Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Scholars in Dublin in the Early Eighteenth Century

Title
Irish Scholars in Dublin in the Early Eighteenth Century
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sloinfead scothadh na Gaoidhilge grinn
dá raibhe rém rae a Nduibhlinn,
acht an lucht bhus dearbhadh díbh
nach ndearna treall do mo thathuidh.



Mac Aodhagáin feartach, an file fras,
Pól pártach, an t-árd-éigeas,
an bráthair bocht ó Chontae an Rígh;
bu searc gach scaith an seanchuidh.



Proinnsias feartach, an bráthair bocht,
gidh saidhbhir a n-eagnadh 's a n-inntlacht;
ó Chlár Dara do chuim na bhfhann,
Walseach oide-fhoclóir Éireann.



Peadar, pearsadh a n-eagluis Dé,
Ó Muireagán ceannsadh caoimh-réidh;
a chompráid liom ríamh níor chas
a ngaois, a bhfoghluim, ná n-oideachas.



Seaán ua Neachtuin, niamh na scol,
seanóir ársaigh a chrích Connacht,
ughdar fír-ghlic an Ghleacuidh Luinn
's mórán staradh oile dá shamhuil.



Uiliam Ua Loingsigh luaitear linn,
scath nár sáruidh a scríbhinn;
Áth na Gcliath char an chuim,
mar a ndearnadh sé an Ghaoidhilg dfóghluim.



Ón Mhumhuin mhóir ro-shín an saoi
Ó Súileabhán, Seaán, an tsearc-ghaoi;
a Ngaoidhiolg bu tréan an béarlach binn,
fear don chrích a chlú do chanuim.



Thriall 'nar ndáil O Duinín donn
le barr eagnadh agus foghluim;
ón Mhumhuin dom Thadhg, ní cóir a chleith,
oide fíorghaoiseach na Gaoidhilge.


L. 159


Aodh Mac Gabhráin, an Gaedhul glic,
's Ó Hisleanán ághbhar oirdheirc,
Cathal na gcumann chríche Cuinn, -
os Connachtadh do chím an chrodhbhuinn.



Aodh Mhac Curtaín, an crann os coill,
ailgmheasach Mumhain 'nois chanuim,
an file faobhrach a bhfhriotal Fáil,
feas a bhreath bheith a measg na mórdháil.



An Solamh sochmadh, Seaán na searc,
a Thigh Calláin thaoibhe Teamhrach,
cuim is sciath is tearmon dil
fhritil ársaidh mhacaibh Míleadh.



Ó Baothán binn, an beartach suairc,
a thulach Teamhrach do ro-ghluais;
bhus saoi an Seaán, bhus uasal méin,
Mac an Bheathadh a chraobh cheinéil.



Ós Uladh ling Ó Luinín lonn,
Cathal do cheapach craobh gan chumann,
an Aiche mhórdha, truagh an dáil,
agus do bhá ó cheart san chómhdháil.



Tiobrach ionmhuin ó Fhine Gall,
Roisteard na searc 's na suinneann;
bu béarlach Gaoidhiolgadh gille an ghrinn,
a suin na sean 's a scríbhinn.



Anluain ionmhuin, an t-aon, 'mo mheas,
a bhfhriotal na sean 's fearr do fuaras;
ó Chloinn Magh Liradh don bhéarlach bhinn,
dom ionraic uasal Uailintín.



Cathal Ó Conchubhair Chruachainn Cuinn
bhus ceart a raomhadh san gcrodhbhuinn
bu spailp an searc, ní fá a chleith,
a bhfhritiol gaoiseach na Gaoidhilge.


L. 160


Muiris mórdha, an mhéin gan mheing,
ó Mhír Mumhan chímse chugainn;
bu Gaedhul an gaoiseach, an Laittion glic,
Ó Nuabha úr álluinn ionnraic.



Stiophán ionmhuin Maolcraoibhe cóir
bu dearbh a dháil san gcoimhthineól;
bu cliste an cléireach is bu ceart
a bhfuighle algadh a annsacht.



Aodh Ó Dáladh, cia do rinn
míréir Thaidhg, thráth dhíbhsi canuim;
bu Gaedhul an fear, fa fíor a chuid;
don chrodhbhuinn bu duairc a dhearmad.



Ó Conchubhair fós Diarmuid díbh,
an Mhumhuin bu sean don staruidh,
do bhrígh ó locht gan saoi san mbith,
bhá a threabh do mhacaibh Míleadh.



Gearóid díoghruis, ón Mhidhe mhóir,
Mac na Midhe, mear an coinnleóir,
's an deallrach Gaoidhiolgadh chríche Cuinn,
bhus ba feas a chraobhadh chanuim.



Ó Fearghail, fa dheóigh, Séamus seang,
a chrích Longphortach aird Éireann;
bu saoi ansearc san Ngaoidhilg ngrinn;
deire do mo shearc a shluinnim.
Sloinnfead.



Aodh Ua Cobhthaidh an chroidhe ceirt,
an t-ionmhuin fíor-uasal ionnraic;
ós críoch Írmhidhe ghluais an fear,
an Gaedhul saothach, is an seanchadh.



Os amharc, os coimhne marg mé! -
do dhearmod Éadhmonn, an ghil-ghné;
croídh gan mheabhail an bard gan locht,
bu Gaedhul 's budh ceart an cléireach.


L. 161


Fearghus fia, an liaigh gan locht,
cráidhbheach diadha gan daorlot,
Eóin ionmhuin os Iochtach Cuinn, -
bhus cóir an caoimheach don chrobhuinn.



Maolmhuaidh muirneach, saoi na searc,
Aodh úr, annsacht na hannsacht;
budh Connachtach an fear fial,
a dhearmad measaim 'na mhídhriaghail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services