Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal II
(ar leanmhaint)



Tamall éigin ó shoin, bhí dóchas mór
ag daoine as an Austráil mar mhargadh
d'earraidhibh na Breataine. Acht ní
fada go dtosnóchaidh sí sin ar an obair
atá ar siubhal ag Canada cheana féin,
.i. earraidhe do dheunamh. Beidh na
coilíneachta ag obair ar a n-ádhbhar féin
lá éigin agus is giorra de dhóibh an lá
san gach tespeántas earraidhe dá mbíonn
aca, mar múineann na tespeántaisí
dos na "coilínigh" cad is féidir dóibh
a dheunamh agus conas é dheunamh. Tá
cánacha cosanta ag Canada agus ag
India ar earraidhibh ón mBreatain cheana
féin. I dtaobh na margaidhe n-iomráidh-
teach úd ar an gCongó agus cóimhreamh
agus geallamhna Mhistir Stanley (.i.
ná raibh ag muintir Lancashire acht
eudaighe cuim do dheunamh dos na
hAfricánaigh annsan chun £26,000,000
sa mbreis do dheunamh sa mbliain), is
féidir geallamhna den tsaghas san do
chur ar aon dul leis an ráiméis eile
úd i dtaobh na gcaipitil codlata
clumhala úd go raibh an saidhbhreas go
léir le teacht do Shasana as iad do
dheunamh dos na Sínigh taréis an cheud
chogaidh úd sa tSín. Is fearr leis na
Sínigh na caipíní deuntar ina ndúthaigh
féin; agus maidir le muintir an
Chongó, tá cheithre tíortha ag iomaidh lena
chéile chun an chulaith shuaraigh a chaithidh
siad do sholáthar dóibh, .i. an Bhreatain
agus an Ghearmáin agus na Stáit
Aontuighthe agus India, agus ní hí an tír
dheiridh sin tír is lugha le rádh orra san.



Bhí lá ann agus is beag ná go raibh
aon-tseilbh cheárdaidheacht an chadáis ag
an tír seo; acht sa bh. 1880 cheana féin,
ní raibh aici acht 55 fén gceud des na
fearsaidí go léir a bhí ar siubhal san
Eoraip agus ins na Stáit Aontuighthe
agus san India (40,000,000 díobh as
72,000,000) agus rud beag thar leath
na seol (550,000 dhóibh as 972,000). Sa
bh. 1893, bhí a cion des na fearsaidíbh
laghduighthe go dtí 49 fén gceud
(45,300,000 dhíobh as 91,340,000), agus
anois níl ag na Trí Ríoghachta acht 41
fén gceud des na fearsaidíbh. Bhí an
tír seo ag cailleamhaint mar sin, faid
a bhí an chuid eile ag breith. Tá san do
réir nádúir. Badh chóir go mbeadh coinne
leis. Níl aon chúis go mbeadh ag an
mBreatain i gcomhnuidhe earraidhe
cadáis do dheunamh don domhan uile
trá's go gcaitheann sí an cadás
neamhoibrighthe do sholáthar lasmuich dáltha
tíortha eile. Níorbh aon ní iongantach
an Fhrainc agus an Ghearmáin, an
Iodáil agus an Rúise, India agus
an tSeapáin agus na Stáit Aontuighthe,
agus fiú amháin Meicseag agus Breasal,
do thosnughadh ar abhrus cadáis do shníomh
dóibh féin agus ar eudach cadáis dfhighe
dhóibh féin. Acht ní túisce tosnuightear
ceárdaidheacht an chadáis nó, go deimhin,
aon cheárdaidheacht theistile in aon chor,
i dtír ar bith, ná siúd a lán gnóthaí eile
ag éirighe sa tír sin. Mothuightear gádh


L. 5


nua do bheith ann agus spriocann an
gádh san lucht gnóthaí ceimice agus
gnóthaí mecanice agus lucht miotal-
óireachta agus mianadóireachta agus
ní foláir feabhas do dhul ar na gnóthaí
céirde go léir agus ar an scoluigheacht
theicniceáltha sa tír sin chun an ghádh san
do fhreagairt chomh luath is mothuightear é.



