Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Moladh an Tobac
Title
Moladh an Tobac
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1779
Publisher
(B.Á.C.: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MOLADH AN TOBAC Moladh an tobac anso Ag seo cáilíocht an tobac ó Iath Chríostóir: donn díreach duilleogach fírinneach fíorimeachtúil foléimneach scothógach slán- chluasach, ag méadú meanmna agus ag laghdú cathaithe; díolann sé an t-airgead tinteáin gach lá gan amhras 's do gheobhadh páiste sult agus sásamh ann gan plaic aráin aige le brú lá breá samhraidh.
A ghiolla an phíopa, an fíor san nó an cóir sin, cé acu is fearr gal as an bpíopa nó snaoisín chun na sróna? 'S é 'deir Oscar mac Oisín fear coimheascair na Féinne gurbh fhearr gal as an bpíopa ná snaoisín na hÉireann. Idir an snaoisín 's an píopa d'eirigh na taoisigh chun a chéile, 's do cailleadh san mbruín sin cúig fhear is seacht gcéadta. Is gnách le tobac maith bheith so-bhlasta so-ólta. Is folláin don ghoile é mar 'deirid lucht eolais. 'S rómhaith tobac is snaoisín ar bhaiste 's ar phósadh óir déanann sult agus sásamh do lánúnacha óga.
Is compord é dá caitheamh idir caraid is comharsain. Och! och! bímíd seal gan gal le hól de, 's a Rí geal na bhfeart tar agus fóir orainn. Scaoil orainn feasta é go gcaithfeam ar ndóthain. Is maith gal de as píopa agus snaoisín ar maidin, duilleog faoin bhfiacail 's a chur siar é dá chogaint. Is maith gal de faoi shúsa do lucht múchadh is réama, 's is rómhaith gal maidne do lucht silidh is méathrais. Nár fheiceadh sé fia, giorria, cú ná cat an té bheadh go holc choíche faoi phípín tobac. Gaibh chugad, be sure, trinsiúr drongach dairí, scianín scothfhaobhrach agus aithinne sailí, dearg smalcaire an tinteáin is do gheobhair mná suirí. 'S é seo an tobac donn, dorcha, dílis, ramhar, cnaist mharthanach, do lasadh mar phíosa giúis. A dheargadh níor dheacair i bpípín chumhang, ach barra beag don aithinne do luí ar a shúil. Ná tabhair do bhacach, d'fhalmaire ná do mhnaoi cuairte ach do chaptaoin, d'fhear brataí nó do mhnaoi uasal. Dar fia bhainfeadh sé broim ón tóin, sriath ón tsrón agus diabhal ón anam. Ní hé an tuit é, ní hé an tait é, ní hé manglam fuar ná tais é, ní hé scuabadh sráide Cluana Meala é, ach luibh bhreá bheannaithe tháinig i bhfad é. Ní hé séidse, a bhuachaill, ná deargse, a chailín, is fearra dhuit lán píopa dhe ná caoire is builín.
Cé go gcuireann sé mo ghnótha amú orm, mo thuirne 's mo chardaí gidheadh ní bheinn in easpa ó chailleas mo shláinte. Is planda é do tháinig ó oileán na gréine, planda fíor-uasal 's is crá croí bheith in éamais. 'S é an mhín mhín é 's é an caoin caoin é, is bréidín deas cóirithe é. Tá blas na meala air agus boladh an ubhaill chumhra. Is rófhuras a dheargadh 's is deacair a mhúchadh 's is róbheag do gheobhadh cailleach de nuair chacfadh sí fúithi. Dob ait le buachaill bó ag briseadh an drúchta ar maidin é. Dob ait le búistéir é ag díol a chuid feola ar stalla é. Dob ait le táilliúir ina mbíodh stráisiún whif le caitheamh de 's níorbh aite ná le gréasaí bheith ina bhéilín is é ag geangair- eacht. Dob ait le maighdean óg gal nó dhó tar éis a balcaithe is le spealadóir ina mhealbhóg cúpla duilleog casta dhe. Is mór an laghdú don dochtúir é mar adeir lucht an tairngreacht mara bhfaighid púnt gan chontúirt níl le fáil leathphingin. Ní síol fuamairí ná fámairí, dealg i súisín, bod ar ghualainn ná steall ar staighre do chas an tobac so tháinig ó Mhéiríland chun Uilliam Uí Ghadhra, ach ógánach álainn dea-mhaitheasach, dea-ghníomhach, is maith a cháilíocht. Chuirfeadh sé muca as potátaí, lucha as stácaí, madraí rua dá leapachaibh, míol buí i dteannta agus mic tíre as gleannta. Do chuirfeadh sé bod 'na sheasamh ar dhuine marbh
