Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóir ar Uimhir Bheag na bhFíréan

Title
Seanmóir ar Uimhir Bheag na bhFíréan
Author(s)
Ó hÍcí, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1971-1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Air Uimhir Bheag na fFíoraon



Multi sunt vocati, pauci vero electi. Gairmthear mórán acht is
beagán a toghthar, Matha 22,14.



1 Is fíor nach áil le Dia bás an pheacaig acht go n-iompóchadh
sé agus maireachtain, mar a dheimhnigheann an fháidh Ezechiel duinn,
xxxiii,11. "Ní háil leis aon do chailleamhuin", adeir N. Peadar,
2 Ep.,c.iii,r.9. "Do thug Iosa Críost é féin mar fhuasgalta air son
na n-uile dhaoine", adeir N. Pól, 1 Tim. 4. "Is í a thoil go
slánóchthaoi gach aon duine, agus go roigfidís fios na fírinne", v, 4.
Do bheir sé cuire do gach n-aon gan leithleas chum seilbhe a
righeachta neamhdha, agus saláthrann sé gach cóir is riachtanach dóibh
chum críche shonaidhe a ccruthaighthe do rochtain. Air a shon san
níl aon amhras ná go bhfuil an chuid is mó den ccineadh daondha
caillte go deoigh, ó deir Críost féin, a ccríochnughadh shoisgéil an
laé si, go ffuil mórán airna ngairm agus beagán airna ttoghadh. Má
mheasamaoid na criost-aighthe air leith leó féin is é muinghín daoine
eagnaidhe gur mó d'fhíoraonaibh ina measg ioná dhe
mhallaightheoiribh, is é sin, má curthar an t-aos óg do gheibh bás
ionna neamhchionnta baistighe annsa meas. Gidheadh dá mbaintighe a
leithéidighe sin do gheibh bás a naomhthacht na baistighe as an ccuid
oile agus gan a áiriomh acht an drong do thig chum crionacht, a
roigeann aois céille agus


L. 108


tuigsiona, is í an chéadfadh choitchionn gur lia go mór de chriost-
aighthibh aosta a cailltear ioná slanuighthear, agus dá réir sin go
bhfuilid na fíoraoin ina measg a ffad níos lugha ioná na mallaigh-
theoiridhe. Ma fhiafruigheann aon duine a chiall san is furas a
fhreagra: óna ndroichghníomharaibh féin agus ó dhiúltadh dho na
coinghiollachaibh iarrthar air a ttaobh-san chum a leasa do rochtain
.i. an nidh theagasguigheann Dia do chreidmheail, agus géilleadh dá
aitheantaibh.



2 Acht dochum gabháil a n-athghiorra an sgéil, níl acht dá
shlighe chum fhlaitheamhnais do rochtain: conair an neamh-
chionta agus conair na haithrighe. Gan aon amhras is slighe dheimh-
neach go flaitheamhnas agus chum na beatha shíorruidhe, ionn nach
leigthear aoinnidh trochlaighthe na caidheach, an neamhchionta.
Acht cia atá neamhchiontach má fhagbhamaoid leanaba tairéis a
mbaiste as an áiriomh; cia oile atá saor ó pheacadh ná tarraingthear
as an mBabilon pheacamhuil si sul do chuiripigheann meang agus
mailís a ttuigsin; cá a loighead do thaistiollann bóthar an neamh-
chionta anois go breaslann teamhrach na fflaithios? Cá ffaghthar a
measg na hársuigheachta na hanamna fíorghlana sa nach raibh
riamh ciontach ann aon pheacadh gníomha, a smaoineadh, a
mbriathar nó a n-obair? Nach beag a gheabhthaoi anois annsa
n-aois anduthchasach so, noch do mhairionn do reir riaghlach an
tSoisgéil agus na criostamhlachta, gan trácht air aon chor air a bhfuil
ar feadh an domhain gan geilleadh do Chríost, ná air a liacht drong
dh'airmhigheann iad féin ina ccriostaighthe agus atá sgarrtha le fíor-
aontacht tre leanmhúint d'earráid agus do shiosma, iad sa go léir
d'fhágbháil amuich gan aon chuid de chomaoin na naomh aca agus atá
fuagartha amach gan aon chuid aca dhen righeacht neamhdha, mar
adeir an t-apstol, Gal. c.v, r.19.



