Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dhá Dhuain Leanbaíochta
Title
Dhá Dhuain Leanbaíochta
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1736
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1987)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Genethliacon .i. duain leanbaíochta Dhonnchaidh mhic Conchubhair Uí Bhriain Choille na Cora Séamas Mac Coitir cct. Fáilte óm chroí le báb na milse ar dtrácht a díograis dáilmhéine Fearfaidh mise mar gach nduine, beart is cinnte dá ndéinim, Ós feas gur tugadh rath is inmhe ar dteacht an mhic um chlár Éibhir, Gur líon gach baile d'íoth is d'ana san gcrích bhfairsing bhfáisghéagaigh.
I meán an Aibréin táinig an macaomh d'fhás den phailmghéig Tháilphréamhaigh; An ghrian an uairse cia nach cualaidh ag triall go huachtar airdspéire? Eoin an bheatha fós ag canadh ceoil don leanbh bá léir linn Mar bhíd le taibhse ag maíomh an mhaighre ag scaoileadh meidhre fán saogal. Is ceolmhar beacha ag seoladh 'bhaile is mórchuid mheala dá dtraochadh; Tá gach oirear lán de scothaibh 's blátha troma ar bhánchraobhaibh, Grán na Fódla ag fás 'na phóraibh, álta óga ag áirnéisibh Is nádúir uile ag fáiltiú roimhe, is bású tuirse a sáimhfhéachain. Seacht gcéad míle sé agus tríochad déin a scríobh id pháipéaraibh An tsuim sin bliadhan, aois an tiarna scaoil ó chiach an gháipéir sinn, Ar dteacht an bheangáin, beart le glanbhá, ag cabhair seanmhná sáirFhéilim Read nach mheasaimse bheith ar dearmad i mbeirt chairte le fáthchléircibh.
Áilim itche ar Cheard na Cruinne tháil san gcrois ar barr sléibhe Carthanacht, maordhacht, eagna, féile eagla Dé is a ghrá in éineacht 'S gach ní ná habraim bhíos in easpa chum saoirse an anama d'fháil fé ar nimh Mar thobharthas iad do Dhonnchadh Ó Bhriain go ndoirtear le Dia dhá ghnáthchaomhnadh; Áille crutha, ládas, loinne feárdhacht, fuinneamh, áis, aobhdhacht, Uaisle i ngníomhaibh, bua ar a bhíobhaibh, fuascladh ón rí in gach cás éigneach, Céile cneaschaoin réidhfeas ceasnaí 's nach baogal tathaoir fán saol dhi Ó síolfaid complacht d'fhíorchlainn úrghlain thuillfeas clú in gach aird d'Éirinn; Cliara cáidhe, triatha, dámha biataigh, barda is táin éigeas Fánaigh, racaigh, glámhaigh, bacaigh mná gan fheara is tláthdhéarcaigh, Gach n-aon do riar do réir mar iarrfadh a chéim nó a chiach 's gan trá fé sin 'Na ghealmhúr drongach mar Chionn Cora, an seandún crotach cáiréiseach. Ina chórrbhrog sholas fós go gcloistear ceolta ag crotaibh cáirghléasta Fuighle binne ag ríonaibh fionna is fíon dá ibhe ag cách tré sin;
Mórmhorc tine fóna chuire is feoil dá fiuchadh ar báintséirse ann Lionn dá bhruthadh, lionn dá thunnadh is lionn dá loise ag lánlaochaibh. Gártha míleadh ndána ndíoltach bhfeárdha bhfíochmhar lá an éirligh Ag triall go torannmhar iata um Dhonnchadh mar Bhrian d'fhortaigh ar chás Éireann Ag cur ruaige soir tar chuantaibh ar gach cuaine tá dhár gcéasadh Is gártha mílte fána ndíbirt, gártha is milse dár bpréamhaibh. Iar mbuadh go cruthchlúmhail d'ua ghlan Chonchubhair 'suairc an t-ionú úd fá mbéamna Gan daoirse danar síos dár gcrapadh acht sinn go seascair sámhshaolach; Arís budh glórmhar tríd sin Fódla mar bhí ag mórchuid dá ghaoltaibh Tan chasfaidh sé gach ceart don chléir 's a bhfearann féin ar ardGhaelaibh. Gomadh fada a ré go rafar réil ag cobhair Gael ar tháinmheirlibh Go trúpach tairpeach clúmhail ceannasach is plúr bhfear mBanba dá ghlaoch de; 'S ar dteacht don chríne ós dleacht gur crích dho crapadh a chinn i dtáimhéaga, Tré luach fola Uain an tSolais suas go roich san dáil naofa.
Dandaimín do Dhonnchadh mac Conchubhair Uí Bhriain ó Choill na Cora An tAthair Seán Ó Briain cct. Fáilte is fiche do chuirim le díograis re báb do geineadh 's do fuineadh go fíorghlan Den Tálfhuil bhuirb na rithe ba aoirde Re fáil san inis-se, buime do shinsir Dandaimín dandaimín huzza dandaimín. Is fearrde mise agus iomad de mhíltibh Fás an leinbh ón bhfine ar gach taoibh de; Dáiltear gloine agus tuilleadh den fhíon mhaith Chum sláinte an bhilese d'ibhe 's do dhíogadh Dandaimín, etc..
Mar Iácob cuirfir rath nimhe ar do shíolrach Ádh agus inmhe agus cumas ar chríochaibh; Beidh Ceard na cruinne is tuigthe led linnse Ag tál gach tuile de mhil is d'iolmhaoinibh Dandaimín, etc.. Áilim, itchim is sirim im ghuí dhuit Bheith álainn oscardha is ursanta in íorghail, Tarrthach tuigseach ar thubaist na nGaoidheal mbocht Chum áir is ionnarbadh is ciorrbhadh a mbíobhadh Dandaimín, etc.. Le fáidh cois Sionna do rinneadh na laoithe Do thráchtas chugainn go dtiocfadh an naíon so Le garda innealta is iolar de bhuínibh, Do Dháil gCais oide agus murainn mo laoi' dhil Dandaimín, etc.. Annáil is iris is deimhin go n-insid Gur láidir loinneardha chuirfidh an laoich so Le sleáibh le claidhtibh 's le hiomghoin a chraoiseach Chum fáin an fhuireann so ag imirt aindlí orainn Dandaimín, etc..
Ní nár liom 'olcas do mholaim na Brianaigh, Níl aird mar obair ar mholadh na dtriatha, Acht cáile, a Dhonnchadh, orthaim ar Dhia dhuit, Bheith sádhail soilbhir socharach siansach Dandaimín, etc.. Go hársacht sonas is cothrom dhuit iarraim, Bheith bách re bochtaibh is bronnmhar biamhar Fálach fonnmhar forasta fialmhar, Re námhaid id cholamhain chosantach chiallmhar Dandaimín, etc. Táid baird is ollamhain oirthir is iarthair An chláirse Chormaic, Oilealla is Fhiacha Faoi áthas obann is follas i mbliana Ó ráinig polla mar Sholamh na Brianaigh Dandaimín, etc.. Beidh feárdha foirfe foirtil i ngliathaibh Congháireach cosantach clogadach sciathach Cráifeach cothaitheach cornach cliarach Ar bhráithre, ar mhonaigh i mbothaibh go riarach Dandaimín, etc..
Atá a lán de thorthaibh is sorthan so-mhianaigh, A bháb do foilceadh d'fhuil ochta gach iarla, Re fáil gan dochma do mholfainn ar Dhia dhuit, Acht fáilte ina fhochair dhuit toirbhreadh iar sin Dandaimín, etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services