Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Moladh an Tobac

Title
Moladh an Tobac
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1779
Publisher
(B.Á.C.: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MOLADH AN TOBAC



Moladh an tobac anso



Ag seo cáilíocht an tobac ó Iath Chríostóir: donn díreach
duilleogach fírinneach fíorimeachtúil foléimneach scothógach slán-
chluasach, ag méadú meanmna agus ag laghdú cathaithe; díolann
sé an t-airgead tinteáin gach lá gan amhras 's do gheobhadh páiste
sult agus sásamh ann gan plaic aráin aige le brú lá breá samhraidh.




A ghiolla an phíopa, an fíor san nó an cóir sin,
cé acu is fearr gal as an bpíopa nó snaoisín chun na sróna?
'S é 'deir Oscar mac Oisín fear coimheascair na Féinne
gurbh fhearr gal as an bpíopa ná snaoisín na hÉireann.
Idir an snaoisín 's an píopa d'eirigh na taoisigh chun a chéile,
's do cailleadh san mbruín sin cúig fhear is seacht gcéadta.
Is gnách le tobac maith bheith so-bhlasta so-ólta.
Is folláin don ghoile é mar 'deirid lucht eolais.
'S rómhaith tobac is snaoisín ar bhaiste 's ar phósadh
óir déanann sult agus sásamh do lánúnacha óga.


L. 121


Is compord é dá caitheamh idir caraid is comharsain.
Och! och! bímíd seal gan gal le hól de,
's a Rí geal na bhfeart tar agus fóir orainn.
Scaoil orainn feasta é go gcaithfeam ar ndóthain.
Is maith gal de as píopa agus snaoisín ar maidin,
duilleog faoin bhfiacail 's a chur siar é dá chogaint.
Is maith gal de faoi shúsa do lucht múchadh is réama,
's is rómhaith gal maidne do lucht silidh is méathrais.
Nár fheiceadh sé fia, giorria, cú ná cat
an té bheadh go holc choíche faoi phípín tobac.
Gaibh chugad, be sure, trinsiúr drongach dairí,
scianín scothfhaobhrach agus aithinne sailí,
dearg smalcaire an tinteáin is do gheobhair mná suirí.
'S é seo an tobac donn, dorcha, dílis, ramhar,
cnaist mharthanach, do lasadh mar phíosa giúis.
A dheargadh níor dheacair i bpípín chumhang,
ach barra beag don aithinne do luí ar a shúil.
Ná tabhair do bhacach, d'fhalmaire ná do mhnaoi cuairte
ach do chaptaoin, d'fhear brataí nó do mhnaoi uasal.
Dar fia bhainfeadh sé broim ón tóin, sriath ón tsrón agus
diabhal ón anam.
Ní hé an tuit é, ní hé an tait é,
ní hé manglam fuar ná tais é,
ní hé scuabadh sráide Cluana Meala é,
ach luibh bhreá bheannaithe tháinig i bhfad é.
Ní hé séidse, a bhuachaill, ná deargse, a chailín,
is fearra dhuit lán píopa dhe ná caoire is builín.


L. 122


Cé go gcuireann sé mo ghnótha amú orm, mo thuirne 's mo
chardaí
gidheadh ní bheinn in easpa ó chailleas mo shláinte.
Is planda é do tháinig ó oileán na gréine,
planda fíor-uasal 's is crá croí bheith in éamais.
'S é an mhín mhín é 's é an caoin caoin é, is bréidín deas
cóirithe é.
Tá blas na meala air agus boladh an ubhaill chumhra.
Is rófhuras a dheargadh 's is deacair a mhúchadh
's is róbheag do gheobhadh cailleach de nuair chacfadh sí fúithi.
Dob ait le buachaill bó ag briseadh an drúchta ar maidin é.
Dob ait le búistéir é ag díol a chuid feola ar stalla é.
Dob ait le táilliúir ina mbíodh stráisiún whif le caitheamh de
's níorbh aite ná le gréasaí bheith ina bhéilín is é ag geangair-
eacht.
Dob ait le maighdean óg gal nó dhó tar éis a balcaithe
is le spealadóir ina mhealbhóg cúpla duilleog casta dhe.
Is mór an laghdú don dochtúir é mar adeir lucht an tairngreacht
mara bhfaighid púnt gan chontúirt níl le fáil leathphingin.
Ní síol fuamairí ná fámairí, dealg i súisín, bod ar ghualainn ná
steall ar staighre
do chas an tobac so tháinig ó Mhéiríland chun Uilliam Uí
Ghadhra,
ach ógánach álainn dea-mhaitheasach, dea-ghníomhach, is
maith a cháilíocht.
Chuirfeadh sé muca as potátaí, lucha as stácaí, madraí rua dá
leapachaibh,
míol buí i dteannta agus mic tíre as gleannta.
Do chuirfeadh sé bod 'na sheasamh ar dhuine marbh


L. 123


bheadh le seacht mbliain seacht míle thíos ins an talamh.
Do bhainfeadh sé broim as tarbh 's treighid as leanbh.
Lánúnacha an domhain 's a mbeith in eascairdeas le chéile
caithidís lán píopa dhe go miochaire mín maorga
agus beidh siad faoi mhaidin gan mhoill i ngabhal a chéile:
"upon my soul you moved me fairly fairly fairly".
Ag so cuntas díreach díbhse, a cháirde grách,
ar an drong daoine bhí ar meisce faoin gclár
ón tobac bríomhar ba mhilse mar a n-abraid cách
ná beoir is fíonta na críche seo Inse Fáil.