3 Atáid go deimhin, buidheachas re Dia, roint anamnacha
sonaidhe, air nós Noa, do choimheudann iad féin glan neamh-
thruaillighthe a measg na cuiriptheachta coitchine; óir ní raibh
Eaglais Chríst riamh, ná ni bhiaidh chaoidhche, a n-eugmais naomh
san aimsir is measa féin; tairis sin is baoghalach nach faghthaoi a
measg deich míle daoin<e> aosta, nó tháinigh chum aois tuigsiona,
aon duine amháin atá chomh sonaidhe sin agus brat gléigeal a neamh-
chionta baistighe do bhreith ón tobar baistighe gus an uaigh gan sal
éigín pheacadh do bheith air. Atá a leithéid sin de mhallaightheacht
ionnsa saoghal, a leithéid sin de mhí-iomchar a nádúir an duine ó


L. 109


thuitim ár sinsior go ttoisighmíd uile, beagnach, ann-aimsir ár
leanabuigheachta aig dul air seachrán ón tslighe cheart agus go cclaon-
amaoid ó chosán na subhailce, mar adeir an rioghfháigh, Sailm
xiii,4.



4 Agus ní gabha dhuinn dearbhadh air bith air gur beagán a
theighionn go flaitheamhnas air rian na neamhchionta de chriost-
aighthibh ársaidh acht feuchain a ccoitchine air an ccumadh a
ccaithid an mhuintir atá a n-ainm críostaighthe a mbeatha; óir
cuirim a fhiaghnaise oraibh féin, nach bíd a n-urmhór cionntach ann
neamhurchóideacht a mbaistighe do chailleamhuin chomh luath agus
do thiucfadh ionnta peaca dheunadh agus gur buinsgionn do riaghla-
chaibh a ccreidimh a chaithid a mbeatha? Má chuarduigheamaoid
ón rioghbhrog <pálás> gus an mbothán, ón uachtarán gus an lábán-
ach, a mbaile mór agus a ttuaithe, is peaca, dubhailce, míbheus agus an
uile mhallaightheacht do chífeamaoid ina measg a ccoitchine a
measg an uile aicme daoine. A measg na n-uasal is tearc a chí-
feamaoid aon read acht uabhar, díomas, mórdháil, díthchreidiomh,
droichmheas air dhiaghacht, ainrian, ainmhian, anchaithteacht,
antlás na colna, tarcaisne agus leathtrom air na bochtaibh, agus a ccomh-
achta agus a n-ughdarás a dh'iompoghadh chum oilc agus urchóide. An
drong atá fána mbun san ní mór nach bhfuilid chomh dona leó, an
mhéid atá air a ccor, óir is saint agus tairbhe shaoghalta is mó atá dhe
sgim orra, agus cuirionn san d'fhiachaibh orra eugcóir a dheunadh air
chách má fheudaid. Ní loghálaid aon aimsir dóibh féin chum cuimhne
air an tsiorruigheacht ná leasa a n-anama, agus atáid chomh dian agus
chomh daor air gach n-aon fana smacht leis an mhuintir is mó
comhacht. Ní mór leó a ccaithid dá n-aimsir air ghnodhaibh
shaoghalta agus a' troid agus aig aighneas le gach óglách agus fear oibre dá
mbidhionn aca agus b'fhéidir aig deunadh eugcóra orra a ndíol an
tuarasdail bhoicht leó do thuillid uatha go cruaidh cráidhte, agus aig
caitheadh a sheacht n-oiread a ttigh an ósta, Domhnach agus lá saoire,
agus b'fhéidir gur dhíthchioll doibh leathuair a chaithiomh aig aifrionn
tairéis na seachtmhuine chum buidheachais a bhreith leis an té úd
d'fheudfadh rath nó 20 mírath a chuir air a saothar, agus an leathuair
sin féin go fuar faillítheach spadánta; is fada uatha a bheith chomh
cúramach chomh griongalach ná chomh dáríre dá dheunadh agus bhíd
siad chum riachtanais an tsaoghail tsoghluaiste si a shaláthar; acht
is é is fada leó bheith an t-aifrionn dá rádh, agus má bhidhionn sean-
móir ná teagasg aig an sagart dá thabhairt ní ffadhadh cuid aca


