Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Dhuain Leanbaíochta

Title
Dhá Dhuain Leanbaíochta
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1736
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1987)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Genethliacon .i. duain leanbaíochta Dhonnchaidh mhic
Conchubhair Uí Bhriain Choille na Cora



Séamas Mac Coitir cct.



Fáilte óm chroí le báb na milse
ar dtrácht a díograis dáilmhéine
Fearfaidh mise mar gach nduine,
beart is cinnte dá ndéinim,
Ós feas gur tugadh rath is inmhe
ar dteacht an mhic um chlár Éibhir,
Gur líon gach baile d'íoth is d'ana
san gcrích bhfairsing bhfáisghéagaigh.


L. 114


I meán an Aibréin táinig an macaomh
d'fhás den phailmghéig Tháilphréamhaigh;
An ghrian an uairse cia nach cualaidh
ag triall go huachtar airdspéire?
Eoin an bheatha fós ag canadh
ceoil don leanbh bá léir linn
Mar bhíd le taibhse ag maíomh an mhaighre
ag scaoileadh meidhre fán saogal.



Is ceolmhar beacha ag seoladh 'bhaile
is mórchuid mheala dá dtraochadh;
Tá gach oirear lán de scothaibh
's blátha troma ar bhánchraobhaibh,
Grán na Fódla ag fás 'na phóraibh,
álta óga ag áirnéisibh
Is nádúir uile ag fáiltiú roimhe,
is bású tuirse a sáimhfhéachain.



Seacht gcéad míle sé agus tríochad
déin a scríobh id pháipéaraibh
An tsuim sin bliadhan, aois an tiarna
scaoil ó chiach an gháipéir sinn,
Ar dteacht an bheangáin, beart le glanbhá,
ag cabhair seanmhná sáirFhéilim
Read nach mheasaimse bheith ar dearmad
i mbeirt chairte le fáthchléircibh.


L. 115


Áilim itche ar Cheard na Cruinne
tháil san gcrois ar barr sléibhe
Carthanacht, maordhacht, eagna, féile
eagla Dé is a ghrá in éineacht
'S gach ní ná habraim bhíos in easpa
chum saoirse an anama d'fháil fé ar nimh
Mar thobharthas iad do Dhonnchadh Ó Bhriain
go ndoirtear le Dia dhá ghnáthchaomhnadh;



Áille crutha, ládas, loinne
feárdhacht, fuinneamh, áis, aobhdhacht,
Uaisle i ngníomhaibh, bua ar a bhíobhaibh,
fuascladh ón rí in gach cás éigneach,
Céile cneaschaoin réidhfeas ceasnaí
's nach baogal tathaoir fán saol dhi
Ó síolfaid complacht d'fhíorchlainn úrghlain
thuillfeas clú in gach aird d'Éirinn;



Cliara cáidhe, triatha, dámha
biataigh, barda is táin éigeas
Fánaigh, racaigh, glámhaigh, bacaigh
mná gan fheara is tláthdhéarcaigh,
Gach n-aon do riar do réir mar iarrfadh
a chéim nó a chiach 's gan trá fé sin
'Na ghealmhúr drongach mar Chionn Cora,
an seandún crotach cáiréiseach.



Ina chórrbhrog sholas fós go gcloistear
ceolta ag crotaibh cáirghléasta
Fuighle binne ag ríonaibh fionna
is fíon dá ibhe ag cách tré sin;


L. 116


Mórmhorc tine fóna chuire
is feoil dá fiuchadh ar báintséirse ann
Lionn dá bhruthadh, lionn dá thunnadh
is lionn dá loise ag lánlaochaibh.



Gártha míleadh ndána ndíoltach
bhfeárdha bhfíochmhar lá an éirligh
Ag triall go torannmhar iata um Dhonnchadh
mar Bhrian d'fhortaigh ar chás Éireann
Ag cur ruaige soir tar chuantaibh
ar gach cuaine tá dhár gcéasadh
Is gártha mílte fána ndíbirt,
gártha is milse dár bpréamhaibh.



