Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Three poems by Peadar Ó Maolchonaire
Title
Three poems by Peadar Ó Maolchonaire
Compiler/Editor
McAdoo, H.R.
Composition Date
1714
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ollamhnacht .i. spré nuachair .i. éadach nuachair go coitchionn do bhí Tadhg do chongbháil go h-ainndlightheach ó Pheadar Ó Maolchonaire.
I. A mhic Gearóid an ghlóir ghloin féach oram, amharc mh'easbaigh.
Mo cheart ná léigigh fá lár, beart nach féidir do iompádh. Mh'ollamhnacht uasal gan mhairg dhúinn tabhaigh, a threunTaidhg: d'fhior donaide a chion 'sa chol: sonaide an teagh ó dtugthar. Ós tusa thuigios gan sal foghlaim na bhfádh 'sna bhfallsamh, a fhréamhaigh an eóil ághaigh, tréoir déanaidh dár ndeaghbhráthair. Triath Mhaigh Réin na mbratach ngeal, tearc neach ag nach bhfuil a ghrádh; Ua Rodaigh mhóir Mhuighe Sleucht nár mhuighe eucht dá ndearnaigh a lámh.
Peadar ó Maolchonaire cct ar mbeith do Thadhg Ó Rodaighe róithing ina chosaibh re gout i Mí Márta 1696.
II. Lúirioch Chríost fá chosaibh Thaidhg ar at, ar lot, ar lánmhairg, ar écht na n-aimsior, ar on, ar chainnsior crécht dá gciorbhadh. An tAthair oirdheirc nach lag, An Mac mórdha 'sa Spiorad naomh neartmhar anosa fám laogh ceartghlan cumhrasa. Re leighios lán gan bhine go dtí na huird ainglighe go ceolmhar dá chlí mar so ar seoladh na dtrí dtriathso. Muire ógh máthair an Mhic go dtí le leighios láinghlic - gníomh róimhithigh don tuir the - d'fhóirithin air san uairse.
Ós trí leagha agas éinliaigh ibh, a thriúrsa atá a naoinmheidh, dár ngrás gabhaidh ag an gcur, a chás glanaidh ón ngalur. Ó Rodaighe na ngníomh nglé, a mheas ba mór an truaighe, bheith gan tréoir gan treisi dó, seisi eoil san amsa. Do lorg Ír ba tuar tacha, leomhan feasach Fiodhnacha, a sholas do shódh 'sgach eing; ba mór an donas d'Érind. Ní dá mhaith ba measa leam ciorrbhadh a chuirp go coitchiond, acht eolas Eorpa ar a iocht, beodhos seolta a ngach saoidhiocht. A chiall mheasda, a fhoghlaim án, 'sa ghlór gan saobh gan seachrán, a ngach chrích a sódh mar sin ba mór an díth do dhaoinibh. Dá mbeith gan d'fhoghluim aige, Tadhg oirrdheirc an t-iúloide, acht a ghlór gléughlan (. . .) ba mór an déanamh duine. Críost dá gcumhdach 'na gcuma, cosa an laoichsi Liathdroma, gan olc ná coire dá gcrádh, 'sa chorp uile go h-iomlán.
Gach naomh gan olc, gach easpol, gach bannaomh gan buaineasgar, ag guidhe ar a cheann gan chol, cuire gan meang 'na mhiotal. Íosa dá gcaomhna ar gach mairg, cosa agas lámha laochThaidhg - gníomh olc do gach cuire a gcrádh - 'sa chorp uile go h-iomlán. Ba measa d'ógbhaidh Éirionn Tadhg feasach 'sgach fírléighionn - a ghlórrádh guaisnimh ón gcois - ná mórán d'uaislibh is d'eaglais. Ós d'fhíorlorg an Ír fhortail beach an eolais árrachtaigh, Dia dá dhídion gach seal, líggheal gan tár gan teimhioll.
A n-ainm Chríost an ceangalso do rónadh is an uairse do thaobh chlúidh as cheannasa, do réir oirbhirt is uaisle.
Úrmhac teasdach Toirrdhealbhaigh is Máire ní Chonmhara, dias dár dhual gan oirbhearadh einioch is féile d'fhaire. Beidh do réir a ndúchasa ag coimhéad clúidh gan fhuaradh an Calbhach go húrmholta is Máire dár cheart buanbhladh. Gach athair ó dtángadar an cúpla measda maordha, dearbh gur chóir don ghlanmhogul einioch is clú do chaomhna. Airdshliocht cródha Conchobhair is crú Maoileachloinn mheanmnaigh - foirionn ba maith tromchobhair - ar dtocht tiomchiol an Chalbhaigh. Ó Fearghail an fhíreinigh as Ó Flannagáin fáidhghrind ar dteacht trá fán tsaoirgheinse, 's morán eile nach áirbhim. Ua Birn, an chraobh bhuanmholta, is mac Goisdealbhaigh d'fhuathaigh olc gach am, an cruadhchursa, 'sgach taobh tiomchiol an uasail. Síol gCeallaigh, na coinghleacaigh, fán dá chraoibhse d'fhuil Mhílidh, 's clann tSiúrtáin, na toirbhiortaigh do char an fhéile fhíre. Síol gCartha so Ó Chinnéididh, as Ó Briain, searc gach dáimhe, 's Ó Cearbhail i dtinnéigion gan lot, gach am fá Mháire. An fhian Bhúrcach bheodhamhail atá tiomchiol na deise, an slógh bríoghmhar a ngleochogaidh ba maith tréan agas treise.
Mac Conmhara móruasal 's lorg Éibhir fhinn an cuiregh; dearbh go bhfuil an róshluaghsa ar dtocht fán inghin uile. Dá dtaobh sin as inmheasda don Chalbhach is do Mháire, bheith go síor go grinnseasda a méin 'sa meas gan cháidhe. As dual don dá dheirbhgheinsi a n-ainm 'sa gclú gan mhíothoil - an dá phlannda dheilbhdheimhin - do chur gach am fá chríochaibh. Cuiridh deaghmhac Toirrdhealbhaigh sblangc 'san einioch gan amhras, 's biaidh Máire dá choimhleanmhoin do réir cumhachta 'san amsa. Más maith uaisle fíorfhola do bheith ionnta re chéile, do nós cheirt an ríoghrolla, fíor go bhfuil san déidhe. Mar sin as cóir comhadhais a gceangal sonn, mar mheasaim, do thaobh áigh is urradhais gan chlaoine ná lot leatroim. Teagaibh oide is banoide, ag Máire a n-iúl 'sa dtréidhibh, Ó Rodaighe an glanoide 's Fionghuala an chaomh chéillidh. Fíorbhuaidh cloinne as caomhchonáigh go raibh orra san amsa, 's buaidh anma 's gach saorrodháil. an cháraid nach críon crannda. H. R. McAdoo, B.A., Scholar of Trinity College, Dublin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services