L. 110


foighne leis sin air aon chor gan a ccodla thuitim orra nó imtheacht
amach air fad. A n-áit lorg a chur air righeacht na fflaithios air ttóis,
a n-áit a ngnodh shaoghalta a choisreagann le a ndeunamh chum
glóire Dé agus le hinntinn a réir do dheunadh agus a ndualgais chinnte do
choimhlíonadh, is é a n-airidhe go hiomlán a mbeanna do leath-
nughadh, a mórdháil a choimhead suas agus a cclú san tsaoghal do
chaithréimiughadh, agus chum na críche si atáid ullamh chum aon
bheart eigcorach nó cailleamhnach do ghradh aon tairbhe do
ghnodhadh dhóibh féin; oir is follus go loigheaduigheann a ccreidiom
agus a ccrábhthacht do réir mar mhéuduigheann a n-íonmhas agus a
saidhbhrios.



5 Atá sé follus air a' nós céadna, na slighthe si is mó agus is éifioch-
tamhla chum críostaighthe a ghríosadh dochum suabhailceadha agus
riaghlacha creidimh do chleachtadh agus ceangal riu agus sláinte a n-anama
do shaothrughadh, mar atá, bochtaine, buaidhre agus deacracha an
tsaoghail, go n-iompuighid ina n-adhbhar peacadh dhon lucht
d'fhullaingeann iad agus go ndamanuighthear na mílte treas na hadh-
bharaibh sin do tugadh dhóibh chum a ttreorughadh go flaitheamhnas,
ionus má bhrostuigheann saidhbhrios mórán chum a ccailleamhna
go siorruidhe, do bhrigh go ndallann sé iad air mhodh go ndear-
madaid Dia, atá an bhochtaine chomh dona céadna do mhórán, air
an adhbhar go ccuirionn sé orra bheith aig canrán air Dhia agus aig
lochtughadh a thoile diagha. Más céim cruaidh a n-aghaidh ár
leasa saidhbhreas, do bhrigh an drochlámh a deuntar díobh, cuireann
bochtaine mar an ccéadna na sluaidhte go hifrionn treas an mhí-
fheidhm a deuntar de; air an adhbhar go ccuidigheann an t-uasal agus
an t-ísiol, an lag agus an láidir, an bocht agus an saidhbhir lena chéile
chum a ndamanaighthe. Deunann an comhachtach leatrom agus
eugcóir air an mbochtán agus trid sin tuillid damaint shíorruighe dóibh
féin; bíd na bochtáin, tríd sin, feargach lasánta a n-aghaidh na
ccomhachtach, agus mar sin damnuighid iad féin air an nós céadna;
brughaid na huaisle go talamh na bochtáin agus dá réir sin go ttuillid
dioghaltas Dé a thuitim orra go siorruighe; bidhionn tnúith agus
formad aig na bochtaibh leó san, agus bíd aig goid agus aig sracadh uatha
go heugcórach, agus dá bhrigh sin go ttuillid an dioghaltas ceadna agus
bás shíorruidhe d'fhaghail.



6 Dá mbeith uain nó aimsir agam chum feuchain athchumair do
thabhairt tar na ceardaibh agus na n-ealadhan n-eugsamhuil agus glaodhach
gach criostaighe fó leith, do nochtfainn míle claonbheart táir agus


