Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leitir Ó Dhonnchadh Ó Fhloinn

Title
Leitir Ó Dhonnchadh Ó Fhloinn
Author(s)
Ó Floinn, Donncha,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1805
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Leitir Ó Dhonnchadh Ó Fhloinn



Chun Míchíl Í Longáin.



A chara na dáimhe,



As maith do rin Aodh a theachtaireacht anois. Tug
sé damh an sean-leabhar fa dheóig agus is fíor nach a lámhaibh
namhad do chuir sé é. As truagh nachar fhág an sgríobhnóir
an obair ní bu bhunudhasaighe ina dhiaigh. Gidheadh, as maith
í d'fhagháil mar so féin. Atáid trí fichid leathnach aithsgríobhtha
agam don tsean-leabhar, ar mhodh do chuirfigh luathgháir
ort, aithbheoghdha, san litir san órdughadh agus san oirleaghadh
chéadna, go díleas gan earráid, ach san mhéid nach féidir le géardhearc
sgríobhnóra d'fhaicsin, - óir atáid línte go hiomlán gearrtha
amach d'uachtar chuid do na duileógaibh, agus as d'fhéachain an
foirtil me dá bhfagháil ad' shean-mhacleabharsa do chuireas m'achnaidhe
dá iarraig; agus as buidheach me ó d'éistis í.



Ag so thall agat an duain ba mhian leat d'fhagháil, agus tá dóchas
agam ná caillfigh Aodh í ó cuireadh ar a aireachas é. Níor chluineas
focal d'uacht Chormaic N. ó sgríobhas duit é. An é gur chaill
sé é sin? As maith do rinis an chúirt neamhchrábhaidh
d'fhuathughadh. Cuirfead Seán Ó Muláin ar a aire. Cuir
tuairisg Agallamh na Seanóiridhe, leabhar saidhbhir; atá sé ar
bhruach na Soininne a náit éigin. Do chuir Árd-easbog na Mumhan
tamal beg ó shoin obair éigin a Ngaoidheilg chun Séamuis
Í Éilí dochum í do phriontáil. As é Diarmuid MhagCraith tug
aníos an obair, agus as é D. d'inis damh sin, air gcathamh proine am
fhochair. Do thrácht sé ar mh'ainmsi re Séamas Ó Héilí, agus
adubhairt Séamas go ma mhaith leis me d'fhaicsin na hoibre sul
gcuirfeach í a gcló; ach ní fheaca í fós.



Cluinim go bhfuil an Cathmhíle Vallancey ar aigne teacht ó
Áthcliath gus an gcaithir so Chorcaighe chum lonughadh inti. Ní
haithreach linn sin, a Mhíchíl ghrádhach. Go dtuga Dia do
chéile ionmhuin slán óna toircheas. Más cúpla inghean bheas


L. 270


aice, as dóil liom gur maith na hainmneacha dóibh Anna agus Máire.
Atá a fhios agat gur bh' Anna máthair na hÓgh ionar gineadh
ár Slanuightheóir, agus gur Mháire a hainm féin.



As me an duine sin atá a Gcorca



i. Gráthóir na Suagh.
an 25 d'Ochtmhí na bliadhna
1805.



As ró-ionmhuin re cat iasg, gé mionca iad a' fiach na luch etc.
Níl sgéal faghálta fós ó na hImpribh ach go bhfuilid a'
drantughadh go dian.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services