Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marbhna ar Aodh Buidhe Ó Domhnaill

Title
Marbhna ar Aodh Buidhe Ó Domhnaill
Author(s)
Mac an Bhaird, Somhairle,
Compiler/Editor
Mac Cárthaigh, Eoin
Composition Date
1649
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1999)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MARBHNA AR AODH BUIDHE Ó DOMHNAILL 1649



Somhairle mac Fearghail mheic Uilliam Óig Mheic an Bhaird do
rinde an mharbhnadh so d'Aodh Ó Dhomhnaill:




Neart gach tíre ar Thír Chonaill
tug dhi drud re daordhodhaing
nach léir ceart dá dhéinimh dhi
tre neart gach éinfhir uirre.



Neart gach aoin uirre re headh
tre a bhfuair sí d'ulc na n-aimsear,
's a neart féin cuirthear ar gcúl -
ní fuighthear céim gan chlaochlúdh.



Líon trí ríoghacht dá rochtain;
náision eile d'iomarcaidh;
Tír Chonaill fa dhoghra de;


L. 48


a bhforghla ag robhuing riai-se.



Siad dá hagra - 's ní cúis cheirt
an méid-se ar uille a haimhneirt,
an oidhreacht mar nar dhual dáibh -
mo-nuar! le foirneart forráin.



Mar tá sí i seilbh gach cuire,
's gan í i n-urláimh éanduine,
toil gach duine do-ní a-nos
's í fa gach uire i gconcos.



Tugsad so d'antrom uirre
go gcuirthear í i n-anbhfainne
le huille an antruim dá sníomh,
buime altraim na n-airdríogh.



Ní mhair an toil budh toil di;
ní mhair, trá, a feidhm ná a foirm-se;
gidh é a croidhe a-mháin ní mhar
do ghráin fan oire d'iomchar.



Dóigh nach guil i ndán di-se
aithéirghe ón teidhm tinnis-se
a-tá dá tinmheadh re treall;
ro lá an fhinngheal dá hinneall.



Créad fá mbiadh dá teidhm tuisle
éirghe san chrích Conaill-se
don aimhneart dá sléachtann sin
ó ghaillreacht éachtdrong n-ainghidh?



Alba ar n-éag Ualas daithigh,
drong nar lé dá lánchaithimh,
don eing shaoir-se as sé as samhail
re ré a daoirse ag danaraibh.



an Iothruaidh bhós do bhí i bpéin
ar ndol Ching Randail roithréin,
gach roineimh san rinn dá guin
ar n-oidhidh chinn a cosnaimh.



An Rí Sailbearna di ar ndol,
críoch Lochlann fa bhróin bhiodhbhadh
dá nuaroinn gan dísle ón druing,
tuaraim don chrích-se Conaill.



Mór gcríoch eile dá n-easbhaidh
bhíos fa léan, lán d'imreasnaibh
iar mbás a ruireadh do rinn;
cás a dtuireamh acht tuairim.


L. 49


Tír Chonaill - ní beart bhisigh! -
ar chor na gcríoch n-eilei-sin;
ón ló téarná a seise soin,
éanlá treise ní tharraidh.



As é éag a hAodha féin
tug an chríoch uile d'aoinmhéin
fan ngaillreacht-sa dá sní a seadh
's do-ní a haimhneart-sa d'inneal.



Aodh Buidhe Ó Domhnaill do dhol,
tuigeadh cách gurb é as adhbhar
dar léir d'airmeartaibh re a hais
'gun fhéin airmeartaigh amhnais.



Ní bhiadh sí uadh gan iomghuin
dá maireadh mac Toirrdhealbhaigh
fan smaichtfhréimh as dochar dhi
tre rochur aintréin uirre.



San taoibh-se theas do chlár Cuinn
as sia d'Fhódla ó chrích Conaill,
dá maireadh triath Baoille a-bhus,
ní bhiath daoire ar a dhúthchas.



Gach aird fa fhonn bhFódla ar fad
do bhíodh Aodh re hucht námhad
do mhian anacail dá fhonn
ar anshocair fhian n-eachtrann.



Tearc áit nó lios i Laighnibh
in nar chuir treas tréanainghidh
ar aoi an ghlanfhuinn budh dluigh dhó
do mhuigh thadhaill suil téarnó.



Gá fód i gcóigeadh Chon Raoi
in nach uair - 's níor fheidhm éanlaoi! -
gleó ón daorfhuil-se chraoi Cuinn
ar aoi an chaomhfhuinn-se Conaill?



Iomdha leacht is luighe Goill,
iomdha cúirt mhór 'na mionroinn
dá fheidhm gliadh i moigh Meadhbha
tar toil a bhfian bhfírfheardha.



