Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul Chionnfhaoilidh, - leanta

Title
Sgeul Chionnfhaoilidh, - leanta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
An Gaodhal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgeul Chionnfhaoilidh, —leanta.



ainm dí bioróg an t-sléibhe, go ndeár
nadh sé comhrádh léithe. D'innis sí dhó go
rabh aon inghean amháin ag Balor, & go
rabh sé i d-tearagracht go m-beidheadh sí
in a siocair bháis dhó, & go gabh sí anois
aige i n-dún áluinn ar oileán Arann &
dhá-reug de mhnáibh dh'a coimhdeacht. Bhí
cuing orra gan aon fhear a leigean ar
an oileán, & ní shé sin amháin, ach gan
labhairt ar ainm fear in a cómhair.



Bhí go maith. I g-ceann tamuill in a
dhiaidh seo rinne an Bhioróg bean áluinn
de Chionnfhaoilidh, do chinn i sgéimh i n-
dreach & i n-deilbh ar mhnáibh an t-saoigh-
il. & do chroch léithe é ar bhár na d-tonn
anonn treasna an chaol-loch go Dún-
Eidne.



D'iarr sí lóistín na h-oidhche de bhain-
ríoghan óg a shábháil sí, a dubhairt sí, ó
na h-Allmhuraighidh do bhí dh'a goid leobhtha
do' n Domhan Shoir. Mar bhí aithne mhaith
ag na mnáibh coimhdeachta ar Bhioróg an
t-Sléibhe, ní leigfeadh an faitchíos dóibh
í obadh faoi lóistín na h-oidhche, & do
leigdear asteach i.



Ní rabh sí bh-ad astigh no gur chuir sí
trom-shuan dodalta ar na mnáibh, agus
sul do dhúisigh fíad, d' fhuadaigh sí léithe
Cionnfhaoilidh ar ais go Druim-na-Tein-
eadh.



'Nuair a músgail na mná coimhdeach-
ta, d'innis Eidne dóibh go rabh sí i n-
grádh leis an mnaoi uasal, & go m-budh
mhaith leithe í bheith aici ins an g-caisleán
i g-comhnuidhe. Ní dhearna na mná acht
magadh fúiche, ag rádh gur ag aisling a
bhí sí; ach i gcionn bliadhna 'na dhiaidh so
do rug sí triúr mac.



Chuir an droch-sgeul so imnidhe mhór
ar Bhalor; bhí eagla air go mb' fhéidir
gur le n-a linn do gheobhadh sé fhéin bhás.



Do cheangail sé suas iad i mbráithlín
le dealg no biorán & do teilgeadh as-
teach ins an uisge iad ins an áit ar a
ngoirtear Port-na Dealg indiú; & is
sé úghdar na h-anma. Shaoil Balor go
rabh an bealach réidh anois, ó tharla gur
chuir sé, dar leis féin, na leanba chum
bháis.


L. 81


Ach thuit an biorán as an mbraithlín
& sgior cean de na leanbaibh amach ais-
ti — scuab an Bhean-Sídhe léithe é go dtí
a athair; thug an t-athair d'a dhearbhrá-
thair é le n- oileamhuint, & le ceird na
gaibhneachta do mhúnadh dhó, mur budh í 'n
cheird do b' fheárr & budh mheasamhla in
Éirinn ins an am sin í.



D'fhás an t-oidhre suas in a óglaoch
mhór, aigeanta, lúthmhar & bhí cion mór
ag Balor air, ach ní rabh fhios aige gur
mac inghine dhó féin a bhí ann.



Sealad tamall in a dhiaidh sin, d’inn-
is draoi do Bhalor gur b’é Cionnfhaoil-
idh athair na cloinne rug a inghean Eid-
ne. Chuir sin eagla mhór air, & d'imthigh
leis gur chruinnigh sé díorma the na h-
Allmhuraighibh. Ghabhadar Cionnfhaoilidh
& mharbhadar é. Tá 'n cloch air ar bain-
eadh an ceann de le feicsint ag fear
ghabhailte 'n bhealaigh indiú.



Thóig Mhisbi Mór Olpherts leachta
Chionnfhaoilidh sé-troighthe-deug ar áirde
ar chloch mharmhuir, ins an mbliadhain
1793: 'Sé ainm na h-áite 'nois "Cloch-
Chionnfhaoilidh."



D'ionnsuigh Balor arís ag slad na
tíre gan eagla roimh fearaibh fáil; ó
chuir sé Cionnfhaoilidh dh'a chois, shaoil sé
go rabh an báire leis. Mur ba ghnáthach,
thigeadh sé go cheardchan Ghaibhide ag lea-
sughadh a chuid arm-troda, gidh na rabh
fáilte ar bith ag an dalta óg roimhe, óir
bhí fhios aige go maith gur b'é mharbhuidh
a athair& go ndearadh sé a dhithchioll é
fhéin do chur de 'n t-saoghal.