L. 111


cleachta neamhdhlightheacha dá ndeunaid chum a chéile do sgrios,
do mhealladh agus do chealgadh. Cá a liacht duine noch do thuigeann
go ccomhlíona<i>d a ndualgas lena bhriseadh, aig deunadh faillith
dhen nidh atá órdaighthe agus aig deunadh an nidh atá toirmisgthe?
Atáid sinsiora faillíghtheach a tteagasg agus a ffoghluim a cclainne, nó
ní bhfuil aon uraim aig an cclainn da sínsioraibh. Atáid fir rómhur-
santa dá mnáibh, nó atáid na mná air deire ionnsa ngrádh agus ionnsa
n-uraim budh chóir dhóibh a bheith da ffearaibh; atáid maghaisirighe
agus mná tighe ródhian agus róchruadhalach air a seirbhíseachaibh agus air a
lucht aointighe, nó atáid na seirbhíseacha agus an chualacht droch-
mhúinte agus neamhdhílis dá maghaistiribh. Acht chéadna is fíor-
bheagán a gheabhthaoi, aig labhairt a ccompráid <a cconaclann>, a
choimhlíonann a ndualgas ann gach aon phongc; is fíorbheagan
nach geabhtar prácás éigín salchair ionna subhailcibh agus lán de
chréimibh agus d'ainimh. Is fíorbheagán a thoghfadh Dia roimh an
uile nidh agus aigá mbeith aigne do ghnáth sgarramhuint le gach uile
nidh agus an uile nidh a fhulaing níos luaithe ioná fearg do chur air,
agus dá réir sin is fíorbheagán ar féidir leo a rádh go ffuil ceart aca air
fhlaitheamhnas air son a neimhchionta. Anois féuchamaois agus
tugaidhe féin breitheamhnas más mó a theighionn go flaitheamhnas
air bhóthar na haithrighe. Aig sin an nídh do gheallas san dara
pongc.



7 An uair adeirim nach ffuil acht beagán, le labhairt a ccompráid,
noch ar féidir leó ceart a éiliomh air fhlaitheamhnas a leith a n-aith-
righe fhírinneach, ní thógraim a rádh nach ttéid acht beagán chum
faoisidine; óir a mhalairt daoine ainrianta air fad, méirdreacha agus
anstriosacha, gurab é a ccéird a bheith aig deunadh místá agus mall-
aightheacht agus air nach ffuil náire ná eagla saltairt air gach uile chóir
diagha agus daondha, is é mo thuairim, adeirim, a mhalairt daoine den
tsamhuil si, go ndeunaid urmhór na ccríostaighthe an dualgas sa do
chur díobh air ghoithe éigin tímchioll na Cásga gacha bliadhain, is
é sin, go ndeunann a lán díobh a bpeacaidhe d'fhaoisidín, acht is
baoghlach gur beag as an uimhir mhór so air ar féidir aithrighig
fhírinneacha Soighsgéil do ghlaodhach, agus dá bhrigh sin gur beag
díobh a sláineochthar, mar atá sé sár-riachtanach chum slánaighthe
aithrighe do dheunadh, do réir na breithe uathbhásaigh úd do thug
ár Slánaightheoir Iosa Críost féin, "Acht muna ndeuntaidhe aithrighe
biadh sibh uile caillte." Acht cia é an fíoraithrigheach soighsgeulta?


L. 112


Is é fíoraithrigheach ann, adeir Tertullian, an té air a ngoillfeadh
sé air do shíor a bheith dhe mhí-ágh air cumann agus caradas Dé a
chailleamhuint, agus aigá mbeid a pheacaidhe os comhair a shúl aige
coitchianta agus cuimhne aige orra, agus air a mbiadh doilghios fírinneach
agus cúmha dháríre air dá ndeasgaibh. Is é an fíoraithrigheach, an te
d'fheuchann thairis le brón croidhe air na laethibh agus air na bliadhan-
taibh do chaith sé a n-eascáirdeas Dé agus fhuaithigheann agus chaoineann
go geur ó chroidhe mar do chuir sé fearg riamh air a Thighearna
uilechomhachtach; is é an fíoraithrigheach, an té chaithionn beatha
nuaidh agus fheuchann lena choirthibh a ghlanadh amach agus a chuit-
iughadh le gnaithchleachtaibh duaibhseacha aithrighe agus dianthroisge,
ionus go ffeudfadh sé na daorphianta guasmhara do thuill sé, agus
a bhfuil ceart aig breitheamhnas Dé a dhioghalt air, a sheachnadh.



