gus an mbothán, ón uachtarán gus an lábán- ach, a mbaile mór agus a ttuaithe, is peaca, dubhailce, míbheus agus an uile mhallaightheacht do chífeamaoid ina measg a ccoitchine a measg an uile aicme daoine. A measg na n-uasal is tearc a chí- feamaoid aon read acht uabhar, díomas, mórdháil, díthchreidiomh, droichmheas air dhiaghacht, ainrian, ainmhian, anchaithteacht, antlás na colna, tarcaisne agus leathtrom air na bochtaibh, agus a ccomh- achta agus a n-ughdarás a dh'iompoghadh chum oilc agus urchóide. An drong atá fána mbun san ní mór nach bhfuilid chomh dona leó, an mhéid atá air a ccor, óir is saint agus tairbhe shaoghalta is mó atá dhe sgim orra, agus cuirionn san d'fhiachaibh orra eugcóir a dheunadh air chách má fheudaid. Ní loghálaid aon aimsir dóibh féin chum cuimhne air an tsiorruigheacht ná leasa a n-anama, agus atáid chomh dian agus chomh daor air gach n-aon fana smacht leis an mhuintir is mó comhacht. Ní mór leó a ccaithid dá n-aimsir air ghnodhaibh shaoghalta agus a' troid agus aig aighneas le gach óglách agus fear oibre dá mbidhionn aca agus b'fhéidir aig deunadh eugcóra orra a ndíol an tuarasdail bhoicht leó do thuillid uatha go cruaidh cráidhte, agus aig caitheadh a sheacht n-oiread a ttigh an ósta, Domhnach agus lá saoire, agus b'fhéidir gur dhíthchioll doibh leathuair a chaithiomh aig aifrionn tairéis na seachtmhuine chum buidheachais a bhreith leis an té úd d'fheudfadh rath nó 20 mírath a chuir air a saothar, agus an leathuair sin féin go fuar faillítheach spadánta; is fada uatha a bheith chomh cúramach chomh griongalach ná chomh dáríre dá dheunadh agus bhíd siad chum riachtanais an tsaoghail tsoghluaiste si a shaláthar; acht is é is fada leó bheith an t-aifrionn dá rádh, agus má bhidhionn sean- móir ná teagasg aig an sagart dá thabhairt ní ffadhadh cuid aca foighne leis sin air aon chor gan a ccodla thuitim orra nó imtheacht amach air fad. A n-áit lorg a chur air righeacht na fflaithios air ttóis, a n-áit a ngnodh shaoghalta a choisreagann le a ndeunamh chum glóire Dé agus le hinntinn a réir do dheunadh agus a ndualgais chinnte do choimhlíonadh, is é a n-airidhe go hiomlán a mbeanna do leath- nughadh, a mórdháil a choimhead suas agus a cclú san tsaoghal do chaithréimiughadh, agus chum na críche si atáid ullamh chum aon bheart eigcorach nó cailleamhnach do ghradh aon tairbhe do ghnodhadh dhóibh féin; oir is follus go loigheaduigheann a ccreidiom agus a ccrábhthacht do réir mar mhéuduigheann a n-íonmhas agus a saidhbhrios. 5 Atá sé follus air a' nós céadna, na slighthe si is mó agus is éifioch- tamhla chum críostaighthe a ghríosadh dochum suabhailceadha agus riaghlacha creidimh do chleachtadh agus ceangal riu agus sláinte a n-anama do shaothrughadh, mar atá, bochtaine, buaidhre agus deacracha an tsaoghail, go n-iompuighid ina n-adhbhar peacadh dhon lucht d'fhullaingeann iad agus go ndamanuighthear na mílte treas na hadh- bharaibh sin do tugadh dhóibh chum a ttreorughadh go flaitheamhnas, ionus má bhrostuigheann saidhbhrios mórán chum a ccailleamhna go siorruidhe, do bhrigh go ndallann sé iad air mhodh go ndear- madaid Dia, atá an bhochtaine chomh dona céadna do mhórán, air an adhbhar go ccuirionn sé orra bheith aig canrán air Dhia agus aig lochtughadh a thoile diagha. Más céim cruaidh a n-aghaidh ár leasa saidhbhreas, do bhrigh an drochlámh a deuntar díobh, cuireann bochtaine mar an ccéadna na sluaidhte go hifrionn treas an mhí- fheidhm a deuntar de; air an adhbhar go ccuidigheann an t-uasal