Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán le hEón Ó Caoimh

Title
Dán le hEón Ó Caoimh
Author(s)
Ó Caoimh, Eoghan,
Compiler/Editor
Ó Murchadha, Máirtín
Composition Date
1707
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1961-1963)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



As mithid damhsa leas mh' anma
ó thárla a cceas cinneamhna;
do shlad mé an cholann chuil
mar aon is tortha an tsaoghuil.



Ós dearbh fós gur chaith mise
go holc urmhór mh' aimsire,
atá mo dhóigh san Dúiliomh dil
fá dheóigh ár súil go silfidh.


L. 21


Dh' aimhdheóin mo chuirp riamh ba chlaon
atáim ag triall san naomhraon
do íoc mo chean - ní doilg damh:
anois ar mo leas triallfad.



An allód féach mar do chuaidh
an Réx réimghlan an chéaduair
d'iarruidh lucht oibre go beacht
dá fhineamhain an chéidfheacht.



Mór nuimhir táinig go moch,
's is mó iná an drong ar ttosach
- dearbh libh -
mar ad-chí is na staraibh.



An chéad drong táinig díobh sin,
's an trian mheadhóin don mheithil,
's an dream fá dheóigh tig asteach,
aon pháighe dóibh do dáileadh.



Cosmhuil mise, tuigthear libh,
s' an fear déighionach don mheithil;
go madh ionann dóibh is damh,
an dream do-chóidh ar ttosach.



d'éis bheith ó thúis mh'aoise
am thrú mar fhear lánbhaoise,
ar an nDúiliomh sirim sin -
gan mo dhiúltadh fan bpingin.


L. 22


Iar ndul dhamh a n-aois fhoirfe
níor ghaois uaim gan ionghaire
céadfadh mo chuirp gan cheal
do léarchur tráth a ngeimheal.



An neach do bheir a ré go holc
is thréigios tráth an umhlocht,
déara ó a shúilibh má shil,
téid a ccaomhthach an Dúilimh.



Reacht an Ríogh do bhris mise,
gér bhaois, a ttúis mh'aimsire;
mé anois, mar Phól, go ngabhthar:
rem ló ní dhéan mh'athmharbhadh.



Maoidhfidh mise ar Mhac Muire
mar do shaor an sladuighe,
go ngabhaidh, tar cheann mo chean,
liom dom threóradh go flaitheas.



Ós ag flaith Árda Carna
atá slat na healadhna,
mé, mar gach neach, san ngort
áilim mo chur go ndúthrocht,



d'adhradh an Dúilimh go dil,
do ghárdughadh gach aingil,
do chabhair na mbeó go glinn
as bróin lucht tighe ifrinn.



A nduais mo dhána - dearbh damh -
duais ós duaisibh do charas:
mo chur, giodh neamhchubhaidh sin,
a bhfineamhain an Dúilimh.


L. 23



Ceangal an Dána sin



Claonleasg le caogad do bhliadhnuibh me
dod tréigion, a Dhé dhil, 's ag riar mo chuirp;
séanfad an saogal 's a mhianna uile,
má aontadhan Aodha maith mac Diarmada.



Cléireach a ndaonacht 's a ndiadhacht dhil,
's a bhféile gan éara gan iaratas,
a ttréithibh, a ccéimibh, 's a cciallmhuire
do léirigh an chraobh leis a nIathaibh Luirc.



Más béim flatha déshearc is daonacht a riaghuil úird,
's a ttéaxtaibh bheith léaghanda a ndaercheastaibh cliar do sgrúd
'na dhéarcach gan déistin 's an éigse do riar 'na dhún,
ná héilmheadh aon aguibh Aodha maith mac Diarmada úd.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services