Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leitir Ó Dhonnchadh Ó Fhloinn
Title
Leitir Ó Dhonnchadh Ó Fhloinn
Author(s)
Ó Floinn, Donncha,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1805
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Leitir Ó Dhonnchadh Ó Fhloinn Chun Míchíl Í Longáin. A chara na dáimhe, As maith do rin Aodh a theachtaireacht anois. Tug sé damh an sean-leabhar fa dheóig agus is fíor nach a lámhaibh namhad do chuir sé é. As truagh nachar fhág an sgríobhnóir an obair ní bu bhunudhasaighe ina dhiaigh. Gidheadh, as maith í d'fhagháil mar so féin. Atáid trí fichid leathnach aithsgríobhtha agam don tsean-leabhar, ar mhodh do chuirfigh luathgháir ort, aithbheoghdha, san litir san órdughadh agus san oirleaghadh chéadna, go díleas gan earráid, ach san mhéid nach féidir le géardhearc sgríobhnóra d'fhaicsin, - óir atáid línte go hiomlán gearrtha amach d'uachtar chuid do na duileógaibh, agus as d'fhéachain an foirtil me dá bhfagháil ad' shean-mhacleabharsa do chuireas m'achnaidhe dá iarraig; agus as buidheach me ó d'éistis í. Ag so thall agat an duain ba mhian leat d'fhagháil, agus tá dóchas agam ná caillfigh Aodh í ó cuireadh ar a aireachas é. Níor chluineas focal d'uacht Chormaic N. ó sgríobhas duit é. An é gur chaill sé é sin? As maith do rinis an chúirt neamhchrábhaidh d'fhuathughadh. Cuirfead Seán Ó Muláin ar a aire. Cuir tuairisg Agallamh na Seanóiridhe, leabhar saidhbhir; atá sé ar bhruach na Soininne a náit éigin. Do chuir Árd-easbog na Mumhan tamal beg ó shoin obair éigin a Ngaoidheilg chun Séamuis Í Éilí dochum í do phriontáil. As é Diarmuid MhagCraith tug aníos an obair, agus as é D. d'inis damh sin, air gcathamh proine am fhochair. Do thrácht sé ar mh'ainmsi re Séamas Ó Héilí, agus adubhairt Séamas go ma mhaith leis me d'fhaicsin na hoibre sul gcuirfeach í a gcló; ach ní fheaca í fós. Cluinim go bhfuil an Cathmhíle Vallancey ar aigne teacht ó Áthcliath gus an gcaithir so Chorcaighe chum lonughadh inti. Ní haithreach linn sin, a Mhíchíl ghrádhach. Go dtuga Dia do chéile ionmhuin slán óna toircheas. Más cúpla inghean bheas
aice, as dóil liom gur maith na hainmneacha dóibh Anna agus Máire. Atá a fhios agat gur bh' Anna máthair na hÓgh ionar gineadh ár Slanuightheóir, agus gur Mháire a hainm féin. As me an duine sin atá a Gcorca i. Gráthóir na Suagh. an 25 d'Ochtmhí na bliadhna 1805. As ró-ionmhuin re cat iasg, gé mionca iad a' fiach na luch etc. Níl sgéal faghálta fós ó na hImpribh ach go bhfuilid a' drantughadh go dian.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services