Ní lugha san iath Ultach
áit a ghleó ndoirbh ndíoghaltach -
fear re mbíodh gráin ag Gallaibh -
ag díon an chláir Chonallaigh.


L. 50


Dob é a bheó-san a beó soin;
dob é a bhás a bás bunaidh;
teasda an tír i n-éanló is Aodh;
a mbrígh do-éarnó d'éantaobh.



Téid tríthe ón taobh go céile
rinn fheille ó aos mímhéine
d'éag an té 'gar fhearr ise
ós é nar fheall uirrei-se.



Mar tá, ar n-éag Aodha Í Dhomhnaill,
fa bhreith dhoirbh gach danarGhoill,
dob amhdháigh gan éag don eing
's an tréad anbháil cia hinghreim.



Gérbh easumhal í re a linn
a-tá a-nois, 's níorbh é a hinntinn,
umhal dá gach aon fa nimh
dá pudhar tre Aodh d'oighidh.



Gur chuir sí a marcach dá muin,
each iomchair fhola Dálaigh,
nochar fhaomh duine ar a druim
suidhe ó Aodh ina hughaim.



Sompla as cóir 'na conchlann so
tarla i sdair uaignigh aosda;
fáth na sdaire as cuirthe i gcéill
's a raibhe uirthe d'oilbhéim.



Rí an domhain ó ur go hur
mac Pilip, Alax-andar;
cáin 'gun rígh ar gach ruire
do bhrígh áigh is amhsaine.



Each 'gun rígh budh ríoghdha breath;
tearc do bhí ar domhan daoineach
i measg each a samhail sin;
breath 'na haghaidh níorbh éidir.



'S í 'gun rígh-se fa mhuirn mhóir
trér dháil di d'aoibh is d'onóir,
ní muirn nar mheisnigh a bríogh
muirn an eich-sin an airdríogh.



Gléasdar uadh dá inntleacht féin
udhaim dhaor don each ainnséin,
's do-ní a caomhna ar a chomhair
an rí saordha séanamhail.


L. 51


Gidh bé tráth do trialladh sin
san udhaim shéaghainn shuaithnidh,
a sheal dob ágbhras innte
greadh na n-álgas n-éigcinnte.



Ní léigeadh aoinneach uirre
an tan-sa, ar aoi a hudhaime,
acht rí an chruinne - 's fa dleacht dí:
níor chleacht uirre acht an t-airdrí.



Marcshluagh gach fuinn toir is tiar
's a mbeith an uair-se an aoinrian,
marcach dob fhearr ar fhéasgain
an seang faltach fíréasgaidh.



d'aithle an ríogh do dhol dá druim,
's a beith fós uadh gan udhaim,
mar do bhí an fhionnghlan dá éis
ní dob iongnadh re a fhaisnéis.



Níor dhiúlt sí marcach dá muin
nó neach, dá tháire, ar talmhain
tarla uirre, d'omhan cáigh,
ar mbloghadh chuinge a conáigh.



Oidhidh Alasdair Uaibhrigh
tug í i n-inntinn anshuaimhnigh,
's gach ceart dar aisdrigh re a ais
nar chleacht d'fhaicsin 'na héagmhais.



Mac Pilip ar nAodh Uladh,
Tír Chonaill ad-chualabhar
an t-each sbreagtha nar cheart cuing,
is neart í Earca an udhaim.



Ua Cathbhairr nar dhíon doibheart,
triath budh maith dá marcaigheacht:
ar aoi a neirt ar neartdhroing Gall,
ceilt a leathtroim no-s lamhann.



Do-ní gach duine dóigh dhi
ar ndol uaithe d'Aodh Buidhe;
each dá dol fan uile í,
an tol gach cuire ad-chluintí.



Mar do bhí each airdríogh cáigh
d'éis a marcaigh fa mhíobháidh
's gan an udhaim budh dual di,
do fhulaing duadh is doilghe.


L. 52


Tír Chonaill san chruth-sa ar gclódh
fa a marcach dil do dhíoghbhódh,
's tre dhíoghbhádh áigh chalma í Chuinn
don tsáimh amhra dob udhaim.



An bhuaidh do bhí uirre ag Aodh
- glór gach droinge - an ndol d'éantaobh,
nach uirre do-arla acht air
ar uille a faghla fionntair.



Dá haimhneart, ar aoi a forlainn,
leigidh osnaidh éagcomhlainn;
d'eing na dtreabh dtaobhacla dte
fear a caomhanta as caointe.