8 Aig sin, a dhearbhráithreacha, tuairisg cheart an aithrighich
fhírinnigh; gidheadh, cá ffaghthar aithrigheacha den tsamhuil sin?
Go deimhin d'fheudfadh óigbhliadhanta na criostamhlachta a
leithéidibh sin do mhaoidheamh; san aimsir rathamhuil sin do cídhthighe
peacaig de gach uile chineul agus aicme sleachta aig geatadh-
aibh na tteampoll, foillighthe le heudaighibh róin agus luaithre, aig
sgreadaigh air Dhia aig iarraidh trócaire, aig bualadh a n-ochta, mar
an bpoibliocán, re cúmhaidh, agus dá iarraidh air an bpobal, air a
ngabháil társa asteach go tigh Dé, maithfeachas agus reighteach a
ppeacaidhe d'fhaghail dóibh trena nguidhe agus do thoradh a n-urn-
aighthe. Acht is air éigionn atá aon chomhartha dhen aithrighe
sin le faghail anois; is é is rómhór leó comharthas beag troisge
dheunadh san cCorghas nó Aoine nó Satharnn; ní fheudaid trosgadh
ná aon chrádh oile coirp d'fhullaing. Agus más lucht leanamhna do
Chríost iad, dar liom is cionntreoir é air a raibh coróin spíona, agus is
deisgiobail do Thighearna iad do mhair fá anacra agus d'eug fá dhaor-
pheanaid, agus ní ffaghaid sin foighne le clos trácht air leoirghníomh
ná air chrádh an choirp, air throsgadh ná air iad féin do sheunadh,
agus gan trácht air thaithighe do dheunadh dhíobh, air son go ngáirid a
ttrompheacaidhe iomdha go laetheamhuil air neamh aig iarraidh
dioghaltais. Acht cheana déinid siad faillith iomlán 21 de shacra-
maint na haithrighe agus mairid agus eugaid air staid neamhaithrigheach.
Nó tagaid a láthair chathaoir na faoisidíne gan an t-ullmhughadh
ná an mheoin cheart, gan díoltuirse air son a bpeacaidhe mar budh
chóir dhóibh, agus gan rún daingeann ná dárire aca a mbeatha do
leasughadh. Breithnighidhe féin anois, a dhearbhráithre, má tá ceart
aig urmhór na ccriostaighthe air fhlaitheamhnas do thoradh a
n-aithrighe dáríre. Breithnighidhe an bhfeudfadh sibh féin ceart do


L. 113


gheilleadh <dh'éileamh> air an mbeatha shíorruidhe do chionn bhur n-aithrighe
féin.



9 Atá suighiughadh oile fós air an uimhir mhór críostaighthe a
cailltear go síorruidhe .i. a liacht duine chealgann agus do ghnidh
eugcóir air a <c>comharsain, agus cia aca do ghnidh ionachlain ná
leoirghníomh leis? Atá lucht na heugcóra a dheunadh do-áirmhighthe,
gidheadh atá lucht an leoirghníomha róshuathrach. A measg céad
duine budh dhíthchioll díbh aon duine amháin d'fhaghail nach
gearánfadh go ndearnadh duine éigin eugcóir éigín nó cealg d'imirt
air, agus air a shon san cread an sasughadh a deuntar, cread an éiric a
dioltar air son na foghla? Aig si nidh nach smaoinighid amháin air
a dheunadh, agus air a shon san níl aon nidh is deimhnighe chum
damaint shiorruighe dá n-anam ná faillighe a dheunadh dhen dualgas
so; níl aon nidh níos soléire ioná go ffuilid siad caillte go síorruidhe
muna ndeunaid leoirghníomh a ccuid a ccomharsan, agus a bheith air a
ccor, agus sasamh a dheunadh lena ccomharsain san eugcóir do rineadar
air, agus san ffoghail do rineadar dho go toiltionach. Ina dhiaigh sin an
práinn duinn dearbhadh air bith chum a dheimhniughadh duinn
gurab iomadamhla go mór a ndamanuighthear ioná slánuighthear
d'anamnnaibh, agus as lár na críostamhlacht féin gur róbheag a theighionn
go flaitheamhnas tré dhoras na haithrighe a ccomórtas lena tteighionn
go hifrionn agus cailltear go deoigh do chionn neamhaithrighe chroidhe
ná toraidh cheart leoirghníomha a thabhairt uatha? Cá liacht
peacach frioththuitiomach agus seanchleachtach a measg aithrighig na
haimsire si, noch atá aig síoraiththuitim ionnsna coirthibh céadna
agus dhiúltuigheann do chontabhairtibh an pheacadh do sheachnadh,
ná aon duaigh a ghlacadh chum a n-ainmhianta do chlaoidheadh ná
a ndroichchleachta do sheachnadh? Cá liacht duine do thar-
caisnigheann trocaire agus gairm De, aig braith air a siodhcháin a
dheunadh leis air leabain a mbáis agus nach áil leó sgarramhuint ris an
bpeacadh acht an uair bheid siad aosta anbhfann an tráth ná
bidhionn ionnta an peaca dheunadh ná fós eirghe as. Roicfeadh le
seandacht, gan amhras, duine do sgaoileadh ó bhaois na hóige;
roigfeadh le miraith, uireasbaidh sláinte, coimpleusg bhriste, air
ccaithiomh amach a leanmhuint míriaghail agus tráighte le rangás na
colna, a fhuil d'fhuarughadh, teasbach a ainmhian do mhúchadh,
claoine borb a chroidhe do chosg agus fuaith nádúrtha thabhairt do
dhon bpeacaidh. B'fhéidir go stadfadh a dhroichghníomhartha
annsan, acht an féidir a mheas air an adhbhar san go bhfuil sé ina