Iar mbuadh go cruthchlúmhail d'ua ghlan Chonchubhair
'suairc an t-ionú úd fá mbéamna
Gan daoirse danar síos dár gcrapadh
acht sinn go seascair sámhshaolach;
Arís budh glórmhar tríd sin Fódla
mar bhí ag mórchuid dá ghaoltaibh
Tan chasfaidh sé gach ceart don chléir
's a bhfearann féin ar ardGhaelaibh.



Gomadh fada a ré go rafar réil
ag cobhair Gael ar tháinmheirlibh
Go trúpach tairpeach clúmhail ceannasach
is plúr bhfear mBanba dá ghlaoch de;
'S ar dteacht don chríne ós dleacht gur crích dho
crapadh a chinn i dtáimhéaga,
Tré luach fola Uain an tSolais
suas go roich san dáil naofa.


L. 118


Dandaimín do Dhonnchadh mac Conchubhair Uí Bhriain
ó Choill na Cora



An tAthair Seán Ó Briain cct.



Fáilte is fiche do chuirim le díograis
re báb do geineadh 's do fuineadh go fíorghlan
Den Tálfhuil bhuirb na rithe ba aoirde
Re fáil san inis-se, buime do shinsir
Dandaimín dandaimín huzza dandaimín.



Is fearrde mise agus iomad de mhíltibh
Fás an leinbh ón bhfine ar gach taoibh de;
Dáiltear gloine agus tuilleadh den fhíon mhaith
Chum sláinte an bhilese d'ibhe 's do dhíogadh
Dandaimín, etc..


L. 119


Mar Iácob cuirfir rath nimhe ar do shíolrach
Ádh agus inmhe agus cumas ar chríochaibh;
Beidh Ceard na cruinne is tuigthe led linnse
Ag tál gach tuile de mhil is d'iolmhaoinibh
Dandaimín, etc..



Áilim, itchim is sirim im ghuí dhuit
Bheith álainn oscardha is ursanta in íorghail,
Tarrthach tuigseach ar thubaist na nGaoidheal mbocht
Chum áir is ionnarbadh is ciorrbhadh a mbíobhadh
Dandaimín, etc..



Le fáidh cois Sionna do rinneadh na laoithe
Do thráchtas chugainn go dtiocfadh an naíon so
Le garda innealta is iolar de bhuínibh,
Do Dháil gCais oide agus murainn mo laoi' dhil
Dandaimín, etc..



Annáil is iris is deimhin go n-insid
Gur láidir loinneardha chuirfidh an laoich so
Le sleáibh le claidhtibh 's le hiomghoin a chraoiseach
Chum fáin an fhuireann so ag imirt aindlí orainn
Dandaimín, etc..


L. 120


Ní nár liom 'olcas do mholaim na Brianaigh,
Níl aird mar obair ar mholadh na dtriatha,
Acht cáile, a Dhonnchadh, orthaim ar Dhia dhuit,
Bheith sádhail soilbhir socharach siansach
Dandaimín, etc..



Go hársacht sonas is cothrom dhuit iarraim,
Bheith bách re bochtaibh is bronnmhar biamhar
Fálach fonnmhar forasta fialmhar,
Re námhaid id cholamhain chosantach chiallmhar
Dandaimín, etc.



Táid baird is ollamhain oirthir is iarthair
An chláirse Chormaic, Oilealla is Fhiacha
Faoi áthas obann is follas i mbliana
Ó ráinig polla mar Sholamh na Brianaigh
Dandaimín, etc..



Beidh feárdha foirfe foirtil i ngliathaibh
Congháireach cosantach clogadach sciathach
Cráifeach cothaitheach cornach cliarach
Ar bhráithre, ar mhonaigh i mbothaibh go riarach
Dandaimín, etc..


L. 121


Atá a lán de thorthaibh is sorthan so-mhianaigh,
A bháb do foilceadh d'fhuil ochta gach iarla,
Re fáil gan dochma do mholfainn ar Dhia dhuit,
Acht fáilte ina fhochair dhuit toirbhreadh iar sin
Dandaimín, etc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services