Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irish Scholars in Dublin in the Early Eighteenth Century
Title
Irish Scholars in Dublin in the Early Eighteenth Century
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sloinfead scothadh na Gaoidhilge grinn dá raibhe rém rae a Nduibhlinn, acht an lucht bhus dearbhadh díbh nach ndearna treall do mo thathuidh. Mac Aodhagáin feartach, an file fras, Pól pártach, an t-árd-éigeas, an bráthair bocht ó Chontae an Rígh; bu searc gach scaith an seanchuidh. Proinnsias feartach, an bráthair bocht, gidh saidhbhir a n-eagnadh 's a n-inntlacht; ó Chlár Dara do chuim na bhfhann, Walseach oide-fhoclóir Éireann. Peadar, pearsadh a n-eagluis Dé, Ó Muireagán ceannsadh caoimh-réidh; a chompráid liom ríamh níor chas a ngaois, a bhfoghluim, ná n-oideachas. Seaán ua Neachtuin, niamh na scol, seanóir ársaigh a chrích Connacht, ughdar fír-ghlic an Ghleacuidh Luinn 's mórán staradh oile dá shamhuil. Uiliam Ua Loingsigh luaitear linn, scath nár sáruidh a scríbhinn; Áth na Gcliath char an chuim, mar a ndearnadh sé an Ghaoidhilg dfóghluim. Ón Mhumhuin mhóir ro-shín an saoi Ó Súileabhán, Seaán, an tsearc-ghaoi; a Ngaoidhiolg bu tréan an béarlach binn, fear don chrích a chlú do chanuim. Thriall 'nar ndáil O Duinín donn le barr eagnadh agus foghluim; ón Mhumhuin dom Thadhg, ní cóir a chleith, oide fíorghaoiseach na Gaoidhilge.
Aodh Mac Gabhráin, an Gaedhul glic, 's Ó Hisleanán ághbhar oirdheirc, Cathal na gcumann chríche Cuinn, - os Connachtadh do chím an chrodhbhuinn. Aodh Mhac Curtaín, an crann os coill, ailgmheasach Mumhain 'nois chanuim, an file faobhrach a bhfhriotal Fáil, feas a bhreath bheith a measg na mórdháil. An Solamh sochmadh, Seaán na searc, a Thigh Calláin thaoibhe Teamhrach, cuim is sciath is tearmon dil fhritil ársaidh mhacaibh Míleadh. Ó Baothán binn, an beartach suairc, a thulach Teamhrach do ro-ghluais; bhus saoi an Seaán, bhus uasal méin, Mac an Bheathadh a chraobh cheinéil. Ós Uladh ling Ó Luinín lonn, Cathal do cheapach craobh gan chumann, an Aiche mhórdha, truagh an dáil, agus do bhá ó cheart san chómhdháil. Tiobrach ionmhuin ó Fhine Gall, Roisteard na searc 's na suinneann; bu béarlach Gaoidhiolgadh gille an ghrinn, a suin na sean 's a scríbhinn. Anluain ionmhuin, an t-aon, 'mo mheas, a bhfhriotal na sean 's fearr do fuaras; ó Chloinn Magh Liradh don bhéarlach bhinn, dom ionraic uasal Uailintín. Cathal Ó Conchubhair Chruachainn Cuinn bhus ceart a raomhadh san gcrodhbhuinn bu spailp an searc, ní fá a chleith, a bhfhritiol gaoiseach na Gaoidhilge.
Muiris mórdha, an mhéin gan mheing, ó Mhír Mumhan chímse chugainn; bu Gaedhul an gaoiseach, an Laittion glic, Ó Nuabha úr álluinn ionnraic. Stiophán ionmhuin Maolcraoibhe cóir bu dearbh a dháil san gcoimhthineól; bu cliste an cléireach is bu ceart a bhfuighle algadh a annsacht. Aodh Ó Dáladh, cia do rinn míréir Thaidhg, thráth dhíbhsi canuim; bu Gaedhul an fear, fa fíor a chuid; don chrodhbhuinn bu duairc a dhearmad. Ó Conchubhair fós Diarmuid díbh, an Mhumhuin bu sean don staruidh, do bhrígh ó locht gan saoi san mbith, bhá a threabh do mhacaibh Míleadh. Gearóid díoghruis, ón Mhidhe mhóir, Mac na Midhe, mear an coinnleóir, 's an deallrach Gaoidhiolgadh chríche Cuinn, bhus ba feas a chraobhadh chanuim. Ó Fearghail, fa dheóigh, Séamus seang, a chrích Longphortach aird Éireann; bu saoi ansearc san Ngaoidhilg ngrinn; deire do mo shearc a shluinnim. Sloinnfead. Aodh Ua Cobhthaidh an chroidhe ceirt, an t-ionmhuin fíor-uasal ionnraic; ós críoch Írmhidhe ghluais an fear, an Gaedhul saothach, is an seanchadh. Os amharc, os coimhne marg mé! - do dhearmod Éadhmonn, an ghil-ghné; croídh gan mheabhail an bard gan locht, bu Gaedhul 's budh ceart an cléireach.
Fearghus fia, an liaigh gan locht, cráidhbheach diadha gan daorlot, Eóin ionmhuin os Iochtach Cuinn, - bhus cóir an caoimheach don chrobhuinn. Maolmhuaidh muirneach, saoi na searc, Aodh úr, annsacht na hannsacht; budh Connachtach an fear fial, a dhearmad measaim 'na mhídhriaghail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services