Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Marbhna ar Aodh Buidhe Ó Domhnaill
Title
Marbhna ar Aodh Buidhe Ó Domhnaill
Author(s)
Mac an Bhaird, Somhairle,
Compiler/Editor
Mac Cárthaigh, Eoin
Composition Date
1649
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1999)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MARBHNA AR AODH BUIDHE Ó DOMHNAILL 1649 Somhairle mac Fearghail mheic Uilliam Óig Mheic an Bhaird do rinde an mharbhnadh so d'Aodh Ó Dhomhnaill:
Neart gach tíre ar Thír Chonaill tug dhi drud re daordhodhaing nach léir ceart dá dhéinimh dhi tre neart gach éinfhir uirre. Neart gach aoin uirre re headh tre a bhfuair sí d'ulc na n-aimsear, 's a neart féin cuirthear ar gcúl - ní fuighthear céim gan chlaochlúdh. Líon trí ríoghacht dá rochtain; náision eile d'iomarcaidh; Tír Chonaill fa dhoghra de;
a bhforghla ag robhuing riai-se. Siad dá hagra - 's ní cúis cheirt an méid-se ar uille a haimhneirt, an oidhreacht mar nar dhual dáibh - mo-nuar! le foirneart forráin. Mar tá sí i seilbh gach cuire, 's gan í i n-urláimh éanduine, toil gach duine do-ní a-nos 's í fa gach uire i gconcos. Tugsad so d'antrom uirre go gcuirthear í i n-anbhfainne le huille an antruim dá sníomh, buime altraim na n-airdríogh. Ní mhair an toil budh toil di; ní mhair, trá, a feidhm ná a foirm-se; gidh é a croidhe a-mháin ní mhar do ghráin fan oire d'iomchar. Dóigh nach guil i ndán di-se aithéirghe ón teidhm tinnis-se a-tá dá tinmheadh re treall; ro lá an fhinngheal dá hinneall. Créad fá mbiadh dá teidhm tuisle éirghe san chrích Conaill-se don aimhneart dá sléachtann sin ó ghaillreacht éachtdrong n-ainghidh? Alba ar n-éag Ualas daithigh, drong nar lé dá lánchaithimh, don eing shaoir-se as sé as samhail re ré a daoirse ag danaraibh. an Iothruaidh bhós do bhí i bpéin ar ndol Ching Randail roithréin, gach roineimh san rinn dá guin ar n-oidhidh chinn a cosnaimh. An Rí Sailbearna di ar ndol, críoch Lochlann fa bhróin bhiodhbhadh dá nuaroinn gan dísle ón druing, tuaraim don chrích-se Conaill. Mór gcríoch eile dá n-easbhaidh bhíos fa léan, lán d'imreasnaibh iar mbás a ruireadh do rinn; cás a dtuireamh acht tuairim.
Tír Chonaill - ní beart bhisigh! - ar chor na gcríoch n-eilei-sin; ón ló téarná a seise soin, éanlá treise ní tharraidh. As é éag a hAodha féin tug an chríoch uile d'aoinmhéin fan ngaillreacht-sa dá sní a seadh 's do-ní a haimhneart-sa d'inneal. Aodh Buidhe Ó Domhnaill do dhol, tuigeadh cách gurb é as adhbhar dar léir d'airmeartaibh re a hais 'gun fhéin airmeartaigh amhnais. Ní bhiadh sí uadh gan iomghuin dá maireadh mac Toirrdhealbhaigh fan smaichtfhréimh as dochar dhi tre rochur aintréin uirre. San taoibh-se theas do chlár Cuinn as sia d'Fhódla ó chrích Conaill, dá maireadh triath Baoille a-bhus, ní bhiath daoire ar a dhúthchas. Gach aird fa fhonn bhFódla ar fad do bhíodh Aodh re hucht námhad do mhian anacail dá fhonn ar anshocair fhian n-eachtrann. Tearc áit nó lios i Laighnibh in nar chuir treas tréanainghidh ar aoi an ghlanfhuinn budh dluigh dhó do mhuigh thadhaill suil téarnó. Gá fód i gcóigeadh Chon Raoi in nach uair - 's níor fheidhm éanlaoi! - gleó ón daorfhuil-se chraoi Cuinn ar aoi an chaomhfhuinn-se Conaill? Iomdha leacht is luighe Goill, iomdha cúirt mhór 'na mionroinn dá fheidhm gliadh i moigh Meadhbha tar toil a bhfian bhfírfheardha. Ní lugha san iath Ultach áit a ghleó ndoirbh ndíoghaltach - fear re mbíodh gráin ag Gallaibh - ag díon an chláir Chonallaigh.
