Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Roinnt Amhrán ar Comhfhoirm ón Seachtú Aois Déag

Title
Roinnt Amhrán ar Comhfhoirm ón Seachtú Aois Déag
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1696
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1989)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A naoi mhíonla shírshíogach shéccuin shuairc
do shíol ríghshliocht Mílídh agus Néill go mbuaidh
chuir trí trír dot bhíodhbhaoibh i ngéibhionn chruaidh,
is buidheach bhím mar stríoc gaoth dhíbh féin is cuan,


L. 68


a ríghríoghan shírmhíonla is glégheal snuadh,
mar chímíd do bhuidhedhlaoi go féur mar ghluais
's do líogrighin-ruisg shíorchlaoidheas na céada sluagh
is fá mbíonn choidhche gach aon oidhche gan sméideadh
suain.



Faríor bí dár cclaoidh 'ris 's dom bhrégadh is truagh
a haoillí mar chaoirghrís 's gan dé 'na gruaidh,
sna faoilligh is trí chaoine séis is fuaim
ná an tsíoguidheacht do-níodh Naoise ar shéimh-chruit
shuain.



Dár cclaoidh 'ris tá an t-aoilphíob is glégheal snuadh,
a cíchthíbh mar fhírlí na géisi ar cuan,
is faoi taoi an ní 's daoire géirshearc suadh
nach sínfidhear le gaoidín gan chéill gan stuaim.



A Mhíchíl, a ríoghmhaoir 's a thréinmhic Duach,
an smaoinír ar ríoghmhnaoi ghlic shéccuin shuairc?
is fíorchlaoite an gníomh shílim mé dhi luadh,
an splíonuighe bocht míghnaoitheach tréithlag truagh.



A Chríosd chroidhe, bain m'aois díom 's mo léithe ruaig,
's má bhíom 'rís 'mo mhílídh mear léimneach luath
ar mhaoin shaoghalta, ar aoinní faoi thréanmhac Duach
ní sgaoilfidhear mo mhian choidhche dom méir-laig
shuairc.



Trí mhíle 'ríoghnaoibh gan éudach uaim
don mhnaoi chlaoidh na laochraidhe ba tréine i n-uaigh;
ó nach bhfuighmíd mar dhíoluidhecht acht péin-bhruid bhuan
bím choidhche fan íocuidheacht mar léithsi is truagh.


L. 73


B 1753ls 18L
U 0201



A Mhíchíl, a ríoghmhaoir dhil, réidh mo chúis,
díslighidh mo mhíghníomhartha is traochaidh súd,
smaoin síth go síorruidhe dam féin sa dún
'na mbíd naoimh a' síorghuídhe Mhic Dé na ndúl.


L. 74


B 1750obc 18L
U 0286



A Mhíchíl do-chí sinn ar easpa an anlainn
ar fhíoraíbh gan im, saill ná bainne gamhnach
fá dhaoirchíos don Ghaillbhuín-se chreach na ceantair,
mar dhíolaíocht san chaoirín sin glac an gandal.



Glac gandal san am so, a Mhíchíl aird,
is ciodh cranda lag fann mé go síorraí 'om shnoí,
Francaigh san cheantar dá dtíodh díobh puinn
do gheallfainnse ramharmhart nár chaoirín díbh.


L. 77


B 1696fl 17D
U 0001
Bhíos oidhche um aonloighe 's bá mór mo cheas
's ní síorraidhe píontaighe ná sódh acht seal,
tig síogaidhe 's lé haoibhnighe an cheóil do chan
óm maothchroidhe mar ní an ghrían an ceó do sgap.



Do gríosaigheadh gan dímbrígh gach glór go glan
gan claon slighe a n-aontaom acht a n-órd dob fhearr,
'sé shílmaoid, a fhíorghnaoi gan gó gur chan
an chaoinlaoi mar chíthígh san ccomhad a' teacht.


L. 78


A shíogaidhe rug fíorghnaoidh na Fódla ar fad
is fuair aointslighe fhíorchroidhe na cceólta amach
is díomhaoin síonsaidhe na hEórpa thart
d'éis chaoinchidhe mhaosraidhe do mheór lag mbras.



Níl míonchroidhe ag ríoghraidhe na hEórpa ar fad
nach míníghir re maoithsgríb do mheór go prap,
do chlaoichlaoidhis ar saothruigheadh re geóin do ghlac
a shíoghaidhe rinnigh síothbhruighe na Fódla a shlad.



An chaointighe re maoithír chum deór gach dearc
is ré bhfaoithíonn chlíphíon gach breóchuirp laig,
níl aontsaoith nach cclaoin dhíbh san órd ar fad
a líonaighe, ré do shíogaigheacht bheanas ceó do sgairt.



Dom chlaondaoibh taoi an ríoghraidhe et geóin a ghlac
chuir faoi claoinsgríb gach aon líog ...
's an tí stríoc an fhiothbhuidhen a ...
is fíonaigheacht fhíoraíghe ag Óvid seal.



Stríocmaoid na míltighe móid nach mear
nach bhfuil daonnaighe a n-aon chríoch nár dhóirt duit searc,
is claon díbh mar shílmíd an t-óg 's an sean
is taoi m'fhíorghuidhe go síorraighe et go mba beó tú 'bhfad.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services