ndán dó a sheachaint. Lá amháin, tharla go rabh Gaibhide ó bhaile, & bhí cúram na ceártchan ar an ngabha óg, bhí Balor ag gabhail an bheal- aigh. & thainic sé 'steach, & bhí fonn mór cainte air. Thoisigh sé ag deunadh gais- ge & mion-chómhrádh leis an óganach óg as fomhas is chuir sé Cionnfhaoilidh as a bhealach... Chuir sin fearg mhillteach ar an óglaoch — bhí bior mór iarann ins an teine aige dh'á dheargadh — rug sé air & sháith sé asteach i ndroch-shúil Bhal- or é, & thuit Rígh na bhFámaire marbh ar úrlár na ceártchan. Beannacht Dé le h-anam na marbh. (Críoch) Goillís na g-COS DUBH. (Leanta ó dhuithaobh 74, 6adh Uimhir). "Ní rabh aon t-soitheach a tastáil," ar an t-sean bhean, "bhí an soitheach uis- ge fágtha taobh amuigh de'n teach." Cad chuige nach bhfuil sí ar a h-ais roimhe seo?" ar Goillís. "Mar tá an tobar trí mhíle ó'n áit seo & tá an bóthar olc," ars an chaill- each. Ghlaodh Goillís arís, "Thug tú d'éidh- each, chonnairc mé tobar & srothán uisge ceathramhadh míle ó'n áit seo nuair bhí mé teacht." D'fhan an t-sean bhean le leath-mhóim- eud in a tost, & in sin d'fhreagair sí, "Ní fheudann duine ar bith an t-uisge sin ól, tá sé searbh." "Ní chreidim thú," arsa Goillís, "is breuga indhiaigh a chéile tá tú ag inns- int." Bhí inghean an Righ sganruighthe go mór leis an obair a bhí ar aghaidh, & ní rabh fhios aici creud do bhí ann. Bhí 'n cod- ladh in a súílibh fós, & d' fheuch sí mar do bheodh sí bodhruighthe leis an troid & an sgreadaoil. "Cad d'éirigh dhuit in ainm Dé, Ghoil- lís, O innis dam é," ar sí, "& ná tacht an bean bhocht, fág í, ná bain le mnaoi laig." Ach cia b'é 'n t-amhrus do bhí ag Goil- lís i dtosach ní rabh amhrus ar bith air anois nach rabh an chailleach ag imirt feille orra, & d'innis sé 'n t-iomlán i gcúpla focal do'n mhnaoi óig, & dubhairt sé go mbudh shí a chomhaire-sean an chail- leach do cheangailt le córda ar eagla go leanfadh sí iad no go ndeunfadh sí dochar ar bith dhóibh, & an teach fhágbháil ar an b-puinnte sin.
"Is agad-sa tá 'n fios is feárr," ar san bhain-phrionsa, 'gur deunfaidh mise rud ar bith a déarfas tú liom." "Feicim rópa in sin annsan gclúid," ar Goillís, "& seachad dam é." Sheachad sise an rópa dhó. Cheangail sé lámha na caillighe taobh shair dí ar a druim, & d'fháisg sé a cosa le cheile, & leag ar a druim ar an urlár í, riocht nach dtiocfadh léithe corrughadh, & insin d'fhágadar an teach 'réis a bpócaidh líonadh leis an mbeagán aráin duibh a bhí ann. Bhí 'n oidhche dorcha, & ní rabh fhios aca cad é an bealach do b'fhearr dóibh a dhul ach bhí an oiread sin d'fhaitchíos orra gur budh chuma leo sin, bhí siad sásta an teach malluighthe sin d'fhágbháil in a n diaigh, & rinne siad an oiread deifre & d'fheud siad ins an oidhche, ag briseadh bóthar dóibh féin ameasg na g-crann & na sgeach. Tháinic an ghealach amach faoi dheire go geal, & fuair siad go rabh siad i réidhteach mhór lán de choilltibh beaga crann, & de chrannaibh móra ag fás leo féin, & bhí 'n feur fada & tiugh ann. Ní rabh fhios aca cad do b'fheárr dóibh a dheunamh anois, ná 'n bóthar do b'fheárr dóibh a leanamhuint, & mar sin rinnead ar cómhairle eatorra féin go mbíodh sé cho maith dóibh fanamhuint mar bhí