Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Three poems by Peadar Ó Maolchonaire

Title
Three poems by Peadar Ó Maolchonaire
Compiler/Editor
McAdoo, H.R.
Composition Date
1714
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ollamhnacht .i. spré nuachair .i. éadach nuachair go coitchionn do bhí
Tadhg do chongbháil go h-ainndlightheach ó Pheadar Ó Maolchonaire.



B 1695c 17D
U Peadar Ó Maolchonaire



I.
A mhic Gearóid an ghlóir ghloin
féach oram, amharc mh'easbaigh.


L. 162


Mo cheart ná léigigh fá lár,
beart nach féidir do iompádh.



Mh'ollamhnacht uasal gan mhairg
dhúinn tabhaigh, a threunTaidhg:
d'fhior donaide a chion 'sa chol:
sonaide an teagh ó dtugthar.



Ós tusa thuigios gan sal
foghlaim na bhfádh 'sna bhfallsamh,
a fhréamhaigh an eóil ághaigh,
tréoir déanaidh dár ndeaghbhráthair.



Triath Mhaigh Réin na mbratach ngeal,
tearc neach ag nach bhfuil a ghrádh;
Ua Rodaigh mhóir Mhuighe Sleucht
nár mhuighe eucht dá ndearnaigh a lámh.



B 1714-15ls 18T
U Anaithnid



Peadar ó Maolchonaire cct ar mbeith do Thadhg Ó Rodaighe róithing ina
chosaibh re gout i Mí Márta 1696.



B 1696 17D
U Peadar Ó Maolchonaire



II.
Lúirioch Chríost fá chosaibh Thaidhg
ar at, ar lot, ar lánmhairg,
ar écht na n-aimsior, ar on,
ar chainnsior crécht dá gciorbhadh.



An tAthair oirdheirc nach lag,
An Mac mórdha 'sa Spiorad
naomh neartmhar anosa
fám laogh ceartghlan cumhrasa.



Re leighios lán gan bhine
go dtí na huird ainglighe
go ceolmhar dá chlí mar so
ar seoladh na dtrí dtriathso.



Muire ógh máthair an Mhic
go dtí le leighios láinghlic
- gníomh róimhithigh don tuir the -
d'fhóirithin air san uairse.


L. 163


Ós trí leagha agas éinliaigh ibh,
a thriúrsa atá a naoinmheidh,
dár ngrás gabhaidh ag an gcur,
a chás glanaidh ón ngalur.



Ó Rodaighe na ngníomh nglé,
a mheas ba mór an truaighe,
bheith gan tréoir gan treisi dó,
seisi eoil san amsa.



Do lorg Ír ba tuar tacha,
leomhan feasach Fiodhnacha,
a sholas do shódh 'sgach eing;
ba mór an donas d'Érind.



Ní dá mhaith ba measa leam
ciorrbhadh a chuirp go coitchiond,
acht eolas Eorpa ar a iocht,
beodhos seolta a ngach saoidhiocht.



A chiall mheasda, a fhoghlaim án,
'sa ghlór gan saobh gan seachrán,
a ngach chrích a sódh mar sin
ba mór an díth do dhaoinibh.



Dá mbeith gan d'fhoghluim aige,
Tadhg oirrdheirc an t-iúloide,
acht a ghlór gléughlan (. . .)
ba mór an déanamh duine.
Críost dá gcumhdach 'na gcuma,
cosa an laoichsi Liathdroma,
gan olc ná coire dá gcrádh,
'sa chorp uile go h-iomlán.


L. 164


Gach naomh gan olc, gach easpol,
gach bannaomh gan buaineasgar,
ag guidhe ar a cheann gan chol,
cuire gan meang 'na mhiotal.



Íosa dá gcaomhna ar gach mairg,
cosa agas lámha laochThaidhg
- gníomh olc do gach cuire a gcrádh -
'sa chorp uile go h-iomlán.



Ba measa d'ógbhaidh Éirionn
Tadhg feasach 'sgach fírléighionn
- a ghlórrádh guaisnimh ón gcois -
ná mórán d'uaislibh is d'eaglais.



Ós d'fhíorlorg an Ír fhortail
beach an eolais árrachtaigh,
Dia dá dhídion gach seal,
líggheal gan tár gan teimhioll.


L. 164


B 1701 18T
A n-ainm Chríost an ceangalso
do rónadh is an uairse
do thaobh chlúidh as cheannasa,
do réir oirbhirt is uaisle.


L. 165


Úrmhac teasdach Toirrdhealbhaigh
is Máire ní Chonmhara,
dias dár dhual gan oirbhearadh
einioch is féile d'fhaire.



Beidh do réir a ndúchasa
ag coimhéad clúidh gan fhuaradh
an Calbhach go húrmholta
is Máire dár cheart buanbhladh.



Gach athair ó dtángadar
an cúpla measda maordha,
dearbh gur chóir don ghlanmhogul
einioch is clú do chaomhna.



Airdshliocht cródha Conchobhair
is crú Maoileachloinn mheanmnaigh
- foirionn ba maith tromchobhair -
ar dtocht tiomchiol an Chalbhaigh.



Ó Fearghail an fhíreinigh
as Ó Flannagáin fáidhghrind
ar dteacht trá fán tsaoirgheinse,
's morán eile nach áirbhim.



Ua Birn, an chraobh bhuanmholta,
is mac Goisdealbhaigh d'fhuathaigh
olc gach am, an cruadhchursa,
'sgach taobh tiomchiol an uasail.



Síol gCeallaigh, na coinghleacaigh,
fán dá chraoibhse d'fhuil Mhílidh,
's clann tSiúrtáin, na toirbhiortaigh
do char an fhéile fhíre.



Síol gCartha so Ó Chinnéididh,
as Ó Briain, searc gach dáimhe,
's Ó Cearbhail i dtinnéigion
gan lot, gach am fá Mháire.



An fhian Bhúrcach bheodhamhail
atá tiomchiol na deise,
an slógh bríoghmhar a ngleochogaidh
ba maith tréan agas treise.


L. 166


Mac Conmhara móruasal
's lorg Éibhir fhinn an cuiregh;
dearbh go bhfuil an róshluaghsa
ar dtocht fán inghin uile.



Dá dtaobh sin as inmheasda
don Chalbhach is do Mháire,
bheith go síor go grinnseasda
a méin 'sa meas gan cháidhe.



As dual don dá dheirbhgheinsi
a n-ainm 'sa gclú gan mhíothoil
- an dá phlannda dheilbhdheimhin -
do chur gach am fá chríochaibh.



Cuiridh deaghmhac Toirrdhealbhaigh
sblangc 'san einioch gan amhras,
's biaidh Máire dá choimhleanmhoin
do réir cumhachta 'san amsa.



Más maith uaisle fíorfhola
do bheith ionnta re chéile,
do nós cheirt an ríoghrolla,
fíor go bhfuil san déidhe.



Mar sin as cóir comhadhais
a gceangal sonn, mar mheasaim,
do thaobh áigh is urradhais
gan chlaoine ná lot leatroim.



Teagaibh oide is banoide,
ag Máire a n-iúl 'sa dtréidhibh,
Ó Rodaighe an glanoide
's Fionghuala an chaomh chéillidh.



Fíorbhuaidh cloinne as caomhchonáigh
go raibh orra san amsa,
's buaidh anma 's gach saorrodháil.
an cháraid nach críon crannda.



H. R. McAdoo, B.A.,
Scholar of Trinity College, Dublin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services