Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Metamorphosis 1603

Title
Metamorphosis 1603
Author(s)
Ó hEoghusa, Eochaidh,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1603
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1977-1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Mór theasda dh'obair Óivid:
leis ar tús do tionóilid
séala suthain láimh ar láimh
fréamha cruthaidh is claochláidh.



Óibhid géarbh fhada ag labhradh
ar cclaochládh na ccéadadhbhar,
dá maradh dob am don fhior
barr lér canadh do chuirfeadh.



Rob iomdha ní - gá ttám dhó -
ar dtús a n-olc do iompó;
fearr an cinneadh dho-ní a-nos
gach ní d'fhilleadh ar fheabhas.


L. 172


Tillidh deallradh gach doircheacht,
díbridh eagna anfhoirfeacht;
an ghlóir a n-oighreacht re headh,
foirneart gach bróin do báitheadh.



Atá libeirte a labhra
'gun anbhfainne agallmha;
a bruth as éadána ar fhear,
guth na héagcára as íseal.



An cogadh ar an ccor-soin
do chlaochló a ccruth éagcosmhoil;
do-só a sgéimh dhothaobhtha dhuibh
a néimh chrothaobhdha chúthuil.



Suaimhnighthear gan ghoimh gan ghliaidh
díosgoir dian 'sa dá dheirbhshiair;
trí gaothmhná dob fhearr san olc,
do chlaochlá ceann a ccumhocht.


L. 173


Do ceangladh le a cceannaibh féin
naithre fraochdha a bhfolt n-aimhréidh;
lán a mbailgcnis: giodh beó bhead
aingcis ná gleó ní gheinead.



Atá Seireis - as sé a shuim -
ag treabhadh thulach ndíoghuinn,
ag buain fhala d'arm Marsa:
marbh an fhala ón obar-sa.



Do éirigh d'aithrighthibh ann
éincheann ar iomad colann,
cosg gach uile d'aobhdhacht ré a n-ucht:
cuirp a n-aonchorp ré hannsacht.



Óig Lonndan - lór do ghrádsa -
fuairsiod fios na cclaochládh-sa;
deallradh éagcoimse as ann tig
an chéadshoillse an tann tairnig.


L. 174


Bearradh flaithis bhfear Lunndan
tug dhóibh dul ó chomhurdadh;
lá a rathuirse bás a mbróin,
dob fhás athshoilse um iarnóin.



An ghrian loinneardha do las;
sgaoileadh gach ceó Cing Séamas;
tug 'na glóir comhorchra cháigh:
móir na comhortha claochláidh.



Ionganta thrá ná sin sionn,
popal imshníomhach Éirionn,
gur dhearmaid gach duine dhíon
treabhlaid na n-uile imshníomh.



Roidhiongna an radhairc reimhe,
do ghnáth na n-én n-oidhchidhe
ar tteacht fan ngrianshoilse ngloin,
riandoirse ar ndearc nach dúntoir.


L. 175


Oirchios dúin, gé a-deirim sin,
ceiliobhradh dár ccuing imnidh;
súil chobhartha ar ríogh do-róigh
tar bríogh ndomharbhtha ar ndobróin.



Atá aigneadh gach fhir dín
do réir nádúire an nóinín:
a n-uair shoilsi dá shoighidh
a dhoirsi iar n-uair osgoilidh.



Bíd dh'aonbháidh isan am-sa
aignidh na n-aos gcodarsna
ar gcumhsgughadh gach croidhe
le hursboradh ionmhoine.



Ionann san uile dhomhan
as oircheas a fhiadhoghadh;
luibh fhóirthe chiach gach cridhe,
ní fhóirfe ar iath dh'áiridhe.


L. 176


Do-bheir cách d'aontoil iomshláin;
d'oibrioghadh is d'eisiomláir
tug sé mar na tíre a dtig
gidh bé ríghe nach ráinig.



Lucht gach aoinchríche idir
gan iomthnúth gan ainigin,
gan neimh thnúith nár dhiongaibh díbh
acht tnúith nach iomaidh eissídh.



Éad an Fhortúin san fhoirm-sin
ris an Nádúir neartchoimsigh:
ag comhfhoghnamh do chéibh loig
a n-éir d'fhoghalghomh fhormoid.



Saoiltear lé a los ar dhearlaigh,
an Toichthe, gur thighearnaigh;
na dearloicthe budh díol tnúidh,
bíodh gur neamhdhoichte an Nádúir.



A chur ós cionn gach aoinfhir
an Fhortún gá fhormhaoidhimh;
bean a sáraighthe as sé a-deir
nár ghrádhaighthe é acht d'airrdhibh.


L. 177


Rinn a soibhert le searc mbúidh
a-deir gur dháil an Nádúir;
nochtaidh gurab tríthe táir
rochtain críche gach conáigh.



Tuicthear nach tigthear thairse,
as inchreidthe a n-abair-se;
rí gan cheardghrádha do chrúdh,
a dheargnámha as í an Fhortún.



Urusa fadódh fúthaibh,
as drithleanna domhúchaidh
gan mhodha a measraighthi sin:
teasbhruithni fhola an uaibhrigh.



Do loisgfeadh a háit uile
le hainteas na hacuile;
d'uamhan an bhrotha do-bheir
clocha d'fhuaradh 'na heitibh.



Do-ní an Nádúir do nós soin,
aidhme ionnarbtha a huabhoir,
leó go measraigh a meanmain,
breó theasbhaigh nach tighearnaigh.


L. 178


Díoghruis a rúin, a rathol
fuair sé, ní searc leasmháthor;
téid mar dheirbhshliocht dá dhreich bhúidh
eighriocht gach neith ón Nádúir.



Tárraidh dá teagusc fhromhtha,
táir dá múnadh mheasortha
nach fáth uamhain dó ná dhún
a ró ualaigh ón Fhortún.



Impireacht gach aignidh láin
gidh gnáth don Fhortún d'fhagháil,
mar athrughadh do-ní a-niogh
banchumhal dí do dhéiniomh.



Oraoid le a hathrughadh sin;
ní hí éintrén do imthigh;
feithiomh na hiodhna as fhearr dhó;
iomdha 'na cheann do chlaochló.



Ná tí dh'ulc ná d'fhormad súl,
ná tí d'fhilltighe an Fhortún
ar n-athchruthadh go hullamh;
gach athrughadh uaramar.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services