Ach b'éigin dhó faire ar uain & tráth
le díoghaltas do dheunamh air mar do
thuill sé. Tháinic an lá sin faoi dheir-
eadh ná'r bh'fhéidir leis an g-curadh an
bás a bhí i ndán dó a sheachaint.



Lá amháin, tharla go rabh Gaibhide ó
bhaile, & bhí cúram na ceártchan ar an
ngabha óg, bhí Balor ag gabhail an bheal-
aigh. & thainic sé 'steach, & bhí fonn mór
cainte air. Thoisigh sé ag deunadh gais-
ge & mion-chómhrádh leis an óganach óg
as fomhas is chuir sé Cionnfhaoilidh as a
bhealach... Chuir sin fearg mhillteach
ar an óglaoch — bhí bior mór iarann ins
an teine aige dh'á dheargadh — rug sé
air & sháith sé asteach i ndroch-shúil Bhal-
or é, & thuit Rígh na bhFámaire marbh
ar úrlár na ceártchan.



Beannacht Dé le h-anam na marbh.
(Críoch)



Goillís na g-COS DUBH.
(Leanta ó dhuithaobh 74, 6adh Uimhir).



"Ní rabh aon t-soitheach a tastáil,"
ar an t-sean bhean, "bhí an soitheach uis-
ge fágtha taobh amuigh de'n teach."



Cad chuige nach bhfuil sí ar a h-ais
roimhe seo?" ar Goillís.



"Mar tá an tobar trí mhíle ó'n áit
seo & tá an bóthar olc," ars an chaill-
each.



Ghlaodh Goillís arís, "Thug tú d'éidh-
each, chonnairc mé tobar & srothán uisge
ceathramhadh míle ó'n áit seo nuair bhí
mé teacht."



D'fhan an t-sean bhean le leath-mhóim-
eud in a tost, & in sin d'fhreagair sí,



"Ní fheudann duine ar bith an t-uisge
sin ól, tá sé searbh."



"Ní chreidim thú," arsa Goillís, "is
breuga indhiaigh a chéile tá tú ag inns-
int."



Bhí inghean an Righ sganruighthe go mór
leis an obair a bhí ar aghaidh, & ní rabh
fhios aici creud do bhí ann. Bhí 'n cod-
ladh in a súílibh fós, & d' fheuch sí mar
do bheodh sí bodhruighthe leis an troid &
an sgreadaoil.



"Cad d'éirigh dhuit in ainm Dé, Ghoil-
lís, O innis dam é," ar sí, "& ná tacht
an bean bhocht, fág í, ná bain le mnaoi
laig."



Ach cia b'é 'n t-amhrus do bhí ag Goil-
lís i dtosach ní rabh amhrus ar bith air
anois nach rabh an chailleach ag imirt
feille orra, & d'innis sé 'n t-iomlán i
gcúpla focal do'n mhnaoi óig, & dubhairt
sé go mbudh shí a chomhaire-sean an chail-
leach do cheangailt le córda ar eagla
go leanfadh sí iad no go ndeunfadh sí
dochar ar bith dhóibh, & an teach fhágbháil
ar an b-puinnte sin.


L. 82


"Is agad-sa tá 'n fios is feárr," ar
san bhain-phrionsa, 'gur deunfaidh mise
rud ar bith a déarfas tú liom."



"Feicim rópa in sin annsan gclúid,"
ar Goillís, "& seachad dam é."



Sheachad sise an rópa dhó. Cheangail
sé lámha na caillighe taobh shair dí ar a
druim, & d'fháisg sé a cosa le cheile, &
leag ar a druim ar an urlár í, riocht
nach dtiocfadh léithe corrughadh, & insin
d'fhágadar an teach 'réis a bpócaidh
líonadh leis an mbeagán aráin duibh a
bhí ann.



Bhí 'n oidhche dorcha, & ní rabh fhios aca
cad é an bealach do b'fhearr dóibh a dhul
ach bhí an oiread sin d'fhaitchíos orra
gur budh chuma leo sin, bhí siad sásta
an teach malluighthe sin d'fhágbháil in a n
diaigh, & rinne siad an oiread deifre &
d'fheud siad ins an oidhche, ag briseadh
bóthar dóibh féin ameasg na g-crann &
na sgeach.