agus an t-ísiol, an lag agus an láidir, an bocht agus an saidhbhir lena chéile chum a ndamanaighthe. Deunann an comhachtach leatrom agus eugcóir air an mbochtán agus trid sin tuillid damaint shíorruighe dóibh féin; bíd na bochtáin, tríd sin, feargach lasánta a n-aghaidh na ccomhachtach, agus mar sin damnuighid iad féin air an nós céadna; brughaid na huaisle go talamh na bochtáin agus dá réir sin go ttuillid dioghaltas Dé a thuitim orra go siorruighe; bidhionn tnúith agus formad aig na bochtaibh leó san, agus bíd aig goid agus aig sracadh uatha go heugcórach, agus dá bhrigh sin go ttuillid an dioghaltas ceadna agus bás shíorruidhe d'fhaghail. 6 Dá mbeith uain nó aimsir agam chum feuchain athchumair do thabhairt tar na ceardaibh agus na n-ealadhan n-eugsamhuil agus glaodhach gach criostaighe fó leith, do nochtfainn míle claonbheart táir agus cleachta neamhdhlightheacha dá ndeunaid chum a chéile do sgrios, do mhealladh agus do chealgadh. Cá a liacht duine noch do thuigeann go ccomhlíonad a ndualgas lena bhriseadh, aig deunadh faillith dhen nidh atá órdaighthe agus aig deunadh an nidh atá toirmisgthe? Atáid sinsiora faillíghtheach a tteagasg agus a ffoghluim a cclainne, nó ní bhfuil aon uraim aig an cclainn da sínsioraibh. Atáid fir rómhur- santa dá mnáibh, nó atáid na mná air deire ionnsa ngrádh agus ionnsa n-uraim budh chóir dhóibh a bheith da ffearaibh; atáid maghaisirighe agus mná tighe ródhian agus róchruadhalach air a seirbhíseachaibh agus air a lucht aointighe, nó atáid na seirbhíseacha agus an chualacht droch- mhúinte agus neamhdhílis dá maghaistiribh. Acht chéadna is fíor- bheagán a gheabhthaoi, aig labhairt a ccompráid , a choimhlíonann a ndualgas ann gach aon phongc; is fíorbheagan nach geabhtar prácás éigín salchair ionna subhailcibh agus lán de chréimibh agus d'ainimh. Is fíorbheagán a thoghfadh Dia roimh an uile nidh agus aigá mbeith aigne do ghnáth sgarramhuint le gach uile nidh agus an uile nidh a fhulaing níos luaithe ioná fearg do chur air, agus dá réir sin is fíorbheagán ar féidir leo a rádh go ffuil ceart aca air fhlaitheamhnas air son a neimhchionta. Anois féuchamaois agus tugaidhe féin breitheamhnas más mó a theighionn go flaitheamhnas air bhóthar na haithrighe. Aig sin an nídh do gheallas san dara pongc. 7 An uair adeirim nach ffuil acht beagán, le labhairt a ccompráid, noch ar féidir leó ceart a éiliomh air fhlaitheamhnas a leith a n-aith- righe fhírinneach, ní thógraim a rádh nach ttéid acht beagán chum faoisidine; óir a mhalairt daoine ainrianta air fad, méirdreacha agus anstriosacha, gurab é a ccéird a bheith aig deunadh místá agus mall- aightheacht agus air nach ffuil náire ná eagla saltairt air gach uile chóir diagha agus daondha, is é mo thuairim, adeirim, a mhalairt daoine den tsamhuil si, go ndeunaid urmhór na ccríostaighthe an dualgas sa do chur díobh air ghoithe éigin tímchioll na Cásga gacha bliadhain, is é sin, go ndeunann a lán díobh a bpeacaidhe d'fhaoisidín, acht is baoghlach gur beag as an uimhir mhór so air ar féidir aithrighig fhírinneacha Soighsgéil do ghlaodhach, agus dá bhrigh sin gur beag díobh a sláineochthar, mar atá sé sár-riachtanach chum slánaighthe aithrighe do dheunadh, do réir na breithe uathbhásaigh úd do thug ár Slánaightheoir Iosa Críost féin, "Acht muna ndeuntaidhe aithrighe biadh sibh uile caillte." Acht cia é an fíoraithrigheach soighsgeulta? Is é fíoraithrigheach ann, adeir Tertullian, an té air a ngoillfeadh sé air do shíor a bheith dhe mhí-ágh air cumann