Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Two Poems of Invocation to Saint Gobnait

Title
Two Poems of Invocation to Saint Gobnait
Author(s)
Ó Murchadha, Seán na Ráithíneach,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1948-1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Mo pheitision chum na banaomh Gobnatan agus an
tan do ghabh bolgach mo bhean 9ber 7th. 1728




A Thríonnóid aoird is rígh 's as liaig don domhan,
's a dhíonóir croidhe na buídhne d'iarras rogha,
a sgaoiltóir snaidhm gan díol 'na dhiaig go lomm,
tíghim fód dhíon 's na naoimh a mbliaghna am chobhair.



A Ghobnuit mhíorbhúilleach na ngrás,
ag cuímhnióghadh atáim ar tteacht fád dhíon,
a bhratach bhuadhach bheannach bhán,
sirim sgáth annois ort síor.



Féach me a mbruid aniu gan sgóp,
lé cuisne ceó mhilleas céad,
cérabh urus duit-si, a gheal ríogh,
a sgaipe dhíom lead t'fheartaibh féin.



Aithcim ort, a lóchrainn aoird,
mo ghlór go ttigh fris ad dháil,
mo choimirc gabh ós beart is geall,
go ttagad thall a ttigh na ngrás.



A bhanógh uasal Inis Fáil,
a chiste cháidh na bpeacach ndúr,
a choinnioll chruith an chumuis tréin,
cluin mo ghlaodh go fuin le fonn.



Áilim annois ná tréig sinn
ós am go n-iomad n-imshnímh,
h'ímpídhe cuir chum triath na bhfeart,
ag iarraidh síth mé cluin, a Ghobnuit.



Is tréanchosnamh dhom a dhoilbhios nó a mbaoghal mur bhím,
séimhchoidiriomh do thogra dho ghréas lé naoimh,
cléir shoilibhir do thoirbhirios ó thaom a buidhin,
a Naomh Ghobanuit ón mbolagaigh go saorair sinn.


L. 332


Sinn fád sgáth go brách, a ríogan tall,
is caoimhneas grás ód láimh go ttígh dhon bhall,
a' sgaoile an cháis 'na ttárla guídhim tú am cheann,
a shaoillse ghrádhach dom cháirdibh bí gach amm.



Mo pheitision féin, a réilteann iúil na ccríoch - le cian,
go mbeirir chum AonMhic Dé na ndúl gan moill - mo shians,
mo dheifir go réighidh lé sméide súl go glinn - gan chiach,
ós eision go réil mo réim, mo rún, mo rígh - mo thriath.



A Mhuire ghlórmhur na hóghachta 's na truaghmhéile,
's a chiste chómhachtaicc na ndróllan gan cruas céime,
a choinnioll lóchranda thógbhus gach buairt bhaoguil,
go linge trócaire dhom fhóirthin ód chuan naomhtha.
Amen.
Brian Ó Cuív.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services