Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Slán chum Pádraic Sáirséal
Title
Slán chum Pádraic Sáirséal
Compiler/Editor
Ó Concheanainn, Tomás
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1971-1972)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cia súd siar thar dhorus na ceárdan? Ná ceil air Rígh Uilliam é, tá mise Brian rábach; Fan ad sheasamh a bhodaig go gcaithfe me grádhan leat A ghiolla na praisge ni fhanfadh me go lá leat.
"On the Battle of Aughrim, etc." Is baintreabhach bhocht misi, a d'fhág Dia breóidhte d'imthigh le saighdiuir nach raibh pósda a bhfhuil a dhroimm briste agus fuil a chroidhe dóighte recte dóirte? agus d'fhág súd meise a cCúig Uladh go brónach. Is uch! uch ón. Céad leun ar an bhfhiabhras do bhain mo ghruaig díom is d'fhág sé maol me, gan aon ruaine; tá sí ag teacht comh hard leum chluasaibh san uair fheuchaim siar, as fada liom uaim í. 'gas uch! uch ón. Nár budh hé do bheatha anall chughain, a righ ghil Séamus, read leathbhróg Ghallda is read bhróig eile Gaodhlach, ag deunadh buaidheartha ar fuaid na hÉireann 'snach tug tú bualadh uait ná réidhteach. Is uch! uch ón.
A Chlanna Gaodhal chalma, bainigidh an foghmhar so sná cuirigidh suim a lá bhrisde na Bóinne, ... má fúigeadh Eachdhruim loisgithe dóighte. Is uch! uch ón. Air an bpáirc do bhí an rás ar Dhiarmaid, do chaill sé a chlóca sa chórughadh ciarsach, do chaill sé a phiostal, a ghuna is a dhiallait is do chaill an t-anam, gidh mhairbh sé an diabhal díobh. Is uch! uch ón. A Phátraic Sairsél, is duine le Dia thu, is féirrde an talamh ar sheasadh tu riamh air, do bhuainteá allus as clanna na striapach, sdo sciub an bharr ó láimh rí Uilliam leat. Uch! etc. A Phátraic Sairsél, slán go ttighidh tu, ó chuaidh tu uain anun tar taoide ag déanamh do ghearáin leis na righthibh, is d'fhág tu Éire agus Gaeidhil bhochta claoidhte. etc. A Phátraic Sairsél slán go bhfilleadh tu, tug tu clú na Mumhan go huile leat, do thug tu an láir riabhach ar srian tre Bhiorra leat, sa cCuillend Ó cCuanach do bhuadhaigh tú Luimneach. Is uch! uch ón. Go mbuadhaigh Dia an t-ágh le geataí Luimnigh is leis na daoine uaisli tá a bfill recte buil? imeartha ann, díslidhe bána a láimh gach nduine aco is bréithra Dé dá leigheadh go minic dóibh. Is uch! uch ón. Cé hé súd thall ar lár na fairrge? tá'n súd rígh Séamus ceann gan eagla, cúl breagh dualach na ccocán airgid ag dul go Whitehall agus gárda breagh shagart leis. Is uch! uch ón.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services