Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal II (ar leanmhaint) Feudfaid lucht deuntús na Fraince glaodhach chomh hárd agus is maith leo ar cháin chosanta do ghearradh, nó tosnughadh ar dhroch-earraidhe saora do dheunamh nó an 3,250,000 cílogram eudaigh shíoda do dhíol feasta ar an airgead do gheibhdis ar an 2,500,000 cílogram de ón mb. 1855 go dtí an bh. 1859, acht pé rud a dheunfaid ní bheidh an sceul chomh maith aca arís choidhche is bhíodh. An Iodáil, an Eilbhéis, an Ghearmáin, na Stáit Aontuighthe, an Rúise, tá muilinn shíoda dá gcuid féin aca go léir agus ní cheannóchaid ó Lyons acht na síodaí is fearr mianach. Maidir leis na síodaí coitcheannta, tá an ciarsúir síoda ("foulard") coit- cheannta mar bhall eudaigh ag cailíní aimsire Chathair San Peadar, mar soláthruightear ciarsúirí síoda ó lucht gnóthaí tighe i dTuaisceart na Caucuise ar airgead ná feudfadh fighdeoirí Lyons maireachtaint air. Tá ceárdaidheacht an tsíoda taréis leathadh amach agus bíodh go bhfuil an chraobh ag Lyons fós chomh fada is théidheann na síodaí is maiseamhla ní bheidh sí choidhche arís ins hárd-shuidhchán do cheárdaidheacht an tsíoda mar a bhí deich fichead blian ó shoin. Do feudfaidhe somplaí eile den tsaghas san do thabhairt anuas ina bhfichidibh. Ní bhfaghann an Rúise a cuid siúicre ó Ghrianaig anois mar bhíonn flúirse siúicre dá cuid féin aici ar an airgead ar a ndíoltar i Sasana é. Agus ní san Eilbhéis amháin a deuntar uaireadóirí anois acht san uile áit. Tógann India as an 90 mianach guail atá aici dhá dtrian an ghuail a dhóghann sí. An cheárdaidheacht cheimiceach d'éirigh suas ar bruachaibh na Cluaidhe agus na Tíne (toisc a ró-usacht a bhí sé clocha teine do thabhairt a ndeas ón Spáinn agus toisc ana-chuid gnóthaí céirde bheith ar siubhal fan bhéil an dá abhann), tá an cheárdaidheacht san ag dul chun deiridh
anois. Tá an Spáinn ag tosnughadh ar na clocha teine d'úsáid le congnamh caipitil Shasanaigh, agus tá an Ghearmáin éirighthe chun bheith ina suidhchán mor do cheárdaidheacht an tsearbhlaigh ruibhe agus an tsóda; ní headh, acht is amhlaidh atá sí ag gearán cheana féin ar an iomad des na neithe sin do bheith dhá dheunamh inti. Acht cá beag san! Tá oiread san figiúirí os mo chomhair agam, agus an t-aon brigh amháin sin leo go léir, dfheudfainn oiread somplaí is badh mhaith liom do chuir síos. Is mithid bhreith do thabhairt ar an sceul agus is léir do gach aoinne, nách claon aigne, cadí an bhreith chóir. Tá gach aon tsórt gnó céirde dhá scaipeadh agus dhá leathadh ar fuaid an domhain, agus gach aon tsórt gnótha ag fás i dteannta chéile agus dhá fighe ar a chéile ins gach aon bhall in ionad áit ar bith do bheith i dtúrtaoibh leis an aon ghnó amháin. Siniad comharthaí móra na haimsire seo. Nuair a thagann a huain deineann náisiún ceárdaidheachta de gach náisiún, agus ní fada go mbeidh gach náisiún den Eoraip, chomh maith leis na Stáit Aontuighthe, agus fiú amháin na náisiún úd de náisiúnaibh na hÁisia agus Americá is mó atá i ndiaidh láimhe, ní fada go mbeidh siad agus nách mór gach aon ní a bheidh uatha aca féin dhá dheunamh dóibh féin. Béidir go ndeunfaidh cogaidhe agus trúigeanna cinneamhnacha eile leathadh na ceárdaidh- eachta do chosc ar feadh tamaill acht ní fheudfaidh é stad ar fad, mar níl aon dul uaidh. Isé tosach na hoibre amháin is deacair. Acht ní túisce bhíonn gnó chéirde ar bith preumhaighthe go daingean ná siúd na ceudta gnóthaí eile ag fás as. Ní túisce bhíonn na céimeanna tosaigh tabhartha sa cheárdaidheacht agus na constaicí tosaigh curtha as an slighe ná siúd ag meudughadh ar luas fáis na ceárdaidheachta. Muna dtuigtear na neithe sin, mothaightear a neart agus a n-éigean chomh mór san go bhfuil na náisiúin ag baint na sál dá chéile le fiche blian anuas a d'iarraidh choilíneacht do bhaint amach dhóibh féin. Ní foláir le gach náisiúin coilíneachta léi féin do bheith aici. Acht ní haon chabhair coilíneachta. Níl leithéid eile na hIndia sa domhan, agus ní féidir n seana-shaoghal thabhairt tharnais arís. Ní headh, acht tá cuid de choilíneachtaibh na Breataine ag bagairt dian-chomórtais ar an mBreatain cheana féin, agus tá cuid eile aca, an Austráil cuir i gcás, ná teipfidh orra an sompla san do leanmhaint. Maidir leis na margaidhe atá saor fós, ní cheannóchaidh an tSín aon teugar earraidhe ón Eoraip choidhche, mar is saoire go mór is féidir di féin iad do dheunamh sa bhaile, agus nuair a mothóchaidh sí gádh do bheith aici le hearraidhe den tsaghas a deuntar san Eoraip deunfa sí féin iad. Mairg don Eoraip más ar cheannaightheoiraibh iasachta a bheidh a seasamh an lá a rithfidh an cheud ghal-inneal traenach sa tSín! Maidir le daoine leath-fhiadhaine na hAifrice, ní healadha d'aon náisiún síbhialta a seun do bheith ag seasamh ar a mhí-sheun súd. Foclóirín Grianaig, .i. Greenwich Clocha teine, .i. pyrites Searbhlach ruibhe, .i. sulphuric acid Gach aoinne nách claon aige, .i. every un- prejudiced mind Trúigeanna cinneamhnacha, .i. accidental causes Margaidhe atá saor, .i. neutral markets
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services