Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Two Love Poems
Title
Two Love Poems
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1969)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Meanmach m'aislinn a cCraig Léith; dá bhfaca mé misde ar súan - ainnir fiongheal fhuilt mar ór tug m'aigne gan leór a lúas. A ccruth nar bhféidir a cheilt ar bhfaicsin a cneis mar bhláth, már líonus scoth mara a ccúan do línus go lúath dá grádh. Ní dhénuinn dá dernadh rinn an feadh do bhí sinn 'nar súan malairt ionaid ris an rígh - aoibhneas do ghnáth ní bhíonn búan. Ar musgladh dhamh - cá mó mairg? mar nach fúaras arruid ar fhís, do chumhaidh a bhfaca mé do líonus go léir do sgís. Do líon m'aigne do dhall cíach; do chuaigh síos dá ttrían dom chéill; táinig teimheal ar mo ghnúis; do chuireas mo shúil díom féin. Tugus móid nach dénainn fos sech nón Banbadh fa mbláth cnúas, an té do chonarc tré fhís go bhfaicinn í arís gan súan. Tárla dhamsa aon do ló m'iarraidh sa gcruth 'nar lór liom ar bruach Feóire na bhfiodh nglas ar tteacht ó Shíth na mBan bhFionn. Le faicsin ainnire in taoibh sheing do shaoil sinn go mbeinn slán; uch, ní hamhlaidh atá in sgéal, is measa fa chéad mar tám.
A hainim do rádha dhúinn - mairg ré tteangmhadh a ttús ghlíaidh, .b. ionntathar bun os cionn amhlaidh sloinntear an fhionn fhíal. Do ghéabhaidh a sloinne d'fhuil Táil gidh bé neach ler badh áil a gairm; féachadh ceart le Síol cCuinn, acht a tteasda uaigh don ainim. Baile ina suighther teagh óil ag ríghuibh slóigh Túatha Dé; a gCraig Léith is líonmhar slúaidh tánag ar cúaird gidh bé mé. Meanmach.
A compáin, seachoin sinne! ná lean dh'áilgheas th'inntinne; ciodh ro-lonn, mo léan, do lot ná féach oram is ní fhéachfot. Gabh thoram, ná taobhaigh mé, 's ní tháoibheóchad thú choidhche; gidh bé mían fá deara dhúnn cíall ar gceana do chlaochlúdh. Atáid cách dár ccur a suim - ná sill ós íseal oruinn; síad ag dul dár ndáorbhrath dhe, báoghloch ar ccor ré chéile.
'S gan acht féachoin soir nó síar ní léigid lucht na sáoibhchíall, gan ar n-annsa ar ccúl do chur gér bhfallsa dhúnn a dhéanamh. Ná leanuidh, a Dháibhíoth, dhe; beannocht leat, do loc doighre; iononn tairthe a chnead 's a chruth, gár bheag, ní mhairfe amáruch. Ó nach sámh linn rádh na leabhar sáer gan láinteacht tar mhnáibh na malach ccáel, ó táid cách fár ngrádh dár mbrath ar áen a Dháibhe, ciodh crádh liom, seachoin mé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services