Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Two Love Poems

Title
Two Love Poems
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1969)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Meanmach m'aislinn a cCraig Léith;
dá bhfaca mé misde ar súan -
ainnir fiongheal fhuilt mar ór
tug m'aigne gan leór a lúas.



A ccruth nar bhféidir a cheilt
ar bhfaicsin a cneis mar bhláth,
már líonus scoth mara a ccúan
do línus go lúath dá grádh.



Ní dhénuinn dá dernadh rinn
an feadh do bhí sinn 'nar súan
malairt ionaid ris an rígh -
aoibhneas do ghnáth ní bhíonn búan.



Ar musgladh dhamh - cá mó mairg?
mar nach fúaras arruid ar fhís,
do chumhaidh a bhfaca mé
do líonus go léir do sgís.



Do líon m'aigne do dhall cíach;
do chuaigh síos dá ttrían dom chéill;
táinig teimheal ar mo ghnúis;
do chuireas mo shúil díom féin.



Tugus móid nach dénainn fos
sech nón Banbadh fa mbláth cnúas,
an té do chonarc tré fhís
go bhfaicinn í arís gan súan.



Tárla dhamsa aon do ló
m'iarraidh sa gcruth 'nar lór liom
ar bruach Feóire na bhfiodh nglas
ar tteacht ó Shíth na mBan bhFionn.



Le faicsin ainnire in taoibh sheing
do shaoil sinn go mbeinn slán;
uch, ní hamhlaidh atá in sgéal,
is measa fa chéad mar tám.


L. 118


A hainim do rádha dhúinn -
mairg ré tteangmhadh a ttús ghlíaidh,
.b. ionntathar bun os cionn
amhlaidh sloinntear an fhionn fhíal.



Do ghéabhaidh a sloinne d'fhuil Táil
gidh bé neach ler badh áil a gairm;
féachadh ceart le Síol cCuinn,
acht a tteasda uaigh don ainim.



Baile ina suighther teagh óil
ag ríghuibh slóigh Túatha Dé;
a gCraig Léith is líonmhar slúaidh
tánag ar cúaird gidh bé mé.



Meanmach.


L. 118


A compáin, seachoin sinne!
ná lean dh'áilgheas th'inntinne;
ciodh ro-lonn, mo léan, do lot
ná féach oram is ní fhéachfot.



Gabh thoram, ná taobhaigh mé,
's ní tháoibheóchad thú choidhche;
gidh bé mían fá deara dhúnn
cíall ar gceana do chlaochlúdh.



Atáid cách dár ccur a suim -
ná sill ós íseal oruinn;
síad ag dul dár ndáorbhrath dhe,
báoghloch ar ccor ré chéile.


L. 120


'S gan acht féachoin soir nó síar
ní léigid lucht na sáoibhchíall,
gan ar n-annsa ar ccúl do chur
gér bhfallsa dhúnn a dhéanamh.



Ná leanuidh, a Dháibhíoth, dhe;
beannocht leat, do loc doighre;
iononn tairthe a chnead 's a chruth,
gár bheag, ní mhairfe amáruch.



Ó nach sámh linn rádh na leabhar sáer
gan láinteacht tar mhnáibh na malach ccáel,
ó táid cách fár ngrádh dár mbrath ar áen
a Dháibhe, ciodh crádh liom, seachoin mé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services