Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Roinnt Amhrán ar Comhfhoirm ón Seachtú Aois Déag
Title
Roinnt Amhrán ar Comhfhoirm ón Seachtú Aois Déag
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1696
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1989)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A naoi mhíonla shírshíogach shéccuin shuairc do shíol ríghshliocht Mílídh agus Néill go mbuaidh chuir trí trír dot bhíodhbhaoibh i ngéibhionn chruaidh, is buidheach bhím mar stríoc gaoth dhíbh féin is cuan,
a ríghríoghan shírmhíonla is glégheal snuadh, mar chímíd do bhuidhedhlaoi go féur mar ghluais 's do líogrighin-ruisg shíorchlaoidheas na céada sluagh is fá mbíonn choidhche gach aon oidhche gan sméideadh suain. Faríor bí dár cclaoidh 'ris 's dom bhrégadh is truagh a haoillí mar chaoirghrís 's gan dé 'na gruaidh, sna faoilligh is trí chaoine séis is fuaim ná an tsíoguidheacht do-níodh Naoise ar shéimh-chruit shuain. Dár cclaoidh 'ris tá an t-aoilphíob is glégheal snuadh, a cíchthíbh mar fhírlí na géisi ar cuan, is faoi taoi an ní 's daoire géirshearc suadh nach sínfidhear le gaoidín gan chéill gan stuaim. A Mhíchíl, a ríoghmhaoir 's a thréinmhic Duach, an smaoinír ar ríoghmhnaoi ghlic shéccuin shuairc? is fíorchlaoite an gníomh shílim mé dhi luadh, an splíonuighe bocht míghnaoitheach tréithlag truagh. A Chríosd chroidhe, bain m'aois díom 's mo léithe ruaig, 's má bhíom 'rís 'mo mhílídh mear léimneach luath ar mhaoin shaoghalta, ar aoinní faoi thréanmhac Duach ní sgaoilfidhear mo mhian choidhche dom méir-laig shuairc. Trí mhíle 'ríoghnaoibh gan éudach uaim don mhnaoi chlaoidh na laochraidhe ba tréine i n-uaigh; ó nach bhfuighmíd mar dhíoluidhecht acht péin-bhruid bhuan bím choidhche fan íocuidheacht mar léithsi is truagh.
A Mhíchíl, a ríoghmhaoir dhil, réidh mo chúis, díslighidh mo mhíghníomhartha is traochaidh súd, smaoin síth go síorruidhe dam féin sa dún 'na mbíd naoimh a' síorghuídhe Mhic Dé na ndúl.
A Mhíchíl do-chí sinn ar easpa an anlainn ar fhíoraíbh gan im, saill ná bainne gamhnach fá dhaoirchíos don Ghaillbhuín-se chreach na ceantair, mar dhíolaíocht san chaoirín sin glac an gandal. Glac gandal san am so, a Mhíchíl aird, is ciodh cranda lag fann mé go síorraí 'om shnoí, Francaigh san cheantar dá dtíodh díobh puinn do gheallfainnse ramharmhart nár chaoirín díbh.
Bhíos oidhche um aonloighe 's bá mór mo cheas 's ní síorraidhe píontaighe ná sódh acht seal, tig síogaidhe 's lé haoibhnighe an cheóil do chan óm maothchroidhe mar ní an ghrían an ceó do sgap. Do gríosaigheadh gan dímbrígh gach glór go glan gan claon slighe a n-aontaom acht a n-órd dob fhearr, 'sé shílmaoid, a fhíorghnaoi gan gó gur chan an chaoinlaoi mar chíthígh san ccomhad a' teacht.
A shíogaidhe rug fíorghnaoidh na Fódla ar fad is fuair aointslighe fhíorchroidhe na cceólta amach is díomhaoin síonsaidhe na hEórpa thart d'éis chaoinchidhe mhaosraidhe do mheór lag mbras. Níl míonchroidhe ag ríoghraidhe na hEórpa ar fad nach míníghir re maoithsgríb do mheór go prap, do chlaoichlaoidhis ar saothruigheadh re geóin do ghlac a shíoghaidhe rinnigh síothbhruighe na Fódla a shlad. An chaointighe re maoithír chum deór gach dearc is ré bhfaoithíonn chlíphíon gach breóchuirp laig, níl aontsaoith nach cclaoin dhíbh san órd ar fad a líonaighe, ré do shíogaigheacht bheanas ceó do sgairt. Dom chlaondaoibh taoi an ríoghraidhe et geóin a ghlac chuir faoi claoinsgríb gach aon líog ... 's an tí stríoc an fhiothbhuidhen a ... is fíonaigheacht fhíoraíghe ag Óvid seal. Stríocmaoid na míltighe móid nach mear nach bhfuil daonnaighe a n-aon chríoch nár dhóirt duit searc, is claon díbh mar shílmíd an t-óg 's an sean is taoi m'fhíorghuidhe go síorraighe et go mba beó tú 'bhfad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services