agus caradas Dé a chailleamhuint, agus aigá mbeid a pheacaidhe os comhair a shúl aige coitchianta agus cuimhne aige orra, agus air a mbiadh doilghios fírinneach agus cúmha dháríre air dá ndeasgaibh. Is é an fíoraithrigheach, an te d'fheuchann thairis le brón croidhe air na laethibh agus air na bliadhan- taibh do chaith sé a n-eascáirdeas Dé agus fhuaithigheann agus chaoineann go geur ó chroidhe mar do chuir sé fearg riamh air a Thighearna uilechomhachtach; is é an fíoraithrigheach, an té chaithionn beatha nuaidh agus fheuchann lena choirthibh a ghlanadh amach agus a chuit- iughadh le gnaithchleachtaibh duaibhseacha aithrighe agus dianthroisge, ionus go ffeudfadh sé na daorphianta guasmhara do thuill sé, agus a bhfuil ceart aig breitheamhnas Dé a dhioghalt air, a sheachnadh. 8 Aig sin, a dhearbhráithreacha, tuairisg cheart an aithrighich fhírinnigh; gidheadh, cá ffaghthar aithrigheacha den tsamhuil sin? Go deimhin d'fheudfadh óigbhliadhanta na criostamhlachta a leithéidibh sin do mhaoidheamh; san aimsir rathamhuil sin do cídhthighe peacaig de gach uile chineul agus aicme sleachta aig geatadh- aibh na tteampoll, foillighthe le heudaighibh róin agus luaithre, aig sgreadaigh air Dhia aig iarraidh trócaire, aig bualadh a n-ochta, mar an bpoibliocán, re cúmhaidh, agus dá iarraidh air an bpobal, air a ngabháil társa asteach go tigh Dé, maithfeachas agus reighteach a ppeacaidhe d'fhaghail dóibh trena nguidhe agus do thoradh a n-urn- aighthe. Acht is air éigionn atá aon chomhartha dhen aithrighe sin le faghail anois; is é is rómhór leó comharthas beag troisge dheunadh san cCorghas nó Aoine nó Satharnn; ní fheudaid trosgadh ná aon chrádh oile coirp d'fhullaing. Agus más lucht leanamhna do Chríost iad, dar liom is cionntreoir é air a raibh coróin spíona, agus is deisgiobail do Thighearna iad do mhair fá anacra agus d'eug fá dhaor- pheanaid, agus ní ffaghaid sin foighne le clos trácht air leoirghníomh ná air chrádh an choirp, air throsgadh ná air iad féin do sheunadh, agus gan trácht air thaithighe do dheunadh dhíobh, air son go ngáirid a ttrompheacaidhe iomdha go laetheamhuil air neamh aig iarraidh dioghaltais. Acht cheana déinid siad faillith iomlán 21 de shacra- maint na haithrighe agus mairid agus eugaid air staid neamhaithrigheach. Nó tagaid a láthair chathaoir na faoisidíne gan an t-ullmhughadh ná an mheoin cheart, gan díoltuirse air son a bpeacaidhe mar budh chóir dhóibh, agus gan rún daingeann ná dárire aca a mbeatha do leasughadh. Breithnighidhe féin anois, a dhearbhráithre, má tá ceart aig urmhór na ccriostaighthe air fhlaitheamhnas do thoradh a n-aithrighe dáríre. Breithnighidhe an bhfeudfadh sibh féin ceart do gheilleadh air an mbeatha shíorruidhe do chionn bhur n-aithrighe féin. 9 Atá suighiughadh oile fós air an uimhir mhór críostaighthe a cailltear go síorruidhe .i. a liacht duine chealgann agus do ghnidh eugcóir air a comharsain, agus cia aca do ghnidh ionachlain ná leoirghníomh leis? Atá lucht na heugcóra a dheunadh do-áirmhighthe, gidheadh atá lucht an leoirghníomha róshuathrach. A measg céad duine budh dhíthchioll díbh aon duine amháin d'fhaghail nach gearánfadh go ndearnadh duine éigin eugcóir éigín nó cealg d'imirt air, agus air a shon san cread an sasughadh a deuntar, cread an éiric a dioltar air son na foghla? Aig si nidh nach smaoinighid amháin air a dheunadh, agus air a shon san níl aon nidh is deimhnighe chum damaint shiorruighe dá n-anam ná faillighe a dheunadh dhen dualgas so; níl aon nidh