Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dán le hEón Ó Caoimh
Title
Dán le hEón Ó Caoimh
Author(s)
Ó Caoimh, Eoghan,
Compiler/Editor
Ó Murchadha, Máirtín
Composition Date
1707
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1961-1963)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
As mithid damhsa leas mh' anma ó thárla a cceas cinneamhna; do shlad mé an cholann chuil mar aon is tortha an tsaoghuil. Ós dearbh fós gur chaith mise go holc urmhór mh' aimsire, atá mo dhóigh san Dúiliomh dil fá dheóigh ár súil go silfidh.
Dh' aimhdheóin mo chuirp riamh ba chlaon atáim ag triall san naomhraon do íoc mo chean - ní doilg damh: anois ar mo leas triallfad. An allód féach mar do chuaidh an Réx réimghlan an chéaduair d'iarruidh lucht oibre go beacht dá fhineamhain an chéidfheacht. Mór nuimhir táinig go moch, 's is mó iná an drong ar ttosach - dearbh libh - mar ad-chí is na staraibh. An chéad drong táinig díobh sin, 's an trian mheadhóin don mheithil, 's an dream fá dheóigh tig asteach, aon pháighe dóibh do dáileadh. Cosmhuil mise, tuigthear libh, s' an fear déighionach don mheithil; go madh ionann dóibh is damh, an dream do-chóidh ar ttosach. d'éis bheith ó thúis mh'aoise am thrú mar fhear lánbhaoise, ar an nDúiliomh sirim sin - gan mo dhiúltadh fan bpingin.
Iar ndul dhamh a n-aois fhoirfe níor ghaois uaim gan ionghaire céadfadh mo chuirp gan cheal do léarchur tráth a ngeimheal. An neach do bheir a ré go holc is thréigios tráth an umhlocht, déara ó a shúilibh má shil, téid a ccaomhthach an Dúilimh. Reacht an Ríogh do bhris mise, gér bhaois, a ttúis mh'aimsire; mé anois, mar Phól, go ngabhthar: rem ló ní dhéan mh'athmharbhadh. Maoidhfidh mise ar Mhac Muire mar do shaor an sladuighe, go ngabhaidh, tar cheann mo chean, liom dom threóradh go flaitheas. Ós ag flaith Árda Carna atá slat na healadhna, mé, mar gach neach, san ngort áilim mo chur go ndúthrocht, d'adhradh an Dúilimh go dil, do ghárdughadh gach aingil, do chabhair na mbeó go glinn as bróin lucht tighe ifrinn. A nduais mo dhána - dearbh damh - duais ós duaisibh do charas: mo chur, giodh neamhchubhaidh sin, a bhfineamhain an Dúilimh.
Ceangal an Dána sin Claonleasg le caogad do bhliadhnuibh me dod tréigion, a Dhé dhil, 's ag riar mo chuirp; séanfad an saogal 's a mhianna uile, má aontadhan Aodha maith mac Diarmada. Cléireach a ndaonacht 's a ndiadhacht dhil, 's a bhféile gan éara gan iaratas, a ttréithibh, a ccéimibh, 's a cciallmhuire do léirigh an chraobh leis a nIathaibh Luirc. Más béim flatha déshearc is daonacht a riaghuil úird, 's a ttéaxtaibh bheith léaghanda a ndaercheastaibh cliar do sgrúd 'na dhéarcach gan déistin 's an éigse do riar 'na dhún, ná héilmheadh aon aguibh Aodha maith mac Diarmada úd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services