Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal II
(ar leanmhaint)



Feudfaid lucht deuntús na Fraince
glaodhach chomh hárd agus is maith leo ar
cháin chosanta do ghearradh, nó tosnughadh
ar dhroch-earraidhe saora do dheunamh nó
an 3,250,000 cílogram eudaigh shíoda do
dhíol feasta ar an airgead do gheibhdis
ar an 2,500,000 cílogram de ón mb. 1855
go dtí an bh. 1859, acht pé rud a dheunfaid
ní bheidh an sceul chomh maith aca arís
choidhche is bhíodh. An Iodáil, an Eilbhéis,
an Ghearmáin, na Stáit Aontuighthe, an
Rúise, tá muilinn shíoda dá gcuid féin
aca go léir agus ní cheannóchaid ó Lyons
acht na síodaí is fearr mianach. Maidir
leis na síodaí coitcheannta, tá an
ciarsúir síoda ("foulard") coit-
cheannta mar bhall eudaigh ag cailíní
aimsire Chathair San Peadar, mar
soláthruightear ciarsúirí síoda ó lucht
gnóthaí tighe i dTuaisceart na Caucuise
ar airgead ná feudfadh fighdeoirí Lyons
maireachtaint air. Tá ceárdaidheacht an
tsíoda taréis leathadh amach agus bíodh go
bhfuil an chraobh ag Lyons fós chomh fada
is théidheann na síodaí is maiseamhla ní
bheidh sí choidhche arís ins hárd-shuidhchán
do cheárdaidheacht an tsíoda mar a bhí
deich fichead blian ó shoin.



Do feudfaidhe somplaí eile den tsaghas
san do thabhairt anuas ina bhfichidibh. Ní
bhfaghann an Rúise a cuid siúicre ó
Ghrianaig anois mar bhíonn flúirse
siúicre dá cuid féin aici ar an airgead
ar a ndíoltar i Sasana é. Agus ní san
Eilbhéis amháin a deuntar uaireadóirí
anois acht san uile áit. Tógann India
as an 90 mianach guail atá aici dhá
dtrian an ghuail a dhóghann sí. An
cheárdaidheacht cheimiceach d'éirigh suas
ar bruachaibh na Cluaidhe agus na Tíne
(toisc a ró-usacht a bhí sé clocha teine
do thabhairt a ndeas ón Spáinn agus
toisc ana-chuid gnóthaí céirde bheith ar
siubhal fan bhéil an dá abhann), tá an
cheárdaidheacht san ag dul chun deiridh


L. 5


anois. Tá an Spáinn ag tosnughadh ar
na clocha teine d'úsáid le congnamh
caipitil Shasanaigh, agus tá an
Ghearmáin éirighthe chun bheith ina suidhchán
mor do cheárdaidheacht an tsearbhlaigh
ruibhe agus an tsóda; ní headh, acht is
amhlaidh atá sí ag gearán cheana féin
ar an iomad des na neithe sin do bheith
dhá dheunamh inti.



Acht cá beag san! Tá oiread san
figiúirí os mo chomhair agam, agus an
t-aon brigh amháin sin leo go léir,
dfheudfainn oiread somplaí is badh mhaith
liom do chuir síos. Is mithid bhreith do
thabhairt ar an sceul agus is léir do
gach aoinne, nách claon aigne, cadí an
bhreith chóir. Tá gach aon tsórt gnó
céirde dhá scaipeadh agus dhá leathadh
ar fuaid an domhain, agus gach aon tsórt
gnótha ag fás i dteannta chéile agus
dhá fighe ar a chéile ins gach aon bhall in
ionad áit ar bith do bheith i dtúrtaoibh
leis an aon ghnó amháin. Siniad
comharthaí móra na haimsire seo. Nuair
a thagann a huain deineann náisiún
ceárdaidheachta de gach náisiún, agus ní
fada go mbeidh gach náisiún den Eoraip,
chomh maith leis na Stáit Aontuighthe, agus
fiú amháin na náisiún úd de náisiúnaibh
na hÁisia agus Americá is mó atá i
ndiaidh láimhe, ní fada go mbeidh siad
agus nách mór gach aon ní a bheidh uatha
aca féin dhá dheunamh dóibh féin. Béidir
go ndeunfaidh cogaidhe agus trúigeanna
cinneamhnacha eile leathadh na ceárdaidh-
eachta do chosc ar feadh tamaill acht ní
fheudfaidh é stad ar fad, mar níl aon
dul uaidh. Isé tosach na hoibre amháin
is deacair. Acht ní túisce bhíonn gnó
chéirde ar bith preumhaighthe go daingean
ná siúd na ceudta gnóthaí eile ag fás
as. Ní túisce bhíonn na céimeanna
tosaigh tabhartha sa cheárdaidheacht agus na
constaicí tosaigh curtha as an slighe ná
siúd ag meudughadh ar luas fáis na
ceárdaidheachta.



Muna dtuigtear na neithe sin,
mothaightear a neart agus a n-éigean
chomh mór san go bhfuil na náisiúin ag
baint na sál dá chéile le fiche blian
anuas a d'iarraidh choilíneacht do bhaint
amach dhóibh féin. Ní foláir le gach
náisiúin coilíneachta léi féin do bheith
aici. Acht ní haon chabhair coilíneachta.
Níl leithéid eile na hIndia sa domhan,
agus ní féidir n seana-shaoghal thabhairt
tharnais arís. Ní headh, acht tá cuid de
choilíneachtaibh na Breataine ag bagairt
dian-chomórtais ar an mBreatain cheana
féin, agus tá cuid eile aca, an Austráil
cuir i gcás, ná teipfidh orra an sompla
san do leanmhaint. Maidir leis na
margaidhe atá saor fós, ní cheannóchaidh
an tSín aon teugar earraidhe ón Eoraip
choidhche, mar is saoire go mór is féidir
di féin iad do dheunamh sa bhaile, agus
nuair a mothóchaidh sí gádh do bheith aici
le hearraidhe den tsaghas a deuntar
san Eoraip deunfa sí féin iad. Mairg
don Eoraip más ar cheannaightheoiraibh
iasachta a bheidh a seasamh an lá a rithfidh
an cheud ghal-inneal traenach sa tSín!
Maidir le daoine leath-fhiadhaine na
hAifrice, ní healadha d'aon náisiún
síbhialta a seun do bheith ag seasamh ar
a mhí-sheun súd.



Foclóirín



Grianaig, .i. Greenwich
Clocha teine, .i. pyrites
Searbhlach ruibhe, .i. sulphuric acid
Gach aoinne nách claon aige, .i. every un-
prejudiced mind
Trúigeanna cinneamhnacha, .i. accidental
causes
Margaidhe atá saor, .i. neutral markets

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services