Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Transmission of 'Ceasacht Inghine Guile': Some Observations

Title
The Transmission of 'Ceasacht Inghine Guile': Some Observations
Compiler/Editor
Breatnach, Caoimhín
Composition Date
1684
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 2000)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Do ghluais Donnúir roimhe iar sin go ráinig Dún Lóigh agus téid gusan
ngrianán a raibh an inghion agus do-chualaidh gáir mhór san ngrianán
a raibh sí agus as amhlaidh do bhí agus cú beag ina farradh agus ina fochair
agus ní fhidir Donnúir ar shogh nó fearchú í. "Créad fa ttugais súil
air / uirthe?" ar Donnúir. "D'eagla go n-íosadh sí / sé thusa," ar sí.
"Do-bhéaruinn-si buille dhí / dó," ar Donnúir, "go ttugar a hotrach as /
aiste" agus do ghabh sise an muince álainn óir do bhí fá bhrághaid na con bige
agus goireas Donnúir asteach. "Créad ara suidhtear aguibh?" ar Donnúir.
"Ar tónaibh daoine," ar an inghion. "Tabhair-si do thón damh-sa," ar
Donnúir, "go suídhinn uirthe." "Caith do thón féin ó thús," ar sí.
"Tugam araon," ar Donnúir, "cómhchaitheamh ar ár ttónaibh lé
chéile." ("Bú cothrom an caithiomh damh-sa sin," ar an inghion, "óir
cluinim gurab gnáthach leis na fearaibh a ttóna do luasgadh agus gurab
'na ccómhnuíghe bhíd tóna na mban) agus can asa ttángais chugainn, a


L. 141


chléirigh agus créad uima ttángais?" ar an inghean. "Tánag-sa ó Aoibh
Chonuill Ghabhra agus dod th'iarraidh-si mur bhanchéile thánag," ar sé.
"Faoidhfead-sa leat," ar sí, "acht go ndeárnar cómhairle rém' athair agus
rém' mháthair." Is annsin do-chuaidh sí mar a raibh a hathair agus
adubhairt ris: "Atá fear agam, a athair," ar sí. "Dá madh fear maith
sin," ar Guil, "budh maith linne é." Snadhmthar sinn ré aroile," ar sí
"agus naisgthear ár ccoibhche air .i. tríochad uinge d'ór dhearg
dhathálainn" agus do-rónadh amhlaidh sin agus téid Donnúir agus an inghion
ar an iomdhaig agus ar an árdleabaidh an oidhche sin agus tug Donnír a
lámh fhada fhuinnmheach fhíorárrachta tara corp saor seada
séimhíghe solusghlan. "As fionnfadhach atá an áit so," ar sé.
"Maiseadh," ar sí, "gontar an mhuc tara fionna" agus tug Donnúir a lámh
ní as íochtruíghe ná sin ar a fordronn. "Créad é so, a inghean?" ar sé.
"Mucfhalach an bhaile so sin," ar sí agus do chuir a lámh ní as
íochtruíghe ná sin agus d'fhiafraidh: "Créad é so a ndorus na mucfhal-
aighi?" ar sé. "Muicidhe na muc sin," ar sí. Do chuir an inghion a
lámh tar an macaomh léighinn agus do ghlac a (bhall féithreamhar) fear-
rdha ina láimh. "Créad é so agad-sa?" ar sí. "Séad sinnsir d'fháguibh
mo athair agam sin," ar sé, "óir ní rabhas féin ina fhochair a n-aimsir
a éaga." "Créad iad na tortáin so faoi an séad sin?" ar sí. Dá ghiolla
coimhdeachta iad sin bhíos ina choimhdeacht ann gach conair agus ann
gach slíghe ina ttéid sé." Créad é an réidhleathar lántais so ina ttimp-
chioll?" ar sí. "Sparán spíosartha sin," ar sé, "chúmhduígheas iad (óna
mbáthadh) a n-am éachta nó áthusa." "Dar ár mbréithir," ar an
inghion, "as cead linne na giolladha sin do theacht leis an séad
sinnsir san mhucfhalaigh." Is annsin do thógaibh Donnúir cos na
hinghine agus gabhas na cheithre leabhairghreasa fionna fithchiod innte
ar chiúmhsaibh mheamraim a taoirr nó go ttáinig lá gona lánsoillsi
arna mhárach go nách raibh alt ná órdlach de ó bhonn go bathas nár
lán do dhrúcht agus d'allas d'éis na hoibre sin. Éirgheas Donnúir arna
mhárach asa iomdhaicc agus asa árdleabaidh go dísgir dearglomnochta
agus do ghabh ag tochailt na talmhann fá bhonn na gaibhle éadain.
"Créad iarraidh sic annsin?" ar an inghion. "Iarruim ór duit-si," ar
sé. "Ar chuiris ór ann?" ar an inghion. "Níor chuireas," ar sé "agus ní
bhfuilim dá fhághail muna fhághad annso é óir as amhlaidh so do


L. 142


gheallasa a iarraidh duit-si." Gonadh de sin atá "iarraidh an sgoláire
ar an ór". "Do mheallais mé," ar sí "agus bíodh do choibhche féin agad."
Ód-chualaig Donnúir sin do ghabh a earradh agus a éadach uime agus do
cheileabhair don inghin agus d'fháguibh an teaghlach. Arna fhaicsin sin
don inghin ró fhear frasa tiúgh tromaidhbhle déar tara gealghruadh-
aibh donnchorcra agus do ghabh sí agá fheithiomh agus agá fhéachain nó
go ndeachaidh sé asa radharc uaithe agus do aithin sí an tan sin gur
thréig sé hí féin agus ar mbeith dearbhtha aice nách fillfeadh sé uirthe
féin arís do-rín sí caoi throm thóirseach ró budh mó iná an chéad
chaoi óir ní raibh cnámh méad n-órlaigh ó a bonn go a bathas di nách
raibh a eire do shearc agus do shíorghrádh an mhacaoimh léighinn air agus
do-rín an laoi so síos ann:




Maith fear fáinig sonn a-naé,
Donnúir mac Míodhbhuilge,
maith ag síoladh briathra nDé
is ag mealladh maighdine.



Táinig cara sonn go sé,
Donnúir mhac Míodhbhuilge,
ní dealbh ná cruth carthar de
acht méad a fheidhmluirge.



As air charuim uim né
Donnúir mhac Míodhbhuilge,
ní ar crodh ná ar shéadaibh de
acht ar mhéad a dhá uirge.
Maith.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services