LÍNTE BREISE


L. 120


B 1822-38ls 19T
D'eirigh Murchadh an smuga faoi chuthach is faobhar air
is do dhearbhaigh dar Muiris go dtug Donnchadh an t-éitheach.
Éiríos Donnchadh 'na sheasamh is cuirios feirc ar a bhéabhar,
beireann ar bhata agus smailceann sé smaosach.
Tráth chíos Murchadh an smuga a chuid clairéad á taosgadh,
béiceann is búireann is liúnn ar a ghaolta.
Cnuasaíd 'na dtrúpaíbh slua boscaí 'gus adharca
chun comhraic lucht púistí 'gus dúidíní geibhre leg. dúidín Uí
Ghadhra.
Gabhaid 'na slógadh faoi chéile go faobharach fíochmhar,
mar leoin gortach tréimhse nó tréad do mhic tíre.
Ba scanraitheach iad le feicsin ag sceilpeáil a chéile
le claímhthe, le speilte 's le pící caoilghéara.
Bhíodh súistí dá gcasadh ann is tuaghtaí cúlramhar,
meallóga is sceana agus corráin gharbhcham.
Do bhí fuil ann 'na sruithibh, mar mhaoím de dhruim sléibh',
plaoisc is cnámha eile géartha le faobhar.
Is cróloite cneadhach do bhí óg agus aosta -
níorbh iongnadh do cailleadh ann fear is seacht gcéadta.



B 1845ls 19L
Is gnách iad gan dearmad ag tine chnámh agus tórramh.
Bíthear dá lorg ag rince agus cóisir.



B 1822-38ls 19T
Is folláin gal do shlogadh do lucht piasta nó traoite,
is ní taise é leigheas carraigh nó tochas i laidhre.


L. 121


B 1822ls 19T
Báthadh is basgadh ar lucht an mhanglaim
is gurab measa ná san do lucht a cheannaithe,
ná téann san taobh thoirtheas don oileán,
mar a n-éiríonn an ghrian gach aonlá,
mar a bhfaighdís tobac donn duilleogach mar chriosacháin na caoireach.
Ná cuir san diabhal é ná caith ar an iarta é.
Do chuir sé mo thuirne is mo chúpla carda amú orm.
Dar fia do bhainfeadh sé broim as cladhaire Sagsanaigh
nó braon óna shúil le linn a tharraingte.
Do bhainfeadh sé pramsach as mhnáibh Gallda agus síorchac,
srannán as mhnáibh coigeal agus scaoilteacht,
leagadh nó togha brama as fhear slaite i dteannta an chéachta.
Tá sé buan cruaidh láidir gan mhiodam gan ghiodam gan chnáthairt.
Do dhéanfadh sé bradach do chapaillibh fiáine lá Márta.



B 1822-38ls 19T
Is tarbhach croí do dhuine dealbh.



B 1822ls 19T
ach tobac breá cumhra ó chúil an mhargaidh
darab fiú chúig phúnt gach aon tarraingt de.



B 1779-1845ls 18D
Ní hé teilg caith ar a hiarta é ná teilg san diabhal é.


L. 122


B 1822lsc 19T
ní bheinn lá eile ina éamais ar phíosa breá buí.



B 1822-38ls 19T
is dá bhfaighinn é le caitheamh mar do ghaibhid na táinte
bheinn chomh foránta le Conán na Féinne
bheinn im mhórshláinte
is gan spádh 'gam le héinne.



B 1822ls 19T
is mór é a chuid deataigh agus is beag é a chuid luatha.



B 1822-38ls 19T
is ba mhaith le saor nó maor ailp 'na bpluic de casta.



B 1822ls 19T
dob ait le húcairí a bheith dá shú is dá shlogadh í
is níorbh aite ná le fíodóirí bheith dá shíor-ól in aimsir na Nollag
dob ait le buachaill bó gal nó dhó ar maidin de
is dar ndóigh níorbh aite ná liom féin faid na téide d'fháil gan dada dhe



B 1779ls 18D
dob ait le fíodóir a bheith dá shíor-ól os cionn an airte.



B 1822-38ls 19T
chuirfeadh sé bruic as poill is francaigh
is ar mhic tírí chuirfeadh scanradh
do dhéanfadh súd gan amhras
is chuirfeadh dreancaidí as leapacha.


L. 123


thabharfadh sé caint do dhuine bhalbh
is bhainfeadh cnead as bhanbh.




Coisceann sé gleo agus imreasán go laethúil agus aimhleas, méadaíonn sé
meanmna, ardaíonn sé an intinn ionnas gur leor mar aoibhneas agus mar shólás
a bheith a dúghadh an dúidín maidin sheaca gheimhridh nó earraigh. Is
fiosach do gach n-aon gur compord é d'óg is d'aosta do bhrí go bhfaighid
fiú na bpáistí sult agus sásamh ann an tráth bhíd gan easpa an aráin nó na
phataí dearga.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services