Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Two Poems of Invocation to Saint Gobnait
Title
Two Poems of Invocation to Saint Gobnait
Author(s)
Ó Murchadha, Seán na Ráithíneach,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1948-1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mo pheitision chum na banaomh Gobnatan agus an tan do ghabh bolgach mo bhean 9ber 7th. 1728
A Thríonnóid aoird is rígh 's as liaig don domhan, 's a dhíonóir croidhe na buídhne d'iarras rogha, a sgaoiltóir snaidhm gan díol 'na dhiaig go lomm, tíghim fód dhíon 's na naoimh a mbliaghna am chobhair. A Ghobnuit mhíorbhúilleach na ngrás, ag cuímhnióghadh atáim ar tteacht fád dhíon, a bhratach bhuadhach bheannach bhán, sirim sgáth annois ort síor. Féach me a mbruid aniu gan sgóp, lé cuisne ceó mhilleas céad, cérabh urus duit-si, a gheal ríogh, a sgaipe dhíom lead t'fheartaibh féin. Aithcim ort, a lóchrainn aoird, mo ghlór go ttigh fris ad dháil, mo choimirc gabh ós beart is geall, go ttagad thall a ttigh na ngrás. A bhanógh uasal Inis Fáil, a chiste cháidh na bpeacach ndúr, a choinnioll chruith an chumuis tréin, cluin mo ghlaodh go fuin le fonn. Áilim annois ná tréig sinn ós am go n-iomad n-imshnímh, h'ímpídhe cuir chum triath na bhfeart, ag iarraidh síth mé cluin, a Ghobnuit. Is tréanchosnamh dhom a dhoilbhios nó a mbaoghal mur bhím, séimhchoidiriomh do thogra dho ghréas lé naoimh, cléir shoilibhir do thoirbhirios ó thaom a buidhin, a Naomh Ghobanuit ón mbolagaigh go saorair sinn.
Sinn fád sgáth go brách, a ríogan tall, is caoimhneas grás ód láimh go ttígh dhon bhall, a' sgaoile an cháis 'na ttárla guídhim tú am cheann, a shaoillse ghrádhach dom cháirdibh bí gach amm. Mo pheitision féin, a réilteann iúil na ccríoch - le cian, go mbeirir chum AonMhic Dé na ndúl gan moill - mo shians, mo dheifir go réighidh lé sméide súl go glinn - gan chiach, ós eision go réil mo réim, mo rún, mo rígh - mo thriath. A Mhuire ghlórmhur na hóghachta 's na truaghmhéile, 's a chiste chómhachtaicc na ndróllan gan cruas céime, a choinnioll lóchranda thógbhus gach buairt bhaoguil, go linge trócaire dhom fhóirthin ód chuan naomhtha. Amen. Brian Ó Cuív.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services