Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Literary Forgeries in Irish

Title
Literary Forgeries in Irish
Author(s)
Ó Néill, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Lochlainn, Colm
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A Bhaile na Cúirte! do mhúraibh is tréan
Do chighthear ód thúraibh, do namhaid a gcéin,
Cia tréan iad do ghárda, d'oidhche 'sdo ló
'Se do dhídean ceart an gháir úd na "nGrásach Abó".



A thír na Grása! is áluinn suidhe dhuit
Is fada 'sis fairsing leathan do dhaoine
O bhruach uisge geal na Neórach caoile
Go ceanntar Mumhan na mágh bordmhíne
Is as súd theas ar thaoibh Abha Muimhnigh
Go Cill-Choinnigh, an tuath rug buadh ó naimhde.


L. 127


Is aoibhin duit, a carruig a dún
Sa caisléan tseagain na muraibh geal,
Is aoibhin mar a dtainghean an ghrian
Air an ttaobh shiar do Shliabh na mBan.



Is aoibhin duit, a carruig a dún,
Is minic ag taineamh ort grian is teas,
Is glan do cidhfuidhe ó mhullach do carruige
An long do gheóbhac an faruige theas.



Is aoibhinn duit, a Bhaille Ui Corrain,
Is fogus duit brodán agus breac,
Is fogus duit tor fraoi agus smotán
Is cuinín riabh-mhasach glas.


L. 128


Is aoibhin duit, a Bhanan Uach,
A bhaille na gcruach is na neach,
Is aoibhin do mhullach do mota suas
Aig faichsin na Feorach gabhail a ndeas.



Is aoibhin duit, a sgeach an leachta,
Is aoibhin dod bhon is dod bara,
Is aoibhin dod bhlaith ban agus dearg
'Sgo braith ni leigfear do gheara.



Créad faith a ccuirid teinnte
Ionár ttimpcioll tréin lonnradh,
An spéir go leir air lasadh,
Is gach alta fíodh fa sgánradh.



Na h-ein ó codhla aig músgailt
An ám súain meodhain na haoidhthe:
Is bín a nguith air ghéagaibh -
Ta gach uile nídh faoi aoibhneas.



Air turaibh arda an liagain
Ta sgail ghlan na mór-theine,
Mar thig ón ngrein gheal-lonradh
San maidion caoin ag rinnce.


L. 129



Dob ionmhuin leis an rí-fhlaith,
Gearalt graoi an toigfhear,
Do ghlach uaig eachra daoira
Agus comhuidhibh eile móra.



Na seabhaich do leagach marbh dó
Na héin ó ard na spéire,
'Sna gadhair an gharbh fiona dubh
Do threasgrach na faol-chóin.



A bhaile an Lainse, a bhaile an Lainse,
Budh ghnáith fa ghrin is fa sholás:
As dubhach a nocht do cuadhlacht ad thimpcioll
Go tóirseach aig caoine a ccruadh chás.



Och is fior an trom sgeul, mo nuair.
Croidhe na féile ni mhairin beodh:
Maire na ndeiseach do imthigh uain,
Oc! is dóin a bheith cloidhte a ngleodh.



Dar liom cluinim cois Feorach thall
Trom ghol duairc leis an ngaoith,
Aithnim guith na marbh ón mbadhb -
Is bin a ghlór, cia fuath liom é.



Is minich roimhe do chaoin sí
Do mhor shinsir, a Mhaire, a rún!
Is amhla caoin si do shean mhathair
Contaois mhorghalac Urmhumain.


L. 130



Air nimtheacht uainn go prap as na spaertha
Inghín gheal na haodhche do thréig sinn
Ta an mhuar dair da luasgadh le gaothaibh,
Ó thaobh na haile do stracadh a preimhibh:
Níl sgaith aig bunán na craobh bheag,
Ionar ttimpchioll tá fuar gaoith na speire
Gach fionnsgoith is cróm as is treith iad.
Cread faith a bhfuil gair agus geimeadh
Aig amhuin so na Feorach tha taobh linn?
Cread faith a bhfuil gair-ghol is beiceadh
Mar ar ghnathach fuaim chlairseach na tteudaibh?



As dubhach sas claoidhte do dhaoine ad dheighsi.
Ta sliocht na nGrása go craighte ad eiliomh.
A mBáille na Cúirte tha brón agus eimhe.
Is iomdha uasal go buartha leunmhar
Ó Bhaille Aith-Cliath go hiarthar Éireann
Is ó Chúig Ulladh go hinis geal Bearra
Anocht ad chaoi sa ccroidhe dhá reubadh.
An triath Urmhumhan is dluith a ngaol duit
Iarla Chill Dara agus tighearna na nDeiseach
As dubhach faoi chás ataid ad éiliomh.


L. 131



Uch, a mhic uasail Riobárd Grás!
An mar seo lúaidhtear linn do bhas,
An duitse, a Oigre na dúithe
'Sa oighre mhór Bhaille na Cuirte.



Uch, is fíor gur shíolra a phór
Ón ccurradh eachtach Remon mór,
Do thig le neart na ngallaibh tréin,
Is fuair an Éirinn clú is réim.



Do sharuig siud Marghréud ni Gearoid
Margréud dhana, an Contaois mhór -
Is gach planda teann budh tréine
Don mhor-fuil bhorb na mBuiltearach.



Do thug a mhnaoi budh chaoin a mbeusa;
Triuip na mBreathna chuige budh mhaiseach feacuint:
Air bhruach Feórach budh mór a réim íad,
Lucht cúirte bána is caisleain aolmhal.



Is mairid fos air Sleibhte Breathnach
Curraidhe calma is beithe maiseach,
Sa ccaislean Heil is suairc gach oidhche
Féusta is ceolta crot is laoithe.



Faoi rachmus mór bhi Baille na Cuirte
Aig mac Sir Seón, sé 'Lifeur muinte,
'S do chaith a mhac a réim sa saoghal ann,
Seón an triath budh chialmhair treitheach.


L. 132



Góilidh liomsa, a cháirde grádh,
Is goilidh go cúmhach gach lá
Tituim bhur ccurra san ár.
Mo nuair a chalmacht air lár!



Mishéin go leana go deo
Is malacht air Cill Ruis na slóigh,
Malacht ar an cclaoidheamh tróm
Do bheir cruadh dhioghaltas na cheann.



Mo chreach bhróin do shior am chrádh
Mair do sheasaidh air an mágh:
Da ma lag mo churradh no baoth
On trom ár do thiochfeadh saor, etc..

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services