Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán i dTaobh Cogadh Saoirse Mheiriceá

Title
Amhrán i dTaobh Cogadh Saoirse Mheiriceá
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1776
Publisher
(B.Á.C.: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. A Ghéaga Cumainn



Fonn: "Washington's Frolic" nó an seanfhonn úd "An
fear buile gan bhríste"



A ghéaga cumainn na nGael gcumais
de shaorcheap mhuireannach Míleadh
tá tréithlag tuirseach ag plé le bruscar,
gan réim faoi urchall cíosa,


L. 127


sin scéalta sonais do théarnaigh chugainn
i gcéin tar dromaibh na díleann
go bhfuil méirligh mustair go déanach gonta
ina mbéile fiolair is faoileann.



Is fonn 's is aiteas liom Howe is na Sasanaigh
tabhartha, treascartha choíche,
is an crobhaire, Washington, cabharthach calma
i gceann is i gceannas a ríochta;
sin amhais ag screadaigh gan chúil gan charaid
gan trúip ná barcaibh ar taoide,
faoi Shamhain go dearfa búir na Breataine
i bponc faoi thearmainn Laoisigh.



D'éis an chluiche seo Éire léigfear
dá céile dlitheach ceart díleas,
an féine fuinneamhach faobhrach fulangach,
Séarlas soineanta Stíobhart;
beidh réim ag filí is go saol an iolair
cead féir is uisce ag Gaelaibh,
is na géaga ag filleadh re héigean duille
is na héisc ag lingeadh as a líontaibh.



Go saor im fhochair le méin dom fhoclaibh
ag déanamh an ghortha seo a mhaíochan,
an té gan dochma nach ngléasfaidh portaibh
go séidtear gothaibh a phíbe;
taoscam srothaibh de dhaorphunch thorainn
is réabham cornaibh fíon breac;
a Thraolaigh, brostaigh leat Méabh Ní Chrotaigh
agus claon do chosa chum rince.



U Anaithnid



2. Séamas Ó Dálaigh cecinit ag freagradh



D'fhág na flaithibh is na fáidhibh feasach
bhí tráth i bhfearann Loirc líonmhar
le fáil a marbhna i bpár 's go beachtaithe
sárcheart tarranta scríofa,
ar dháil an chatha seo ar chairde Chailvin
tharla i mBoston i gcoimheascar,
gan spás go gcasfadh go bláth i mbailte poirt
cáidhshliocht calma Gaeil ghlais.


L. 128


Gach fánach mhaireas d'fhuil Chártha' Chaisil
is a mbráithre cartadh thar taoide,
ó táid ag tarraingt is ag trácht abhaile
tar clár an chaise go buíonmhar,
le gairdeas glacaídh do láimh bhur n-airm
go gardach gaisceamhail gníomhach
is ná fágaidh baitheas ar bhráid ag bathlach
ná cnámh gan gearradh sa choimheascar.



Faoi Cháisc beidh scaipeadh agus rás ar Ghallaibh,
gan sámhbhrog seascair ná síol stoc,
is in áit na namhad beidh táinte, geallaim,
de shárfhuil mhaithchine Mhíleadh;
tá an cairde fada is sinn cráite in easpa
gan fáil ar fhairsinge dí againn
go trácht tar caladh don mháil gan ainm,
is a shláinte tabharaídh timpeall.



B 1781c 18D
U Tomás Ó Míodhcháin



3. A ghéagaibh gníomha Choinn is Eoghain



Fonn: "Níl 'na lá, tá 'na mhaidin"



A ghéagaibh gníomha Choinn is Eoghain,
chím faoi cheo gan treoir gan tapa -
an daor nó an díth libh suim an sceoil -
mar cloíodh sa ghleo seo slógh na Breatan.



Ba gheal an lá in Inis Fáil
dá mbeadh bráithre Dé 'na gcealla,
éigse is dáimh saor ó cháin,
Gaill ar lár is Gaeil 'na mbailtibh.



Cé docht bhur gcéim ag plé le cíos,
gan réim ag ríomh le maoraibh measta,
is feas i ngaobhar dhaoibh séan is síth,
saorgacht, saoirse féir is fearainn.



Gach gliaire Gaelach bríomhar buan
is gach groífhear suairc gan séad gan taisce,
faigheadh a chlaíomh go líofa luath:
seo an chaoi is an uair chum caortha cogaidh.


L. 129


A laochra tréan de phréamhshliocht Niúil
tá i bpéin ag tnúth gan réim bhur n-athar,
ná tugaídh béim ná céim ar gcúl
go ndéantar amhais an Bhéarla 'threascairt.



Táid thiar dá séideadh ag Wayne is ag Green,
thoir dá snoí ag Hyder Ali;
ní díon do Chlinton cnoc ná coill;
bhí ruathar poill is péiste ar Arnold.



I mbarcaibh ghliadh sa grianoileán
sin cíortha cáite eastát na Sacsan,
Washington gan chiach gan chás
is an diabhal go brách ar Chornwallis.



Cé tréan ar toinn mar maítear leo
Hood faoi sheol ag fóirthín Rodney,
beid réabtha síos gan laoch gan lón
re grásta an Treoin ba cróga i gcuradh.



Gach gléghas grinn ler bhinn mo sceol
suíodh im chomhair ag glaoch na meadar;
déanam ríl ghrod foinn is ceoil,
bíom ag ól go tíocht don mhaidin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services