Dob é a bheó-san a beó soin; dob é a bhás a bás bunaidh; teasda an tír i n-éanló is Aodh; a mbrígh do-éarnó d'éantaobh. Téid tríthe ón taobh go céile rinn fheille ó aos mímhéine d'éag an té 'gar fhearr ise ós é nar fheall uirrei-se. Mar tá, ar n-éag Aodha Í Dhomhnaill, fa bhreith dhoirbh gach danarGhoill, dob amhdháigh gan éag don eing 's an tréad anbháil cia hinghreim. Gérbh easumhal í re a linn a-tá a-nois, 's níorbh é a hinntinn, umhal dá gach aon fa nimh dá pudhar tre Aodh d'oighidh. Gur chuir sí a marcach dá muin, each iomchair fhola Dálaigh, nochar fhaomh duine ar a druim suidhe ó Aodh ina hughaim. Sompla as cóir 'na conchlann so tarla i sdair uaignigh aosda; fáth na sdaire as cuirthe i gcéill 's a raibhe uirthe d'oilbhéim. Rí an domhain ó ur go hur mac Pilip, Alax-andar; cáin 'gun rígh ar gach ruire do bhrígh áigh is amhsaine. Each 'gun rígh budh ríoghdha breath; tearc do bhí ar domhan daoineach i measg each a samhail sin; breath 'na haghaidh níorbh éidir. 'S í 'gun rígh-se fa mhuirn mhóir trér dháil di d'aoibh is d'onóir, ní muirn nar mheisnigh a bríogh muirn an eich-sin an airdríogh. Gléasdar uadh dá inntleacht féin udhaim dhaor don each ainnséin, 's do-ní a caomhna ar a chomhair an rí saordha séanamhail.
Gidh bé tráth do trialladh sin san udhaim shéaghainn shuaithnidh, a sheal dob ágbhras innte greadh na n-álgas n-éigcinnte. Ní léigeadh aoinneach uirre an tan-sa, ar aoi a hudhaime, acht rí an chruinne - 's fa dleacht dí: níor chleacht uirre acht an t-airdrí. Marcshluagh gach fuinn toir is tiar 's a mbeith an uair-se an aoinrian, marcach dob fhearr ar fhéasgain an seang faltach fíréasgaidh. d'aithle an ríogh do dhol dá druim, 's a beith fós uadh gan udhaim, mar do bhí an fhionnghlan dá éis ní dob iongnadh re a fhaisnéis. Níor dhiúlt sí marcach dá muin nó neach, dá tháire, ar talmhain tarla uirre, d'omhan cáigh, ar mbloghadh chuinge a conáigh. Oidhidh Alasdair Uaibhrigh tug í i n-inntinn anshuaimhnigh, 's gach ceart dar aisdrigh re a ais nar chleacht d'fhaicsin 'na héagmhais. Mac Pilip ar nAodh Uladh, Tír Chonaill ad-chualabhar an t-each sbreagtha nar cheart cuing, is neart í Earca an udhaim. Ua Cathbhairr nar dhíon doibheart, triath budh maith dá marcaigheacht: ar aoi a neirt ar neartdhroing Gall, ceilt a leathtroim no-s lamhann. Do-ní gach duine dóigh dhi ar ndol uaithe d'Aodh Buidhe; each dá dol fan uile í, an tol gach cuire ad-chluintí. Mar do bhí each airdríogh cáigh d'éis a marcaigh fa mhíobháidh 's gan an udhaim budh dual di, do fhulaing duadh is doilghe.
