Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal II (ar leanmhaint) Tamall éigin ó shoin, bhí dóchas mór ag daoine as an Austráil mar mhargadh d'earraidhibh na Breataine. Acht ní fada go dtosnóchaidh sí sin ar an obair atá ar siubhal ag Canada cheana féin, .i. earraidhe do dheunamh. Beidh na coilíneachta ag obair ar a n-ádhbhar féin lá éigin agus is giorra de dhóibh an lá san gach tespeántas earraidhe dá mbíonn aca, mar múineann na tespeántaisí dos na "coilínigh" cad is féidir dóibh a dheunamh agus conas é dheunamh. Tá cánacha cosanta ag Canada agus ag India ar earraidhibh ón mBreatain cheana féin. I dtaobh na margaidhe n-iomráidh- teach úd ar an gCongó agus cóimhreamh agus geallamhna Mhistir Stanley (.i. ná raibh ag muintir Lancashire acht eudaighe cuim do dheunamh dos na hAfricánaigh annsan chun £26,000,000 sa mbreis do dheunamh sa mbliain), is féidir geallamhna den tsaghas san do chur ar aon dul leis an ráiméis eile úd i dtaobh na gcaipitil codlata clumhala úd go raibh an saidhbhreas go léir le teacht do Shasana as iad do dheunamh dos na Sínigh taréis an cheud chogaidh úd sa tSín. Is fearr leis na Sínigh na caipíní deuntar ina ndúthaigh féin; agus maidir le muintir an Chongó, tá cheithre tíortha ag iomaidh lena chéile chun an chulaith shuaraigh a chaithidh siad do sholáthar dóibh, .i. an Bhreatain agus an Ghearmáin agus na Stáit Aontuighthe agus India, agus ní hí an tír dheiridh sin tír is lugha le rádh orra san. Bhí lá ann agus is beag ná go raibh aon-tseilbh cheárdaidheacht an chadáis ag an tír seo; acht sa bh. 1880 cheana féin, ní raibh aici acht 55 fén gceud des na fearsaidí go léir a bhí ar siubhal san Eoraip agus ins na Stáit Aontuighthe agus san India (40,000,000 díobh as 72,000,000) agus rud beag thar leath na seol (550,000 dhóibh as 972,000). Sa bh. 1893, bhí a cion des na fearsaidíbh laghduighthe go dtí 49 fén gceud (45,300,000 dhíobh as 91,340,000), agus anois níl ag na Trí Ríoghachta acht 41 fén gceud des na fearsaidíbh. Bhí an tír seo ag cailleamhaint mar sin, faid a bhí an chuid eile ag breith. Tá san do réir nádúir. Badh chóir go mbeadh coinne leis. Níl aon chúis go mbeadh ag an mBreatain i gcomhnuidhe earraidhe cadáis do dheunamh don domhan uile trá's go gcaitheann sí an cadás neamhoibrighthe do sholáthar lasmuich dáltha tíortha eile. Níorbh aon ní iongantach an Fhrainc agus an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rúise, India agus an tSeapáin agus na Stáit Aontuighthe, agus fiú amháin Meicseag agus Breasal, do thosnughadh ar abhrus cadáis do shníomh dóibh féin agus ar eudach cadáis dfhighe dhóibh féin. Acht ní túisce tosnuightear ceárdaidheacht an chadáis nó, go deimhin, aon cheárdaidheacht theistile in aon chor, i dtír ar bith, ná siúd a lán gnóthaí eile ag éirighe sa tír sin. Mothuightear gádh
nua do bheith ann agus spriocann an gádh san lucht gnóthaí ceimice agus gnóthaí mecanice agus lucht miotal- óireachta agus mianadóireachta agus ní foláir feabhas do dhul ar na gnóthaí céirde go léir agus ar an scoluigheacht theicniceáltha sa tír sin chun an ghádh san do fhreagairt chomh luath is mothuightear é. Tá ag imtheacht le ceárdaidheachtaibh eile mar d'imthigh le ceárdaidheacht an chadáis. Sa bh. 1880 bhí an Bhreatain Mhór ar tosach na náisiún a dheineadh muc- iarann, acht sa bh. 1904 ní raibh sí acht sa tríomhadh háit agus bhí na Stáit Aontuighthe agus an Ghearmáin ar tosach; agus an Rúise, ná raibh acht sa tseacht- mhadh áit sa bh. 1880, tá sí sa cheathramhadh háit anois, .i. céim níos ísle ná an Bhreatain Mhór. Níl aon-tseilbh cheár- daidheacht na