Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhrán i dTaobh Cogadh Saoirse Mheiriceá
Title
Amhrán i dTaobh Cogadh Saoirse Mheiriceá
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1776
Publisher
(B.Á.C.: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. A Ghéaga Cumainn Fonn: "Washington's Frolic" nó an seanfhonn úd "An fear buile gan bhríste" A ghéaga cumainn na nGael gcumais de shaorcheap mhuireannach Míleadh tá tréithlag tuirseach ag plé le bruscar, gan réim faoi urchall cíosa,
sin scéalta sonais do théarnaigh chugainn i gcéin tar dromaibh na díleann go bhfuil méirligh mustair go déanach gonta ina mbéile fiolair is faoileann. Is fonn 's is aiteas liom Howe is na Sasanaigh tabhartha, treascartha choíche, is an crobhaire, Washington, cabharthach calma i gceann is i gceannas a ríochta; sin amhais ag screadaigh gan chúil gan charaid gan trúip ná barcaibh ar taoide, faoi Shamhain go dearfa búir na Breataine i bponc faoi thearmainn Laoisigh. D'éis an chluiche seo Éire léigfear dá céile dlitheach ceart díleas, an féine fuinneamhach faobhrach fulangach, Séarlas soineanta Stíobhart; beidh réim ag filí is go saol an iolair cead féir is uisce ag Gaelaibh, is na géaga ag filleadh re héigean duille is na héisc ag lingeadh as a líontaibh. Go saor im fhochair le méin dom fhoclaibh ag déanamh an ghortha seo a mhaíochan, an té gan dochma nach ngléasfaidh portaibh go séidtear gothaibh a phíbe; taoscam srothaibh de dhaorphunch thorainn is réabham cornaibh fíon breac; a Thraolaigh, brostaigh leat Méabh Ní Chrotaigh agus claon do chosa chum rince.
2. Séamas Ó Dálaigh cecinit ag freagradh D'fhág na flaithibh is na fáidhibh feasach bhí tráth i bhfearann Loirc líonmhar le fáil a marbhna i bpár 's go beachtaithe sárcheart tarranta scríofa, ar dháil an chatha seo ar chairde Chailvin tharla i mBoston i gcoimheascar, gan spás go gcasfadh go bláth i mbailte poirt cáidhshliocht calma Gaeil ghlais.
Gach fánach mhaireas d'fhuil Chártha' Chaisil is a mbráithre cartadh thar taoide, ó táid ag tarraingt is ag trácht abhaile tar clár an chaise go buíonmhar, le gairdeas glacaídh do láimh bhur n-airm go gardach gaisceamhail gníomhach is ná fágaidh baitheas ar bhráid ag bathlach ná cnámh gan gearradh sa choimheascar. Faoi Cháisc beidh scaipeadh agus rás ar Ghallaibh, gan sámhbhrog seascair ná síol stoc, is in áit na namhad beidh táinte, geallaim, de shárfhuil mhaithchine Mhíleadh; tá an cairde fada is sinn cráite in easpa gan fáil ar fhairsinge dí againn go trácht tar caladh don mháil gan ainm, is a shláinte tabharaídh timpeall.
3. A ghéagaibh gníomha Choinn is Eoghain Fonn: "Níl 'na lá, tá 'na mhaidin" A ghéagaibh gníomha Choinn is Eoghain, chím faoi cheo gan treoir gan tapa - an daor nó an díth libh suim an sceoil - mar cloíodh sa ghleo seo slógh na Breatan. Ba gheal an lá in Inis Fáil dá mbeadh bráithre Dé 'na gcealla, éigse is dáimh saor ó cháin, Gaill ar lár is Gaeil 'na mbailtibh. Cé docht bhur gcéim ag plé le cíos, gan réim ag ríomh le maoraibh measta, is feas i ngaobhar dhaoibh séan is síth, saorgacht, saoirse féir is fearainn. Gach gliaire Gaelach bríomhar buan is gach groífhear suairc gan séad gan taisce, faigheadh a chlaíomh go líofa luath: seo an chaoi is an uair chum caortha cogaidh.
A laochra tréan de phréamhshliocht Niúil tá i bpéin ag tnúth gan réim bhur n-athar, ná tugaídh béim ná céim ar gcúl go ndéantar amhais an Bhéarla 'threascairt. Táid thiar dá séideadh ag Wayne is ag Green, thoir dá snoí ag Hyder Ali; ní díon do Chlinton cnoc ná coill; bhí ruathar poill is péiste ar Arnold. I mbarcaibh ghliadh sa grianoileán sin cíortha cáite eastát na Sacsan, Washington gan chiach gan chás is an diabhal go brách ar Chornwallis. Cé tréan ar toinn mar maítear leo Hood faoi sheol ag fóirthín Rodney, beid réabtha síos gan laoch gan lón re grásta an Treoin ba cróga i gcuradh. Gach gléghas grinn ler bhinn mo sceol suíodh im chomhair ag glaoch na meadar; déanam ríl ghrod foinn is ceoil, bíom ag ól go tíocht don mhaidin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services