Tír Chonaill san chruth-sa ar gclódh fa a marcach dil do dhíoghbhódh, 's tre dhíoghbhádh áigh chalma í Chuinn don tsáimh amhra dob udhaim. An bhuaidh do bhí uirre ag Aodh - glór gach droinge - an ndol d'éantaobh, nach uirre do-arla acht air ar uille a faghla fionntair. Dá haimhneart, ar aoi a forlainn, leigidh osnaidh éagcomhlainn; d'eing na dtreabh dtaobhacla dte fear a caomhanta as caointe. Tuile raith gan díoghbhódh dhi re a linn féin fa úr nÉirne; ar Aodh Buidhe do bhí sin, ós tuile í do imthigh. Don eing shaoir ní réim reabhraidh imtheacht oighir Toirrdhealbhaigh, gnaoi a faghla, a saoileachtain sin, aoinEarcail calma a chinidh. Beag as neartmhar díobh dá dhol sliocht cogthach Conaill Ghulban; tuigid gach laoi a dheacra dháibh ar aoi a n-eachtra 's a n-ansháidh?. Beadhgaidh uile ar ngreasacht guil Conallach ón tráth torchair - 's clann Dálaigh, gé dodhaing dháibh - grádhfhuil í Chonaill Chruacháin. Cia an aoineang d'Éirinn iobhraigh gan mhaoith fa mhac Toirrdhealbhaigh - mar ... athardha is gairm ghill - d'ainm a chathfhoghla i gcoitchinn? Gé leó do thuit Aodh 's gidh eadh, Goill féin gan cheilt dá chaoineadh tre chosg forlainn ghéirreann nglan 's ar fhoghlaim céimeann curadh. Bíodh go dtarla an tan-sa i mbroid, locthar leis bheith 'na bhrághaid 'gun ealbha ainghidhe a-mháin d'ainmhire meanma an mhacáimh.
Cuirid Aodh Ó Domhnaill díobh fóir Londan a los feillghníomh - damhradh nar chonchlann d'ú Cuinn dá bhfaghbhadh comhthrom comhlainn. Tuitis le Gallaibh ghuirt Néill i Loch Garman - gníomh aigmhéil! - sé fa úr ann níor saoileadh; Dún na nGall dá ghnáthchaoineadh. Caoinidh fós gan choimse an chaoi mac Síle ar fheadh gach éanlaoi fairrge a thíre ar aoi a hanfaidh; as caoi fhíre a héagnachghoimh. Ionann téid tar bharruibh beann na sliabh n-ard 's na n-ard n-íseall fairrge ó gConaill, ucht re hucht; dodhaing a hairde d'amharc. Sruth Éirne bhós is Banna gealladh d'éantaoibh eatarra: triall dá chaoi i gcoinne a chéile gan mhoille an aoi n-aithmhéile. Don taobh thuaidh ní gheinid guirt tre ua na dtrí nAodh n-ordhairc; cuma a dtreabhthair d'úir budh-eacht gan súil dtreabhthaigh re a toidheacht. Coill chnuais gan chnuas dá los-soin, lacht buair san chruth chéadna-soin, tráigh gan taradh, úir gan ioth, talamh túir nocha toirtheach. Dursan mar tá a nós a-niodh: síon ag reódh dar bhéas bruithean 's gaoth ag boing fhoichneadh a húir fa choim fhoithreadh gach allbhrúigh. Tig gach olc - gá dtáthar dhó - d'éis Aodha as adhbhar iarghnó; téid gach maith uainn ar eachtra ler bhflaith i n-uair imtheachta. Cia an éanmhaith dá airde glóir nach fuair sé d'fhoirm is d'onóir go dol d'úr tar bhaidhbh Bearnais, a ghairm ag túr tighearnais?
Caidhe fós éanainm inghill nach fuair an séimh suilbhirghrinn do bhríogh créichtiorghal laoch lonn ler thraoth éichtfhionghal eachtrann? Guais d'inntleacht aonduine a-mháin ríomh a theasd n-inghill n-anbháil; tiaghaid uann gan chur i gcéill; dul dá luadh nocha láinréidh. Cur a chaithréime i gcuimhne ciodh acht mana mórdhuilghe, 's buailte faghha an ghnéishlim ghloin 'na ngarrdha um Éirinn iobhraigh? Ré nach fuair dá bhfaghadh sé, dearbhthar air d'iúl is d'fhínné narbh éidir ... d'ainm an fhir 's a ghairm san chéim a gcluintir. Treabh eile nar fhagha an fear go ria sé áras aingeal; gach aonadhbha go ndeach de acht teach naomhamhra nimhe. Cúig dheich acht bhiadhain a-bháin, sé chéad déag d'aois an annáil ag saor na cruinne - gan chiaigh - go luighe d'Aodh fa úirchriaidh. Aonlocht Aodha Buidhe a-bháin girre a ré an talmhain tonnbháin - ruire ceirtghníomh do choimhdhe, neirtghríobh mhuighe Modhairne. NEART
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services