níos soléire ioná go ffuilid siad caillte go síorruidhe muna ndeunaid leoirghníomh a ccuid a ccomharsan, agus a bheith air a ccor, agus sasamh a dheunadh lena ccomharsain san eugcóir do rineadar air, agus san ffoghail do rineadar dho go toiltionach. Ina dhiaigh sin an práinn duinn dearbhadh air bith chum a dheimhniughadh duinn gurab iomadamhla go mór a ndamanuighthear ioná slánuighthear d'anamnnaibh, agus as lár na críostamhlacht féin gur róbheag a theighionn go flaitheamhnas tré dhoras na haithrighe a ccomórtas lena tteighionn go hifrionn agus cailltear go deoigh do chionn neamhaithrighe chroidhe ná toraidh cheart leoirghníomha a thabhairt uatha? Cá liacht peacach frioththuitiomach agus seanchleachtach a measg aithrighig na haimsire si, noch atá aig síoraiththuitim ionnsna coirthibh céadna agus dhiúltuigheann do chontabhairtibh an pheacadh do sheachnadh, ná aon duaigh a ghlacadh chum a n-ainmhianta do chlaoidheadh ná a ndroichchleachta do sheachnadh? Cá liacht duine do thar- caisnigheann trocaire agus gairm De, aig braith air a siodhcháin a dheunadh leis air leabain a mbáis agus nach áil leó sgarramhuint ris an bpeacadh acht an uair bheid siad aosta anbhfann an tráth ná bidhionn ionnta an peaca dheunadh ná fós eirghe as. Roicfeadh le seandacht, gan amhras, duine do sgaoileadh ó bhaois na hóige; roigfeadh le miraith, uireasbaidh sláinte, coimpleusg bhriste, air ccaithiomh amach a leanmhuint míriaghail agus tráighte le rangás na colna, a fhuil d'fhuarughadh, teasbach a ainmhian do mhúchadh, claoine borb a chroidhe do chosg agus fuaith nádúrtha thabhairt do dhon bpeacaidh. B'fhéidir go stadfadh a dhroichghníomhartha annsan, acht an féidir a mheas air an adhbhar san go bhfuil sé ina aithrigheach fhírinneach? Nó an féidir a mheas go bhfaghaidh sé grása doilghís agus díoltuirse iomchubhaidh an uair is maith leis, maille re gráin agus fuaith don bpeacadh do bhrigh go ngoilleann sé air mhórmhaithios Dé? Ah! ní headh, a dhearbhráithreacha, is é fuaith is gnáthaighe lena leithéidibh sin a bheith aca dhon bpeacadh, mar nach feudaid leanmhuint de níos sia. Is anamh a chuimhnighid siad air an masladh tugthar do Dhia; nil aon toradh aca air aoin nidh bheanann re creidiomh acht na bagaracha do ghnidhthear orra air phiantaibh síorruidhe d'fhulaing iar sgarradh ris an saoghal sa; agus dá mbeith gan aon ifrionn a bheith ann is baoghalach go mairfidís agus go n-eugfadaois air nós na ndithchreidmheach, gan dilseacht gan chreidiomh agus gan aithmhéala air a ccoinsíasaibh. Más eadh, a dhearbhraithre, agus níl amhras ná gurab amhlaidh dho go leor aith- righeach breugach, nach maith an fáth atá agamsa le a radh gurab olc an tuairim go rachaidh urmhór na ccríostaighthe chaoidhche go flaitheamhnas a cconair an neamhchionnta ná a cconair na haithrighe? Dob eidir go ndeurfadh sibh am chuinne, da thagradh go ffuil Dia grásamhuil trócaireach agus nar chuir sé air an saoghal sibh chum sibh a dhamaint. Mola, glóire, onóir agus altughadh lena ainm naomhtha, is trocaireach atá sé; agus muna mbeith go ffuil sé trócaireach do bhámair uile caillte agus caithte amach go síorruidhe. Acht atá sé comhsheas- amhach dá gheallamhnachaibh agus ceart mar an ccéadna, agus ní gheallann sé a n-aon áit gach aon pheacach a ghlacadh asteach air nemh, acht a n-aghaidh sin diúltuigheann sé dhóibh go hiomlán. 