Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Transmission of 'Ceasacht Inghine Guile': Some Observations
Title
The Transmission of 'Ceasacht Inghine Guile': Some Observations
Compiler/Editor
Breatnach, Caoimhín
Composition Date
1684
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 2000)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do ghluais Donnúir roimhe iar sin go ráinig Dún Lóigh agus téid gusan ngrianán a raibh an inghion agus do-chualaidh gáir mhór san ngrianán a raibh sí agus as amhlaidh do bhí agus cú beag ina farradh agus ina fochair agus ní fhidir Donnúir ar shogh nó fearchú í. "Créad fa ttugais súil air / uirthe?" ar Donnúir. "D'eagla go n-íosadh sí / sé thusa," ar sí. "Do-bhéaruinn-si buille dhí / dó," ar Donnúir, "go ttugar a hotrach as / aiste" agus do ghabh sise an muince álainn óir do bhí fá bhrághaid na con bige agus goireas Donnúir asteach. "Créad ara suidhtear aguibh?" ar Donnúir. "Ar tónaibh daoine," ar an inghion. "Tabhair-si do thón damh-sa," ar Donnúir, "go suídhinn uirthe." "Caith do thón féin ó thús," ar sí. "Tugam araon," ar Donnúir, "cómhchaitheamh ar ár ttónaibh lé chéile." ("Bú cothrom an caithiomh damh-sa sin," ar an inghion, "óir cluinim gurab gnáthach leis na fearaibh a ttóna do luasgadh agus gurab 'na ccómhnuíghe bhíd tóna na mban) agus can asa ttángais chugainn, a
chléirigh agus créad uima ttángais?" ar an inghean. "Tánag-sa ó Aoibh Chonuill Ghabhra agus dod th'iarraidh-si mur bhanchéile thánag," ar sé. "Faoidhfead-sa leat," ar sí, "acht go ndeárnar cómhairle rém' athair agus rém' mháthair." Is annsin do-chuaidh sí mar a raibh a hathair agus adubhairt ris: "Atá fear agam, a athair," ar sí. "Dá madh fear maith sin," ar Guil, "budh maith linne é." Snadhmthar sinn ré aroile," ar sí "agus naisgthear ár ccoibhche air .i. tríochad uinge d'ór dhearg dhathálainn" agus do-rónadh amhlaidh sin agus téid Donnúir agus an inghion ar an iomdhaig agus ar an árdleabaidh an oidhche sin agus tug Donnír a lámh fhada fhuinnmheach fhíorárrachta tara corp saor seada séimhíghe solusghlan. "As fionnfadhach atá an áit so," ar sé. "Maiseadh," ar sí, "gontar an mhuc tara fionna" agus tug Donnúir a lámh ní as íochtruíghe ná sin ar a fordronn. "Créad é so, a inghean?" ar sé. "Mucfhalach an bhaile so sin," ar sí agus do chuir a lámh ní as íochtruíghe ná sin agus d'fhiafraidh: "Créad é so a ndorus na mucfhal- aighi?" ar sé. "Muicidhe na muc sin," ar sí. Do chuir an inghion a lámh tar an macaomh léighinn agus do ghlac a (bhall féithreamhar) fear- rdha ina láimh. "Créad é so agad-sa?" ar sí. "Séad sinnsir d'fháguibh mo athair agam sin," ar sé, "óir ní rabhas féin ina fhochair a n-aimsir a éaga." "Créad iad na tortáin so faoi an séad sin?" ar sí. Dá ghiolla coimhdeachta iad sin bhíos ina choimhdeacht ann gach conair agus ann gach slíghe ina ttéid sé." Créad é an réidhleathar lántais so ina ttimp- chioll?" ar sí. "Sparán spíosartha sin," ar sé, "chúmhduígheas iad (óna mbáthadh) a n-am éachta nó áthusa." "Dar ár mbréithir," ar an inghion, "as cead linne na giolladha sin do theacht leis an séad sinnsir san mhucfhalaigh." Is annsin do thógaibh Donnúir cos na hinghine agus gabhas na cheithre leabhairghreasa fionna fithchiod innte ar chiúmhsaibh mheamraim a taoirr nó go ttáinig lá gona lánsoillsi arna mhárach go nách raibh alt ná órdlach de ó bhonn go bathas nár lán do dhrúcht agus d'allas d'éis na hoibre sin. Éirgheas Donnúir arna mhárach asa iomdhaicc agus asa árdleabaidh go dísgir dearglomnochta agus do ghabh ag tochailt na talmhann fá bhonn na gaibhle éadain. "Créad iarraidh sic annsin?" ar an inghion. "Iarruim ór duit-si," ar sé. "Ar chuiris ór ann?" ar an inghion. "Níor chuireas," ar sé "agus ní bhfuilim dá fhághail muna fhághad annso é óir as amhlaidh so do
gheallasa a iarraidh duit-si." Gonadh de sin atá "iarraidh an sgoláire ar an ór". "Do mheallais mé," ar sí "agus bíodh do choibhche féin agad." Ód-chualaig Donnúir sin do ghabh a earradh agus a éadach uime agus do cheileabhair don inghin agus d'fháguibh an teaghlach. Arna fhaicsin sin don inghin ró fhear frasa tiúgh tromaidhbhle déar tara gealghruadh- aibh donnchorcra agus do ghabh sí agá fheithiomh agus agá fhéachain nó go ndeachaidh sé asa radharc uaithe agus do aithin sí an tan sin gur thréig sé hí féin agus ar mbeith dearbhtha aice nách fillfeadh sé uirthe féin arís do-rín sí caoi throm thóirseach ró budh mó iná an chéad chaoi óir ní raibh cnámh méad n-órlaigh ó a bonn go a bathas di nách raibh a eire do shearc agus do shíorghrádh an mhacaoimh léighinn air agus do-rín an laoi so síos ann:
Maith fear fáinig sonn a-naé, Donnúir mac Míodhbhuilge, maith ag síoladh briathra nDé is ag mealladh maighdine. Táinig cara sonn go sé, Donnúir mhac Míodhbhuilge, ní dealbh ná cruth carthar de acht méad a fheidhmluirge. As air charuim uim né Donnúir mhac Míodhbhuilge, ní ar crodh ná ar shéadaibh de acht ar mhéad a dhá uirge. Maith.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services