Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Slán chum Pádraic Sáirséal

Title
Slán chum Pádraic Sáirséal
Compiler/Editor
Ó Concheanainn, Tomás
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1971-1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Cia súd siar thar dhorus na ceárdan?
Ná ceil air Rígh Uilliam é, tá mise Brian rábach;
Fan ad sheasamh a bhodaig go gcaithfe me grádhan leat
A ghiolla na praisge ni fhanfadh me go lá leat.


L. 225


B 1838-41ls 19L
"On the Battle of Aughrim, etc."



Is baintreabhach bhocht misi, a d'fhág Dia breóidhte
d'imthigh le saighdiuir nach raibh pósda
a bhfhuil a dhroimm briste agus fuil a chroidhe dóighte recte
dóirte?
agus d'fhág súd meise a cCúig Uladh go brónach.
Is uch! uch ón.



Céad leun ar an bhfhiabhras do bhain mo ghruaig díom
is d'fhág sé maol me, gan aon ruaine;
tá sí ag teacht comh hard leum chluasaibh
san uair fheuchaim siar, as fada liom uaim í.
'gas uch! uch ón.



Nár budh hé do bheatha anall chughain, a righ ghil Séamus,
read leathbhróg Ghallda is read bhróig eile Gaodhlach,
ag deunadh buaidheartha ar fuaid na hÉireann
'snach tug tú bualadh uait ná réidhteach.
Is uch! uch ón.


L. 226


A Chlanna Gaodhal chalma, bainigidh an foghmhar so
sná cuirigidh suim a lá bhrisde na Bóinne,
...
má fúigeadh Eachdhruim loisgithe dóighte.
Is uch! uch ón.



Air an bpáirc do bhí an rás ar Dhiarmaid,
do chaill sé a chlóca sa chórughadh ciarsach,
do chaill sé a phiostal, a ghuna is a dhiallait
is do chaill an t-anam, gidh mhairbh sé an diabhal díobh.
Is uch! uch ón.



A Phátraic Sairsél, is duine le Dia thu,
is féirrde an talamh ar sheasadh tu riamh air,
do bhuainteá allus as clanna na striapach,
sdo sciub an bharr ó láimh rí Uilliam leat.
Uch! etc.



A Phátraic Sairsél, slán go ttighidh tu,
ó chuaidh tu uain anun tar taoide
ag déanamh do ghearáin leis na righthibh,
is d'fhág tu Éire agus Gaeidhil bhochta claoidhte.
etc.



A Phátraic Sairsél slán go bhfilleadh tu,
tug tu clú na Mumhan go huile leat,
do thug tu an láir riabhach ar srian tre Bhiorra leat,
sa cCuillend Ó cCuanach do bhuadhaigh tú Luimneach.
Is uch! uch ón.



Go mbuadhaigh Dia an t-ágh le geataí Luimnigh
is leis na daoine uaisli tá a bfill recte buil? imeartha ann,
díslidhe bána a láimh gach nduine aco
is bréithra Dé dá leigheadh go minic dóibh.
Is uch! uch ón.



Cé hé súd thall ar lár na fairrge?
tá'n súd rígh Séamus ceann gan eagla,
cúl breagh dualach na ccocán airgid
ag dul go Whitehall agus gárda breagh shagart leis.
Is uch! uch ón.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services