10 Níor chuir sé air an saoghal sibh chum sibh do dhamnughadh, acht fiafraighim díbh an chum mallaightheachta do chuir sé air an saoghal sibh? An chum a bheith eugcórach, chum a bheith gáir- seamhuil, dioghaltaiseach, munabrach, cúlchainteach, chum creiche ná bitheamhantais, chum mealltóireachta, chum meisgeoireacht, tiomnadóireacht, easgaine nó naomhaithise? Ní headh, a dhear- bhráithre, do chuir Dia air an saoghal sibh chum a ghradhughadh agus a fhriotháladh; agus a n-ionad a ghradhughadh agus a fhreastaladh do dheuntaoi a mhaslughadh agus a aitheanta do bhriseadh do shíor; is é bhúr ccionta féin a bheith damanta. Is sibhsi féin do dhamanuigheann sibh fein, agus níor mhiste dhon Tighearna a rádh libh mar adúbhairt sé ris na Iudaighibh analód, "A Israel, is tu fein is cionntach led chailleamhuint". Do chruthaigh sé sibh gan bhúr ccongnamh féin, adeir N. Abhaistín, gidheadh ní shlánócha sé sibh gan sibh féin a chuidiughadh ris. Ní mór leis bhúr saorthoil féin do chomhoib- riughadh leis na grásaibh do sgaipionn sé, agus is le huireasbaidh an chomhoibrighthe si nach toghthar acht beagán as an morán a glaodhthar. Músglaidhe, uime sin, a pheacachacha, ó mharbhshuan mí-ághmharach an pheacadh agus saothruighidhe a ndáríribh ó so suas chum a bheith a measg an bheagáin a toghthar aig Dia. Comh- lingidhe chum dul asteach san doras cumhang, óir "is fairsing an geata agus is leathann an bothar do threoruigheann go hifrionn, agus is iomadamhuil an mhuintir do ghabhann asteach ann; gidheadh is comhang an doras agus is caol an tslighe threoruigheann chum na beathadh, agus is fíorbheagán do gheibh amach é", Matha vii, 13, 14. Dá bhrigh sin, a dhearbhráithreacha, má bhí sé de dhonas oraibh doras an neamhchionta a dhúnadh oraibh féin atá cabhair a ndán díbh fós. Atá geat na haithrighe osgailte go fóil agus atá sé air bhúr ccor caradas Dé d'fhaghail arís agus righeacht na fflaithios do ghnodhu- ghadh do dheasgaibh fíoraithreachais dáríre. Ní bhfuil aon mhaill re deunadh, aon aimsir le cailleamhuin acht ní mór díbh dul ina fheighil gan stad go griongalach tromdha. Atá gach aon read buaidhte aguibh má bhuaidheann sibh flaitheamhnas, acht má tá flaitheamhnas caillte atá gach uile nidh caillte agus caillte go deoigh, gan aon fhurtacht. Achchaingim oraibh gan codla níos sia air bhruach ifrinn agus a 22 n-ucht an amhgair. Cuimhnighidhe go ffuil cloidheamh an diogh- altais nochtaighthe os bhur ccionn, gan bhúr ccosnamh acht snáithe na beathadh, snáithe atá gach uile nómaint a ccontabhairt briste; agus dá rangóchadh dho briseadh agus an bás a theacht oraibh gan fhios agus breith oraibh a ndrochstaid, truaillighthe le peacaidh agus a n-easbaidh subhailceadh ná deaghoibreacha, is anacra shíorruighe go cinnte do bheith a ndán díbh. 11 Déinidh na fírinnighe sgeimhlightheacha d'aithriseas díbh aniugh sibh a spreagann le sganradh agus eagla shláinteamhuil, agus bíodh dóthchus a ttrócair Dé a ccuimhdeacht na heagla so, le muinghín a luaidheachtaibh ár Slánaightheor Beannaighthe. Ó a Iosa ghean- amhuil, sleachtamaoid go humhal aigad chosaibh; teilgeamaoid sinn fein a n-ucht do throcaire thaise le dóthchus láidir agus muinghín ann do mhaithios, dá iarraidh ort gan leigionn dár n-anamnaibh a bheith caillte, ó do chosnaigheadar an braon deigheanach ded chuid fola uaisle. Tarraing chughat féin sinn lead ghrasaibh shárchomh- achtacha agus le cuibhreacha do ghradh dhiagha, ionus iarnad ghradhu- ghadh agus dhod riar air an saoghal so go nglacfaoi sinn fá deoigh a n-uimhir na n-anam beannaighthe atá le bheith at fhiadhnaise go siorruidhe. Aig sin an bheannocht iarraimsi dhíbh uile, a n-ainm an Athar, etc..