Tuile raith gan díoghbhódh dhi
re a linn féin fa úr nÉirne;
ar Aodh Buidhe do bhí sin,
ós tuile í do imthigh.



Don eing shaoir ní réim reabhraidh
imtheacht oighir Toirrdhealbhaigh,
gnaoi a faghla, a saoileachtain sin,
aoinEarcail calma a chinidh.



Beag as neartmhar díobh dá dhol
sliocht cogthach Conaill Ghulban;
tuigid gach laoi a dheacra dháibh
ar aoi a n-eachtra 's a n-ansháidh?.



Beadhgaidh uile ar ngreasacht guil
Conallach ón tráth torchair -
's clann Dálaigh, gé dodhaing dháibh -
grádhfhuil í Chonaill Chruacháin.



Cia an aoineang d'Éirinn iobhraigh
gan mhaoith fa mhac Toirrdhealbhaigh -
mar ... athardha is gairm ghill -
d'ainm a chathfhoghla i gcoitchinn?



Gé leó do thuit Aodh 's gidh eadh,
Goill féin gan cheilt dá chaoineadh
tre chosg forlainn ghéirreann nglan
's ar fhoghlaim céimeann curadh.



Bíodh go dtarla an tan-sa i mbroid,
locthar leis bheith 'na bhrághaid
'gun ealbha ainghidhe a-mháin
d'ainmhire meanma an mhacáimh.


L. 53


Cuirid Aodh Ó Domhnaill díobh
fóir Londan a los feillghníomh -
damhradh nar chonchlann d'ú Cuinn
dá bhfaghbhadh comhthrom comhlainn.



Tuitis le Gallaibh ghuirt Néill
i Loch Garman - gníomh aigmhéil! -
sé fa úr ann níor saoileadh;
Dún na nGall dá ghnáthchaoineadh.



Caoinidh fós gan choimse an chaoi
mac Síle ar fheadh gach éanlaoi
fairrge a thíre ar aoi a hanfaidh;
as caoi fhíre a héagnachghoimh.



Ionann téid tar bharruibh beann
na sliabh n-ard 's na n-ard n-íseall
fairrge ó gConaill, ucht re hucht;
dodhaing a hairde d'amharc.



Sruth Éirne bhós is Banna
gealladh d'éantaoibh eatarra:
triall dá chaoi i gcoinne a chéile
gan mhoille an aoi n-aithmhéile.



Don taobh thuaidh ní gheinid guirt
tre ua na dtrí nAodh n-ordhairc;
cuma a dtreabhthair d'úir budh-eacht
gan súil dtreabhthaigh re a toidheacht.



Coill chnuais gan chnuas dá los-soin,
lacht buair san chruth chéadna-soin,
tráigh gan taradh, úir gan ioth,
talamh túir nocha toirtheach.



Dursan mar tá a nós a-niodh:
síon ag reódh dar bhéas bruithean
's gaoth ag boing fhoichneadh a húir
fa choim fhoithreadh gach allbhrúigh.



Tig gach olc - gá dtáthar dhó -
d'éis Aodha as adhbhar iarghnó;
téid gach maith uainn ar eachtra
ler bhflaith i n-uair imtheachta.



Cia an éanmhaith dá airde glóir
nach fuair sé d'fhoirm is d'onóir
go dol d'úr tar bhaidhbh Bearnais,
a ghairm ag túr tighearnais?


L. 54


Caidhe fós éanainm inghill
nach fuair an séimh suilbhirghrinn
do bhríogh créichtiorghal laoch lonn
ler thraoth éichtfhionghal eachtrann?



Guais d'inntleacht aonduine a-mháin
ríomh a theasd n-inghill n-anbháil;
tiaghaid uann gan chur i gcéill;
dul dá luadh nocha láinréidh.



Cur a chaithréime i gcuimhne
ciodh acht mana mórdhuilghe,
's buailte faghha an ghnéishlim ghloin
'na ngarrdha um Éirinn iobhraigh?



Ré nach fuair dá bhfaghadh sé,
dearbhthar air d'iúl is d'fhínné
narbh éidir ... d'ainm an fhir
's a ghairm san chéim a gcluintir.



Treabh eile nar fhagha an fear
go ria sé áras aingeal;
gach aonadhbha go ndeach de
acht teach naomhamhra nimhe.



Cúig dheich acht bhiadhain a-bháin,
sé chéad déag d'aois an annáil
ag saor na cruinne - gan chiaigh -
go luighe d'Aodh fa úirchriaidh.



Aonlocht Aodha Buidhe a-bháin
girre a ré an talmhain tonnbháin -
ruire ceirtghníomh do choimhdhe,
neirtghríobh mhuighe Modhairne.



NEART

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services