bheadh le seacht mbliain seacht míle thíos ins an talamh. Do bhainfeadh sé broim as tarbh 's treighid as leanbh. Lánúnacha an domhain 's a mbeith in eascairdeas le chéile caithidís lán píopa dhe go miochaire mín maorga agus beidh siad faoi mhaidin gan mhoill i ngabhal a chéile: "upon my soul you moved me fairly fairly fairly". Ag so cuntas díreach díbhse, a cháirde grách, ar an drong daoine bhí ar meisce faoin gclár ón tobac bríomhar ba mhilse mar a n-abraid cách ná beoir is fíonta na críche seo Inse Fáil. LÍNTE BREISE
D'eirigh Murchadh an smuga faoi chuthach is faobhar air is do dhearbhaigh dar Muiris go dtug Donnchadh an t-éitheach. Éiríos Donnchadh 'na sheasamh is cuirios feirc ar a bhéabhar, beireann ar bhata agus smailceann sé smaosach. Tráth chíos Murchadh an smuga a chuid clairéad á taosgadh, béiceann is búireann is liúnn ar a ghaolta. Cnuasaíd 'na dtrúpaíbh slua boscaí 'gus adharca chun comhraic lucht púistí 'gus dúidíní geibhre leg. dúidín Uí Ghadhra. Gabhaid 'na slógadh faoi chéile go faobharach fíochmhar, mar leoin gortach tréimhse nó tréad do mhic tíre. Ba scanraitheach iad le feicsin ag sceilpeáil a chéile le claímhthe, le speilte 's le pící caoilghéara. Bhíodh súistí dá gcasadh ann is tuaghtaí cúlramhar, meallóga is sceana agus corráin gharbhcham. Do bhí fuil ann 'na sruithibh, mar mhaoím de dhruim sléibh', plaoisc is cnámha eile géartha le faobhar. Is cróloite cneadhach do bhí óg agus aosta - níorbh iongnadh do cailleadh ann fear is seacht gcéadta.
Is gnách iad gan dearmad ag tine chnámh agus tórramh. Bíthear dá lorg ag rince agus cóisir.
Is folláin gal do shlogadh do lucht piasta nó traoite, is ní taise é leigheas carraigh nó tochas i laidhre.
Báthadh is basgadh ar lucht an mhanglaim is gurab measa ná san do lucht a cheannaithe, ná téann san taobh thoirtheas don oileán, mar a n-éiríonn an ghrian gach aonlá, mar a bhfaighdís tobac donn duilleogach mar chriosacháin na caoireach. Ná cuir san diabhal é ná caith ar an iarta é. Do chuir sé mo thuirne is mo chúpla carda amú orm. Dar fia do bhainfeadh sé broim as cladhaire Sagsanaigh nó braon óna shúil le linn a tharraingte. Do bhainfeadh sé pramsach as mhnáibh Gallda agus síorchac, srannán as mhnáibh coigeal agus scaoilteacht, leagadh nó togha brama as fhear slaite i dteannta an chéachta. Tá sé buan cruaidh láidir gan mhiodam gan ghiodam gan chnáthairt. Do dhéanfadh sé bradach do chapaillibh fiáine lá Márta.
Is tarbhach croí do dhuine dealbh.
ach tobac breá cumhra ó chúil an mhargaidh darab fiú chúig phúnt gach aon tarraingt de.
Ní hé teilg caith ar a hiarta é ná teilg san diabhal é.
ní bheinn lá eile ina éamais ar phíosa breá buí.
is dá bhfaighinn é le caitheamh mar do ghaibhid na táinte bheinn chomh foránta le Conán na Féinne bheinn im mhórshláinte is gan spádh 'gam le héinne.
is mór é a chuid deataigh agus is beag é a chuid luatha.
is ba mhaith le saor nó maor ailp 'na bpluic de casta.
dob ait le húcairí a bheith dá shú is dá shlogadh í is níorbh aite ná le fíodóirí bheith dá shíor-ól in aimsir na Nollag dob ait le buachaill bó gal nó dhó ar maidin de is dar ndóigh níorbh aite ná liom féin faid na téide d'fháil gan dada dhe
dob ait le fíodóir a bheith dá shíor-ól os cionn an airte.
chuirfeadh sé bruic as poill is francaigh is ar mhic tírí chuirfeadh scanradh do dhéanfadh súd gan amhras is chuirfeadh dreancaidí as leapacha.
thabharfadh sé caint do dhuine bhalbh is bhainfeadh cnead as bhanbh.
Coisceann sé gleo agus imreasán go laethúil agus aimhleas, méadaíonn sé meanmna, ardaíonn sé an intinn ionnas gur leor mar aoibhneas agus mar shólás a bheith a dúghadh an dúidín maidin sheaca gheimhridh nó earraigh. Is fiosach do gach n-aon gur compord é d'óg is d'aosta do bhrí go bhfaighid fiú na bpáistí sult agus sásamh ann an tráth bhíd gan easpa an aráin nó na phataí dearga.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services