Tháinic an ghealach amach faoi dheire
go geal, & fuair siad go rabh siad i
réidhteach mhór lán de choilltibh beaga
crann, & de chrannaibh móra ag fás leo
féin, & bhí 'n feur fada & tiugh ann. Ní
rabh fhios aca cad do b'fheárr dóibh a
dheunamh anois, ná 'n bóthar do b'fheárr
dóibh a leanamhuint, & mar sin rinnead
ar cómhairle eatorra féin go mbíodh sé
cho maith dóibh fanamhuint mar bhí siad
go dtí an mhaidin, &, in sin, b'fhéidir go
dtiocfadh leo cosán buailte, no bóthar
éigin d'fhághail, do bhéarfadh amach iad
go tír a rabh daoine ann, arís.



Dubhairt Goillís go mb-fheárr dóibh a
dhul suas i gcrann air eagla go bhfeic-
fidhe iad, no go ndeunfadh beitheach no
rud ar bith eile aon anachain no dochar
dóibh dá bhfanfaidís mar bhí siad, & bhí
inghean an Righ réidh le dhul in áit ar bith
budh mhian leisean, mar budh aige-sean
bhí an chomhairle b'fhearr, ó'n lá d'fhág
siad an baile, & bhí sise fóghluim taobh
mhór a thabhairt dhó, & go mór mhór anois
ó chuaidh sí cho fogus sin a bheith caillte
mar gheall ar a h-óinseamhlacht féin an
uair nár éist sí leis, an tráth luigh sí
faoi 'n gcrann in a h-aonar.



Chuaidh siad suas in sin ins an gcrann
budh mhó acu, a rabh a gheugáin in aice
leis an talamh, & chuaidh Goillís ar d'
tús, & tharraing sé inghean-an-righ in a
dhiaigh. Ní rabh siad bhfad i bhfolach insin
no gur chualaidh siad torann mór ag
teacht, mar dhuine éigin ag briseadh thre
na sgeachaibh & i briseadh na gcipín faoi
n-a chois. Tháinic an rud níos foigse &
níos foigse, & faoi dheire chonnacadar
go soiléir gur b'é an fathach do bhí ann,
& bhí inghean na sean-chaillighe ag rith le
n-a taobh. Chuaidh siad thart go díreach
faoi 'n gcrann, in a rabh an bheirt in a
luidhe, & chualaidh siad é ag rádh le ingh-
ean na caillighe.



"Budh chóir dúinn bheith in am le breith or-
ra, ní raca sise as mo láimh arís. Is
faide liom ná uair gach móimeud no go
leagfaidh mé mo mheura uirri."



Do chraith an bhean óg nuair chualaidh
sí na focla áibheula sin, & rug sí ar
láimh Ghoillís, & d'fháisg sí í, le taisb-
eáint dhó an meud buidheachais do bhí ai-
ci air ar son a chomhairle-sean an both-
án d'fhágbháil go tráthamhuil. Chuaidh an
fathach & a chomráid ar n-aghaidh rómpa &
bhí siad gan mhoill imthighthe as a radharc.



"Nois," ar Goillís, "nach rabh an t-ágh
orrainn dhul suas ins an gcrann?" &
d'fhreagair an mhaighdion,



"Is anamh nach mbidheann an t-ágh ar
an rud a chuireas tusa romhat."



Agus bhí luthgáir mhór ar Ghoillís in
sin, mar b'é sin an cheud mholadh a thug
sí ariamh dhó.



Bhí siad eidir dhá chomhairle in sin, fan-
amhuint ins an áit a rabh said go dti 'n
mhaidin, no teacht anuas & rith leo an
taobh b'fhaide ó n' taobh a chuaidh an fa-
thach. Bhí an oiread faitchís orra go d
tiocfeadh sé ar a ais an bealach ceud-
na, gur shaoil siad go mb' fheárr dóibh
a theacht anuas & leanamhuint d'a siúbh-
al. Rinne siad sin, & níor sguir siad
d'a gcoisigheacht cho fad as bhí ionnta
siúbhal, no gur éirigh an ghrian & fuair
siad iad fein ar bhruach na coille móir-
e.
(le bheith leanta)


L. 85


SLIABH NA m-BAN



Is aoth liom féinidh an lae úd,
Do dhul ar Ghaodhail bocht a's na céadta shlad;
Mar tá na méirlidh ag déanadh gáme dínn,
Dá radh nach aon nídh leó pice na sleagh:
Níor tháinic ár major a dtús an lae chugainn.
A's ní rabhamar féin ann a g-cóir ná g-ceart,
Acht mar sheólfuidhe aoidhcaracht bó gan aodhaire,
Ar taobh na gréine do Shliabh na m-Ban!