siad go dtí an mhaidin, &, in sin, b'fhéidir go dtiocfadh leo cosán buailte, no bóthar éigin d'fhághail, do bhéarfadh amach iad go tír a rabh daoine ann, arís. Dubhairt Goillís go mb-fheárr dóibh a dhul suas i gcrann air eagla go bhfeic- fidhe iad, no go ndeunfadh beitheach no rud ar bith eile aon anachain no dochar dóibh dá bhfanfaidís mar bhí siad, & bhí inghean an Righ réidh le dhul in áit ar bith budh mhian leisean, mar budh aige-sean bhí an chomhairle b'fhearr, ó'n lá d'fhág siad an baile, & bhí sise fóghluim taobh mhór a thabhairt dhó, & go mór mhór anois ó chuaidh sí cho fogus sin a bheith caillte mar gheall ar a h-óinseamhlacht féin an uair nár éist sí leis, an tráth luigh sí faoi 'n gcrann in a h-aonar. Chuaidh siad suas in sin ins an gcrann budh mhó acu, a rabh a gheugáin in aice leis an talamh, & chuaidh Goillís ar d' tús, & tharraing sé inghean-an-righ in a dhiaigh. Ní rabh siad bhfad i bhfolach insin no gur chualaidh siad torann mór ag teacht, mar dhuine éigin ag briseadh thre na sgeachaibh & i briseadh na gcipín faoi n-a chois. Tháinic an rud níos foigse & níos foigse, & faoi dheire chonnacadar go soiléir gur b'é an fathach do bhí ann, & bhí inghean na sean-chaillighe ag rith le n-a taobh. Chuaidh siad thart go díreach faoi 'n gcrann, in a rabh an bheirt in a luidhe, & chualaidh siad é ag rádh le ingh- ean na caillighe. "Budh chóir dúinn bheith in am le breith or- ra, ní raca sise as mo láimh arís. Is faide liom ná uair gach móimeud no go leagfaidh mé mo mheura uirri." Do chraith an bhean óg nuair chualaidh sí na focla áibheula sin, & rug sí ar láimh Ghoillís, & d'fháisg sí í, le taisb- eáint dhó an meud buidheachais do bhí ai- ci air ar son a chomhairle-sean an both- án d'fhágbháil go tráthamhuil. Chuaidh an fathach & a chomráid ar n-aghaidh rómpa & bhí siad gan mhoill imthighthe as a radharc. "Nois," ar Goillís, "nach rabh an t-ágh orrainn dhul suas ins an gcrann?" & d'fhreagair an mhaighdion, "Is anamh nach mbidheann an t-ágh ar an rud a chuireas tusa romhat." Agus bhí luthgáir mhór ar Ghoillís in sin, mar b'é sin an cheud mholadh a thug sí ariamh dhó. Bhí siad eidir dhá chomhairle in sin, fan- amhuint ins an áit a rabh said go dti 'n mhaidin, no teacht anuas & rith leo an taobh b'fhaide ó n' taobh a chuaidh an fa- thach. Bhí an oiread faitchís orra go d tiocfeadh sé ar a ais an bealach ceud- na, gur shaoil siad go mb' fheárr dóibh a theacht anuas & leanamhuint d'a siúbh- al. Rinne siad sin, & níor sguir siad d'a gcoisigheacht cho fad as bhí ionnta siúbhal, no gur éirigh an ghrian & fuair siad iad fein ar bhruach na coille móir- e. (le bheith leanta)
SLIABH NA m-BAN Is aoth liom féinidh an lae úd, Do dhul ar Ghaodhail bocht a's na céadta shlad; Mar tá na méirlidh ag déanadh gáme dínn, Dá radh nach aon nídh leó pice na sleagh: Níor tháinic ár major a dtús an lae chugainn. A's ní rabhamar féin ann a g-cóir ná g-ceart, Acht mar sheólfuidhe aoidhcaracht bó gan aodhaire, Ar taobh na gréine do Shliabh na m-Ban! Mo leun léir ar an dream gan éifeacht, Nar -an le séirim a's oidhche stad; Go m-biadh duichidhe Déiseach a's Iarthar Eireann, Ag triall le chéile ó'n tír i n-deas: Do bheith ar g-campuidhe déanta