Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Literary Forgeries in Irish
Title
Literary Forgeries in Irish
Author(s)
Ó Néill, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Lochlainn, Colm
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Bhaile na Cúirte! do mhúraibh is tréan Do chighthear ód thúraibh, do namhaid a gcéin, Cia tréan iad do ghárda, d'oidhche 'sdo ló 'Se do dhídean ceart an gháir úd na "nGrásach Abó". A thír na Grása! is áluinn suidhe dhuit Is fada 'sis fairsing leathan do dhaoine O bhruach uisge geal na Neórach caoile Go ceanntar Mumhan na mágh bordmhíne Is as súd theas ar thaoibh Abha Muimhnigh Go Cill-Choinnigh, an tuath rug buadh ó naimhde.
Is aoibhin duit, a carruig a dún Sa caisléan tseagain na muraibh geal, Is aoibhin mar a dtainghean an ghrian Air an ttaobh shiar do Shliabh na mBan. Is aoibhin duit, a carruig a dún, Is minic ag taineamh ort grian is teas, Is glan do cidhfuidhe ó mhullach do carruige An long do gheóbhac an faruige theas. Is aoibhinn duit, a Bhaille Ui Corrain, Is fogus duit brodán agus breac, Is fogus duit tor fraoi agus smotán Is cuinín riabh-mhasach glas.
Is aoibhin duit, a Bhanan Uach, A bhaille na gcruach is na neach, Is aoibhin do mhullach do mota suas Aig faichsin na Feorach gabhail a ndeas. Is aoibhin duit, a sgeach an leachta, Is aoibhin dod bhon is dod bara, Is aoibhin dod bhlaith ban agus dearg 'Sgo braith ni leigfear do gheara. Créad faith a ccuirid teinnte Ionár ttimpcioll tréin lonnradh, An spéir go leir air lasadh, Is gach alta fíodh fa sgánradh. Na h-ein ó codhla aig músgailt An ám súain meodhain na haoidhthe: Is bín a nguith air ghéagaibh - Ta gach uile nídh faoi aoibhneas. Air turaibh arda an liagain Ta sgail ghlan na mór-theine, Mar thig ón ngrein gheal-lonradh San maidion caoin ag rinnce.
Dob ionmhuin leis an rí-fhlaith, Gearalt graoi an toigfhear, Do ghlach uaig eachra daoira Agus comhuidhibh eile móra. Na seabhaich do leagach marbh dó Na héin ó ard na spéire, 'Sna gadhair an gharbh fiona dubh Do threasgrach na faol-chóin. A bhaile an Lainse, a bhaile an Lainse, Budh ghnáith fa ghrin is fa sholás: As dubhach a nocht do cuadhlacht ad thimpcioll Go tóirseach aig caoine a ccruadh chás. Och is fior an trom sgeul, mo nuair. Croidhe na féile ni mhairin beodh: Maire na ndeiseach do imthigh uain, Oc! is dóin a bheith cloidhte a ngleodh. Dar liom cluinim cois Feorach thall Trom ghol duairc leis an ngaoith, Aithnim guith na marbh ón mbadhb - Is bin a ghlór, cia fuath liom é. Is minich roimhe do chaoin sí Do mhor shinsir, a Mhaire, a rún! Is amhla caoin si do shean mhathair Contaois mhorghalac Urmhumain.
Air nimtheacht uainn go prap as na spaertha Inghín gheal na haodhche do thréig sinn Ta an mhuar dair da luasgadh le gaothaibh, Ó thaobh na haile do stracadh a preimhibh: Níl sgaith aig bunán na craobh bheag, Ionar ttimpchioll tá fuar gaoith na speire Gach fionnsgoith is cróm as is treith iad. Cread faith a bhfuil gair agus geimeadh Aig amhuin so na Feorach tha taobh linn? Cread faith a bhfuil gair-ghol is beiceadh Mar ar ghnathach fuaim chlairseach na tteudaibh? As dubhach sas claoidhte do dhaoine ad dheighsi. Ta sliocht na nGrása go craighte ad eiliomh. A mBáille na Cúirte tha brón agus eimhe. Is iomdha uasal go buartha leunmhar Ó Bhaille Aith-Cliath go hiarthar Éireann Is ó Chúig Ulladh go hinis geal Bearra Anocht ad chaoi sa ccroidhe dhá reubadh. An triath Urmhumhan is dluith a ngaol duit Iarla Chill Dara agus tighearna na nDeiseach As dubhach faoi chás ataid ad éiliomh.
Uch, a mhic uasail Riobárd Grás! An mar seo lúaidhtear linn do bhas, An duitse, a Oigre na dúithe 'Sa oighre mhór Bhaille na Cuirte. Uch, is fíor gur shíolra a phór Ón ccurradh eachtach Remon mór, Do thig le neart na ngallaibh tréin, Is fuair an Éirinn clú is réim. Do sharuig siud Marghréud ni Gearoid Margréud dhana, an Contaois mhór - Is gach planda teann budh tréine Don mhor-fuil bhorb na mBuiltearach. Do thug a mhnaoi budh chaoin a mbeusa; Triuip na mBreathna chuige budh mhaiseach feacuint: Air bhruach Feórach budh mór a réim íad, Lucht cúirte bána is caisleain aolmhal. Is mairid fos air Sleibhte Breathnach Curraidhe calma is beithe maiseach, Sa ccaislean Heil is suairc gach oidhche Féusta is ceolta crot is laoithe. Faoi rachmus mór bhi Baille na Cuirte Aig mac Sir Seón, sé 'Lifeur muinte, 'S do chaith a mhac a réim sa saoghal ann, Seón an triath budh chialmhair treitheach.
Góilidh liomsa, a cháirde grádh, Is goilidh go cúmhach gach lá Tituim bhur ccurra san ár. Mo nuair a chalmacht air lár! Mishéin go leana go deo Is malacht air Cill Ruis na slóigh, Malacht ar an cclaoidheamh tróm Do bheir cruadh dhioghaltas na cheann. Mo chreach bhróin do shior am chrádh Mair do sheasaidh air an mágh: Da ma lag mo churradh no baoth On trom ár do thiochfeadh saor, etc..
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services