holna ag an mBreatain agus ag an mBeilg a thuilleadh. Tá muilinn ana-mhóra ina stad ag Veruiers agus tá na fighdóirí Beilgeacha i gcruadh-chás. Tá ag meudughadh in aghaidh na bliana ar a ndeineann an Ghearmáin d'eudach olna agus díolann sí leis an gcoigríoch níos mó eudaigh olna fó naoi ná dhíolann an Bheilg ar an gcuma san. Tá eudach olna dá cuid féin ag Austria agus cuireann sí cuid de thar triúchaibh. Soláthruigheann Riga agus Lodz agus Moscó mín- eudaighe olna don Rúise. Agus do réir mar fhásann ceárdaidheacht na holna i ngach tír des na tíorthaibh deiridh sin thuas, fásann na ceudta gnóthaí aisti, gnóthaí a bhaineann le ceárdaidheacht na holna. Ar feadh mórán blian bhí ceárdaidheacht an tsíoda fúithi féin ag an bhFrainc. Toisc na sígréin do bheith dhá dtógáil i ndeisceart na Fraince níorbh aon iongnadh cathair Lyons d'éirighe chun bheith ina hárd-shuidhchan do cheárdaidheacht an tsíoda. Do chuaidh an sníomhdóireacht agus an fhighdóireacht thighe agus na hoibreacha dathadóireachta, do chuadar ar aghaidh go treun ann. Acht sa deire dfhás an obair chomh mór san nár leor an méid síoda gan oibriughadh a bhí le fagháil sa bhFrainc. Fuaradh roinnt ón Iodáil agus ón Spáinn agus ó dheisceart Austria agus ón Áisia Bhig agus ón gCaucuis agus ón Spáinn, .i. oiread is luach £9,000,000 nó £11,000,000 de, sa bh. 1875 agus sa bh. 1876, agus níor soláthruigheadh acht luach £800,000 de sa bhFrainc féin. Do dhein an tuilleamh mór a bhí le fagháil na mílte garsún agus gearrachaillí tuatha do mhealladh go dtí an chathair agus an chomhursanacht mór- thimcheall agus bhí rath ar an obair go léir. Ar ball, ámhthach, dfhás ceárdaidheacht síoda ag Basel agus i dtighthibh muintir na tuatha mórthimcheall Zurich. Rug lucht imirce an cheárdaidheacht leo ón bhFrainc go dtí an Eilbhéis, agus do neartaigh sí annsan, go mór mór taréis cath cathardha na b. 1871. Annsan thug Riaghaltas na Causcuise cuireadh do lucht oibre idir fhearaibh is mná, teacht ó Lyons agus ó Mharseilles chun na slighte do bhfearr chun sígreán do thógáil do mhúineadh do Gheorgiachaibh agus do Rúisíneachaibh agus chun ceárdaidheacht an tsíoda go hiomlán do mhúineadh dhóibh chomh maith ceudna. Thánadar agus d'éirigh Stabhropól chun bheith ina áit mór eile chun ceárdaidheacht an tsíoda. Do dhein Austria agus na Stáit Aontuighthe an ní ceudna, agus cadé toradh na neithe sin go léir anois? I gcaitheamh na mb. 1872-1881 do chuaidh breis is dúbáilt ar shochar ceárd- aidheacht an tsíoda san Eilbhéis; agus do mheudaigh sé trian a mhéid féin san Iodáil agus sa Ghearmáin; agus i gceanntar Lyons, mar a ndeintí luach 454,000,000 franc d'earraidhibh síoda sa mbliain, níor deineadh acht luach 378,000,000 franc dhíobh sa bh. 1887. Do dhíoladh Lyons leis an gcoigríoch luach 425,000,000 franc de shíodaibh sa mbliain i gcaitheamh na mb. 1885-1859 agus luach 460,000,000 franc díobh i gcaitheamh na mb. 1870-1874, acht sa bh. 1887 níor dhíol sí acht luach 233,000,000 franc díobh. Agus deir lucht eolais sa bhFranc gur ó Zurich agus ó Chrefeld agus ó Bharmen trian an eudaigh shíoda a caithtear sa bhFrainc. Ní headh, acht dá mb'í an Iodáil féin í, cuireann sí síodaí go dtí an Fhrainc agus bíonn ag iomaidh le Lyons. Tá 191,000 duine ag gabháil do cheárdaidheacht an tsíoda aici. Foclóirín Eudaighe cuim, .i. loin cloths Aon-tseilbh, .i. monopoly Ag breith, .i. gaining, winning Cuireann sí cuid de thar triúchaibh, .i. she exports (sends over the borders) some of it. Sígréin, .i. silk-worms Cath cathardha, .i. civil war
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services