L. 114


aithrigheach fhírinneach? Nó an féidir a mheas go bhfaghaidh sé
grása doilghís agus díoltuirse iomchubhaidh an uair is maith leis, maille
re gráin agus fuaith don bpeacadh do bhrigh go ngoilleann sé air
mhórmhaithios Dé? Ah! ní headh, a dhearbhráithreacha, is é
fuaith is gnáthaighe lena leithéidibh sin a bheith aca dhon bpeacadh,
mar nach feudaid leanmhuint de níos sia. Is anamh a chuimhnighid
siad air an masladh tugthar do Dhia; nil aon toradh aca air aoin nidh
bheanann re creidiomh acht na bagaracha do ghnidhthear orra
air phiantaibh síorruidhe d'fhulaing iar sgarradh ris an saoghal sa;
agus dá mbeith gan aon ifrionn a bheith ann is baoghalach go mairfidís
agus go n-eugfadaois air nós na ndithchreidmheach, gan dilseacht gan
chreidiomh agus gan aithmhéala air a ccoinsíasaibh. Más eadh, a
dhearbhraithre, agus níl amhras ná gurab amhlaidh dho go leor aith-
righeach breugach, nach maith an fáth atá agamsa le a radh gurab olc
an tuairim go rachaidh urmhór na ccríostaighthe chaoidhche go
flaitheamhnas a cconair an neamhchionnta ná a cconair na haithrighe?
Dob eidir go ndeurfadh sibh am chuinne, da thagradh go ffuil Dia
grásamhuil trócaireach agus nar chuir sé air an saoghal sibh chum sibh
a dhamaint. Mola, glóire, onóir agus altughadh lena ainm naomhtha, is
trocaireach atá sé; agus muna mbeith go ffuil sé trócaireach do bhámair
uile caillte agus caithte amach go síorruidhe. Acht atá sé comhsheas-
amhach dá gheallamhnachaibh agus ceart mar an ccéadna, agus ní gheallann
sé a n-aon áit gach aon pheacach a ghlacadh asteach air ne<a>mh,
acht a n-aghaidh sin diúltuigheann sé dhóibh go hiomlán.



10 Níor chuir sé air an saoghal sibh chum sibh do dhamnughadh,
acht fiafraighim díbh an chum mallaightheachta do chuir sé air an
saoghal sibh? An chum a bheith eugcórach, chum a bheith gáir-
seamhuil, dioghaltaiseach, munabrach, cúlchainteach, chum creiche
ná bitheamhantais, chum mealltóireachta, chum meisgeoireacht,
tiomnadóireacht, easgaine nó naomhaithise? Ní headh, a dhear-
bhráithre, do chuir Dia air an saoghal sibh chum a ghradhughadh
agus a fhriotháladh; agus a n-ionad a ghradhughadh agus a fhreastaladh do
dheuntaoi a mhaslughadh agus a aitheanta do bhriseadh do shíor; is é
bhúr ccionta féin a bheith damanta. Is sibhsi féin do dhamanuigheann
sibh fein, agus níor mhiste dhon Tighearna a rádh libh mar adúbhairt sé
ris na Iudaighibh analód, "A Israel, is tu fein is cionntach led
chailleamhuint". Do chruthaigh sé sibh gan bhúr ccongnamh féin,
adeir N. Abhaistín, gidheadh ní shlánócha sé sibh gan sibh féin a
chuidiughadh ris. Ní mór leis bhúr saorthoil féin do chomhoib-