le fórsaighe treana, Biadh comhnadh Dé linn san t-saoghal ar fad, A's ní dhíolfadh méirleach do mhuintir Néill sinn. Acht buadhfaidh an sway linn ar Shliabh na m-Ban! Is é Ros do bhreoidh a's do chlaoidh go deo sinn, Mar ar fuigeadh mór chuid dínn sínte, lag; Leanbhaidhe óga na smól ann dóite, A's an mhéid d'fhan beó dhíobh coir cladhrídh sgaint; Geallaim fos díbh an te rinn an Fódhla Go m-biadham a g-cór dó le píce a's sleagh, A's go g-cuirfeam Gheomen ag mún na m-bróga, Ag díol a g-comhair leó ar Shliabh na m-Ban! Is iomdha fear aosda á s crobhaire gléigeal, O'n am go chéile do gabhadh le seal; 'Na bh-fuil córduige caola ag buaim lúth a n-géagdhal, A n-domsrun daora go doimhin faoi ghlas Gárdaige taobh leó na leámhtha sméid orra, Do dhéanfadh plé dóibh a d-tír tar lear, Da d-tabhairt saor ó na námhaid gan baodhchus, A n-am an t saothair ar Shliabh na mBan! Tá 'n Francach faobhrach 'sa loingeas gléasta Le crannaibh géara ar muir le seal; Is é síor sgéala go bh-fuil a d-triall go h-Eire, A's go g-cuirfid Gaodhail bhoicht arís na g-ceart: Dá madh dhóith liom féin go m'fhíor an sgéal sin, Bheith mo chroidhe chomh h-éadtrom le lon ar nead, Go m-biadh claoidh ar mhéirlidh san adharc dá séide, Ar thaobh na gréine do Shliabh na m-Ban! Ta na cóbáigh ag iarraidh eoluis, Tá 'n aimsir óg 'san chabhair ag teacht; An té mheill na gnódhta is é leighisfeas fós iad, A's ní dhíolfam feoirling leo cíos ná sraith, Píosa cróinneach an chuid is mo de, Luat ciric bó teaghlaigh deas, Beidh runce ar bóithre a's soillse dhá n-dógh 'guinn, Beidh meidhir a's mórtas ar Shliabh na m-Ban!
Cuimhne na Marbh. Leis an nGabhar Donn. An uair a cháineann siad grádh Na ndaoine nach bh-fuil beó; Bh-fuil náire ort an focal rádh Ar ocht g-ceud deug acht dó? Ní'l ann acht tráill, no droch-chineál, A mhasluigheaS a thír;— Acht ógánaigh mar tá sibh Sibh ólfas gloine fíor. Seo sláinte gheal na n-daoine breágh— Na n-dhaoine nach bh-fuil beó;— Fuair cuid achu thar sáile crádh, A's cuid acu annso. Fuair siad bás gan aon sólás Acht d'fhan a g-cliú-san beó; 'S i n-ógánaigh mar tá sibh Beidh cuimhne orra go deó. Och! fad óÉirinn, fad ó bhuaidh, Tá cuid acu 'na luighe,— Ní cara rinne dóibh a n-uaigh, Acht coimhthigheach gan chroidhe; Gidh eadrainn féin a's iad, mo leun! Tá an t-sáile mhór faoi chúbhar;— I n-ógánaigh mar tá sibh D'fhág siad meisneach úr. Tá cuid acu 'na luige le fad I measg a muintir' féin; I d-talamh Éireannach atáid Fa dhealrughadh sámh na gréin'. 'S nár bh-fada é, a Dhé! go mbéidh Sliocht úr arís fa bhláth,— Ógánaigh mar tá sibh Mar iad-san gan sgáth. D'éirigheadar in aimsir bhoicht Ar son na tíre seo; A's lasadar smeuróid, i riocht Nach múchfar é go deo. Mo leun! fuair neart 'n bhuaidh ar cheart Do thuiteadar gan lúth; Acht ógánaigh mar tá sibh Is líonmhar sibh indiú. Seo sláinte gheal orra go buan— Deágh shláinte! 's bíodh sí 'Na lasair a bheir solas dhúinn, 'S mhúineas dúinn ár slíghe. Béidhmíd go bráth, i m-brón no i ráth, 'N ar n-Éireannaighibh go deó, Chomh díleas a's bhíodar In ocht g-ceud-deug ácht dó. Connradh na Gaedhilge. Is ionann bheith gan Teanga agus bheith gan tír,
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services