Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Metamorphosis 1603
Title
Metamorphosis 1603
Author(s)
Ó hEoghusa, Eochaidh,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1603
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1977-1979)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mór theasda dh'obair Óivid: leis ar tús do tionóilid séala suthain láimh ar láimh fréamha cruthaidh is claochláidh. Óibhid géarbh fhada ag labhradh ar cclaochládh na ccéadadhbhar, dá maradh dob am don fhior barr lér canadh do chuirfeadh. Rob iomdha ní - gá ttám dhó - ar dtús a n-olc do iompó; fearr an cinneadh dho-ní a-nos gach ní d'fhilleadh ar fheabhas.
Tillidh deallradh gach doircheacht, díbridh eagna anfhoirfeacht; an ghlóir a n-oighreacht re headh, foirneart gach bróin do báitheadh. Atá libeirte a labhra 'gun anbhfainne agallmha; a bruth as éadána ar fhear, guth na héagcára as íseal. An cogadh ar an ccor-soin do chlaochló a ccruth éagcosmhoil; do-só a sgéimh dhothaobhtha dhuibh a néimh chrothaobhdha chúthuil. Suaimhnighthear gan ghoimh gan ghliaidh díosgoir dian 'sa dá dheirbhshiair; trí gaothmhná dob fhearr san olc, do chlaochlá ceann a ccumhocht.
Do ceangladh le a cceannaibh féin naithre fraochdha a bhfolt n-aimhréidh; lán a mbailgcnis: giodh beó bhead aingcis ná gleó ní gheinead. Atá Seireis - as sé a shuim - ag treabhadh thulach ndíoghuinn, ag buain fhala d'arm Marsa: marbh an fhala ón obar-sa. Do éirigh d'aithrighthibh ann éincheann ar iomad colann, cosg gach uile d'aobhdhacht ré a n-ucht: cuirp a n-aonchorp ré hannsacht. Óig Lonndan - lór do ghrádsa - fuairsiod fios na cclaochládh-sa; deallradh éagcoimse as ann tig an chéadshoillse an tann tairnig.
Bearradh flaithis bhfear Lunndan tug dhóibh dul ó chomhurdadh; lá a rathuirse bás a mbróin, dob fhás athshoilse um iarnóin. An ghrian loinneardha do las; sgaoileadh gach ceó Cing Séamas; tug 'na glóir comhorchra cháigh: móir na comhortha claochláidh. Ionganta thrá ná sin sionn, popal imshníomhach Éirionn, gur dhearmaid gach duine dhíon treabhlaid na n-uile imshníomh. Roidhiongna an radhairc reimhe, do ghnáth na n-én n-oidhchidhe ar tteacht fan ngrianshoilse ngloin, riandoirse ar ndearc nach dúntoir.
Oirchios dúin, gé a-deirim sin, ceiliobhradh dár ccuing imnidh; súil chobhartha ar ríogh do-róigh tar bríogh ndomharbhtha ar ndobróin. Atá aigneadh gach fhir dín do réir nádúire an nóinín: a n-uair shoilsi dá shoighidh a dhoirsi iar n-uair osgoilidh. Bíd dh'aonbháidh isan am-sa aignidh na n-aos gcodarsna ar gcumhsgughadh gach croidhe le hursboradh ionmhoine. Ionann san uile dhomhan as oircheas a fhiadhoghadh; luibh fhóirthe chiach gach cridhe, ní fhóirfe ar iath dh'áiridhe.
Do-bheir cách d'aontoil iomshláin; d'oibrioghadh is d'eisiomláir tug sé mar na tíre a dtig gidh bé ríghe nach ráinig. Lucht gach aoinchríche idir gan iomthnúth gan ainigin, gan neimh thnúith nár dhiongaibh díbh acht tnúith nach iomaidh eissídh. Éad an Fhortúin san fhoirm-sin ris an Nádúir neartchoimsigh: ag comhfhoghnamh do chéibh loig a n-éir d'fhoghalghomh fhormoid. Saoiltear lé a los ar dhearlaigh, an Toichthe, gur thighearnaigh; na dearloicthe budh díol tnúidh, bíodh gur neamhdhoichte an Nádúir. A chur ós cionn gach aoinfhir an Fhortún gá fhormhaoidhimh; bean a sáraighthe as sé a-deir nár ghrádhaighthe é acht d'airrdhibh.
Rinn a soibhert le searc mbúidh a-deir gur dháil an Nádúir; nochtaidh gurab tríthe táir rochtain críche gach conáigh. Tuicthear nach tigthear thairse, as inchreidthe a n-abair-se; rí gan cheardghrádha do chrúdh, a dheargnámha as í an Fhortún. Urusa fadódh fúthaibh, as drithleanna domhúchaidh gan mhodha a measraighthi sin: teasbhruithni fhola an uaibhrigh. Do loisgfeadh a háit uile le hainteas na hacuile; d'uamhan an bhrotha do-bheir clocha d'fhuaradh 'na heitibh. Do-ní an Nádúir do nós soin, aidhme ionnarbtha a huabhoir, leó go measraigh a meanmain, breó theasbhaigh nach tighearnaigh.
Díoghruis a rúin, a rathol fuair sé, ní searc leasmháthor; téid mar dheirbhshliocht dá dhreich bhúidh eighriocht gach neith ón Nádúir. Tárraidh dá teagusc fhromhtha, táir dá múnadh mheasortha nach fáth uamhain dó ná dhún a ró ualaigh ón Fhortún. Impireacht gach aignidh láin gidh gnáth don Fhortún d'fhagháil, mar athrughadh do-ní a-niogh banchumhal dí do dhéiniomh. Oraoid le a hathrughadh sin; ní hí éintrén do imthigh; feithiomh na hiodhna as fhearr dhó; iomdha 'na cheann do chlaochló. Ná tí dh'ulc ná d'fhormad súl, ná tí d'fhilltighe an Fhortún ar n-athchruthadh go hullamh; gach athrughadh uaramar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services