Tá ag imtheacht le ceárdaidheachtaibh
eile mar d'imthigh le ceárdaidheacht an
chadáis. Sa bh. 1880 bhí an Bhreatain Mhór
ar tosach na náisiún a dheineadh muc-
iarann, acht sa bh. 1904 ní raibh sí acht
sa tríomhadh háit agus bhí na Stáit
Aontuighthe agus an Ghearmáin ar tosach;
agus an Rúise, ná raibh acht sa tseacht-
mhadh áit sa bh. 1880, tá sí sa cheathramhadh
háit anois, .i. céim níos ísle ná an
Bhreatain Mhór. Níl aon-tseilbh cheár-
daidheacht na holna ag an mBreatain
agus ag an mBeilg a thuilleadh. Tá
muilinn ana-mhóra ina stad ag Veruiers
agus tá na fighdóirí Beilgeacha i
gcruadh-chás. Tá ag meudughadh in
aghaidh na bliana ar a ndeineann an
Ghearmáin d'eudach olna agus díolann
sí leis an gcoigríoch níos mó eudaigh
olna fó naoi ná dhíolann an Bheilg
ar an gcuma san. Tá eudach olna dá
cuid féin ag Austria agus cuireann
sí cuid de thar triúchaibh. Soláthruigheann
Riga agus Lodz agus Moscó mín-
eudaighe olna don Rúise. Agus do
réir mar fhásann ceárdaidheacht na holna
i ngach tír des na tíorthaibh deiridh
sin thuas, fásann na ceudta gnóthaí
aisti, gnóthaí a bhaineann le ceárdaidheacht
na holna.



Ar feadh mórán blian bhí ceárdaidheacht
an tsíoda fúithi féin ag an bhFrainc.
Toisc na sígréin do bheith dhá dtógáil
i ndeisceart na Fraince níorbh aon
iongnadh cathair Lyons d'éirighe chun bheith
ina hárd-shuidhchan do cheárdaidheacht an
tsíoda. Do chuaidh an sníomhdóireacht
agus an fhighdóireacht thighe agus na
hoibreacha dathadóireachta, do chuadar
ar aghaidh go treun ann. Acht sa deire
dfhás an obair chomh mór san nár leor
an méid síoda gan oibriughadh a bhí le
fagháil sa bhFrainc. Fuaradh roinnt ón
Iodáil agus ón Spáinn agus ó dheisceart
Austria agus ón Áisia Bhig agus ón
gCaucuis agus ón Spáinn, .i. oiread
is luach £9,000,000 nó £11,000,000 de,
sa bh. 1875 agus sa bh. 1876, agus níor
soláthruigheadh acht luach £800,000 de sa
bhFrainc féin. Do dhein an tuilleamh
mór a bhí le fagháil na mílte garsún agus
gearrachaillí tuatha do mhealladh go dtí
an chathair agus an chomhursanacht mór-
thimcheall agus bhí rath ar an obair go
léir.



Ar ball, ámhthach, dfhás ceárdaidheacht
síoda ag Basel agus i dtighthibh muintir
na tuatha mórthimcheall Zurich. Rug
lucht imirce an cheárdaidheacht leo ón
bhFrainc go dtí an Eilbhéis, agus do
neartaigh sí annsan, go mór mór taréis
cath cathardha na b. 1871. Annsan thug
Riaghaltas na Causcuise cuireadh do
lucht oibre idir fhearaibh is mná, teacht
ó Lyons agus ó Mharseilles chun na
slighte do bhfearr chun sígreán do thógáil
do mhúineadh do Gheorgiachaibh agus do
Rúisíneachaibh agus chun ceárdaidheacht
an tsíoda go hiomlán do mhúineadh dhóibh
chomh maith ceudna. Thánadar agus
d'éirigh Stabhropól chun bheith ina áit
mór eile chun ceárdaidheacht an tsíoda.
Do dhein Austria agus na Stáit
Aontuighthe an ní ceudna, agus cadé
toradh na neithe sin go léir anois?



I gcaitheamh na mb. 1872-1881 do
chuaidh breis is dúbáilt ar shochar ceárd-
aidheacht an tsíoda san Eilbhéis; agus
do mheudaigh sé trian a mhéid féin san
Iodáil agus sa Ghearmáin; agus i
gceanntar Lyons, mar a ndeintí luach
454,000,000 franc d'earraidhibh síoda
sa mbliain, níor deineadh acht luach
378,000,000 franc dhíobh sa bh. 1887.
Do dhíoladh Lyons leis an gcoigríoch
luach 425,000,000 franc de shíodaibh sa
mbliain i gcaitheamh na mb. 1885-1859
agus luach 460,000,000 franc díobh i
gcaitheamh na mb. 1870-1874, acht sa bh.
1887 níor dhíol sí acht luach 233,000,000
franc díobh. Agus deir lucht eolais sa
bhFranc gur ó Zurich agus ó Chrefeld
agus ó Bharmen trian an eudaigh shíoda
a caithtear sa bhFrainc. Ní headh, acht
dá mb'í an Iodáil féin í, cuireann sí
síodaí go dtí an Fhrainc agus bíonn ag
iomaidh le Lyons. Tá 191,000 duine ag
gabháil do cheárdaidheacht an tsíoda aici.



Foclóirín
Eudaighe cuim, .i. loin cloths
Aon-tseilbh, .i. monopoly
Ag breith, .i. gaining, winning
Cuireann sí cuid de thar triúchaibh, .i. she
exports (sends over the borders) some of it.
Sígréin, .i. silk-worms
Cath cathardha, .i. civil war

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services