Mo leun léir ar an dream gan éifeacht,
Nar -an le séirim a's oidhche stad;
Go m-biadh duichidhe Déiseach a's Iarthar Eireann,
Ag triall le chéile ó'n tír i n-deas:
Do bheith ar g-campuidhe déanta le fórsaighe treana,
Biadh comhnadh Dé linn san t-saoghal ar fad,
A's ní dhíolfadh méirleach do mhuintir Néill sinn.
Acht buadhfaidh an sway linn ar Shliabh na m-Ban!



Is é Ros do bhreoidh a's do chlaoidh go deo sinn,
Mar ar fuigeadh mór chuid dínn sínte, lag;
Leanbhaidhe óga na smól ann dóite,
A's an mhéid d'fhan beó dhíobh coir cladhrídh sgaint;
Geallaim fos díbh an te rinn an Fódhla
Go m-biadham a g-cór dó le píce a's sleagh,
A's go g-cuirfeam Gheomen ag mún na m-bróga,
Ag díol a g-comhair leó ar Shliabh na m-Ban!



Is iomdha fear aosda á s crobhaire gléigeal,
O'n am go chéile do gabhadh le seal;
'Na bh-fuil córduige caola ag buaim lúth a n-géagdhal,
A n-domsrun daora go doimhin faoi ghlas
Gárdaige taobh leó na leámhtha sméid orra,
Do dhéanfadh plé dóibh a d-tír tar lear,
Da d-tabhairt saor ó na námhaid gan baodhchus,
A n-am an t saothair ar Shliabh na mBan!



Tá 'n Francach faobhrach 'sa loingeas gléasta
Le crannaibh géara ar muir le seal;
Is é síor sgéala go bh-fuil a d-triall go h-Eire,
A's go g-cuirfid Gaodhail bhoicht arís na g-ceart:
Dá madh dhóith liom féin go m'fhíor an sgéal sin,
Bheith mo chroidhe chomh h-éadtrom le lon ar nead,
Go m-biadh claoidh ar mhéirlidh san adharc dá séide,
Ar thaobh na gréine do Shliabh na m-Ban!



Ta na cóbáigh ag iarraidh eoluis,
Tá 'n aimsir óg 'san chabhair ag teacht;
An té mheill na gnódhta is é leighisfeas fós iad,
A's ní dhíolfam feoirling leo cíos ná sraith,
Píosa cróinneach an chuid is mo de,
Luat ciric bó teaghlaigh deas,
Beidh runce ar bóithre a's soillse dhá n-dógh 'guinn,
Beidh meidhir a's mórtas ar Shliabh na m-Ban!


L. 86


Cuimhne na Marbh.



Leis an nGabhar Donn.



An uair a cháineann siad grádh
Na ndaoine nach bh-fuil beó;
Bh-fuil náire ort an focal rádh
Ar ocht g-ceud deug acht dó?
Ní'l ann acht tráill, no droch-chineál,
A mhasluigheaS a thír;—
Acht ógánaigh mar tá sibh
Sibh ólfas gloine fíor.



Seo sláinte gheal na n-daoine breágh—
Na n-dhaoine nach bh-fuil beó;—
Fuair cuid achu thar sáile crádh,
A's cuid acu annso.
Fuair siad bás gan aon sólás
Acht d'fhan a g-cliú-san beó;
'S i n-ógánaigh mar tá sibh
Beidh cuimhne orra go deó.



Och! fad óÉirinn, fad ó bhuaidh,
Tá cuid acu 'na luighe,—
Ní cara rinne dóibh a n-uaigh,
Acht coimhthigheach gan chroidhe;
Gidh eadrainn féin a's iad, mo leun!
Tá an t-sáile mhór faoi chúbhar;—
I n-ógánaigh mar tá sibh
D'fhág siad meisneach úr.



Tá cuid acu 'na luige le fad
I measg a muintir' féin;
I d-talamh Éireannach atáid
Fa dhealrughadh sámh na gréin'.
'S nár bh-fada é, a Dhé! go mbéidh
Sliocht úr arís fa bhláth,—
Ógánaigh mar tá sibh
Mar iad-san gan sgáth.



D'éirigheadar in aimsir bhoicht
Ar son na tíre seo;
A's lasadar smeuróid, i riocht
Nach múchfar é go deo.
Mo leun! fuair neart 'n bhuaidh ar cheart
Do thuiteadar gan lúth;
Acht ógánaigh mar tá sibh
Is líonmhar sibh indiú.



Seo sláinte gheal orra go buan—
Deágh shláinte! 's bíodh sí
'Na lasair a bheir solas dhúinn,
'S mhúineas dúinn ár slíghe.
Béidhmíd go bráth, i m-brón no i ráth,
'N ar n-Éireannaighibh go deó,
Chomh díleas a's bhíodar
In ocht g-ceud-deug ácht dó.



Connradh na Gaedhilge.



Is ionann bheith gan Teanga agus bheith
gan tír,

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services