L. 115


riughadh leis na grásaibh do sgaipionn sé, agus is le huireasbaidh an
chomhoibrighthe si nach toghthar acht beagán as an morán a
glaodhthar. Músglaidhe, uime sin, a pheacachacha, ó mharbhshuan
mí-ághmharach an pheacadh agus saothruighidhe a ndáríribh ó so suas
chum a bheith a measg an bheagáin a toghthar aig Dia. Comh-
lingidhe chum dul asteach san doras cumhang, óir "is fairsing an
geata agus is leathann an bothar do threoruigheann go hifrionn, agus is
iomadamhuil an mhuintir do ghabhann asteach ann; gidheadh is
comhang an doras agus is caol an tslighe threoruigheann chum na
beathadh, agus is fíorbheagán do gheibh amach é", Matha vii, 13, 14.
Dá bhrigh sin, a dhearbhráithreacha, má bhí sé de dhonas oraibh
doras an neamhchionta a dhúnadh oraibh féin atá cabhair a ndán
díbh fós. Atá geat<a> na haithrighe osgailte go fóil agus atá sé air bhúr
ccor caradas Dé d'fhaghail arís agus righeacht na fflaithios do ghnodhu-
ghadh do dheasgaibh fíoraithreachais dáríre. Ní bhfuil aon mhaill
re deunadh, aon aimsir le cailleamhuin acht ní mór díbh dul ina
fheighil gan stad go griongalach tromdha. Atá gach aon read buaidhte
aguibh má bhuaidheann sibh flaitheamhnas, acht má tá flaitheamhnas
caillte atá gach uile nidh caillte agus caillte go deoigh, gan aon
fhurtacht.



Achchaingim oraibh gan codla níos sia air bhruach ifrinn agus a 22
n-ucht an amhgair. Cuimhnighidhe go ffuil cloidheamh an diogh-
altais nochtaighthe os bhur ccionn, gan bhúr ccosnamh acht snáithe
na beathadh, snáithe atá gach uile nómaint a ccontabhairt briste;
agus dá rangóchadh dho briseadh agus an bás a theacht oraibh gan fhios agus
breith oraibh a ndrochstaid, truaillighthe le peacaidh agus a n-easbaidh
subhailceadh ná deaghoibreacha, is anacra shíorruighe go cinnte do
bheith a ndán díbh.



11 Déinidh na fírinnighe sgeimhlightheacha d'aithriseas díbh
aniugh sibh a spreagann le sganradh agus eagla shláinteamhuil, agus bíodh
dóthchus a ttrócair Dé a ccuimhdeacht na heagla so, le muinghín a
luaidheachtaibh ár Slánaightheor Beannaighthe. Ó a Iosa ghean-
amhuil, sleachtamaoid go humhal aigad chosaibh; teilgeamaoid
sinn fein a n-ucht do throcaire thaise le dóthchus láidir agus muinghín
ann do mhaithios, dá iarraidh ort gan leigionn dár n-anamnaibh a
bheith caillte, ó do chosnaigheadar an braon deigheanach ded chuid
fola uaisle. Tarraing chughat féin sinn lead ghrasaibh shárchomh-
achtacha agus le cuibhreacha do ghradh dhiagha, ionus iarnad ghradhu-
ghadh agus dhod riar air an saoghal so go nglacfaoi sinn fá deoigh a


L. 116


n-uimhir na n-anam beannaighthe atá le bheith at fhiadhnaise go
siorruidhe. Aig sin an bheannocht iarraimsi dhíbh uile, a n-ainm an
Athar, etc..



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services