Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Na neithe is mó fé ndeár an fás iongantach do chuaidh do cheárdaidheacht na Gearmáine is iad fé ndeár an fás iongantach do chuaidh do cheárdaidheacht na Stát nAontuighthe leis. Isé ceud ní dhíobh ná an dá náisiún do bheith mar beidís i dtosach a n-óige nuair a ghabhadar i mbun na ceárdaidheacht i gceart, rud nár dheineadar go dtí le deunaighe, agus fuinneamh do bheith ina bhfeidhm dá réir sin. An dara ní, .i. foghluim na léigheann agus foghluim theicniceáltha do bheith dhá leathadh i bhfochair a chéile sa dá thír go fórleathan, nó, an chuid is lugha de, na léighinn do bheith dhá múineadh tríd na ceárdaibh sa dhá thír. An tríomhadh ní, .i. an deunamh agus an crot is fearr agus is deunaighe a ceapadh do chur ar a muillibh agus ar a bhfactairíbh don dá náisiún. An ceathramhadh ní, .i. an dá náisiún do bheith mar a bheidís taréis dúiseacht a' trom- shuan éigin draoidheachta agus fonn is faobhar do bheith orra chun na neithe is dual do náisiún do dheunamh, mar atá, gach léigheann dfhoghluim agus do shaothrughadh, leabhair do dheunamh, ceár- daidheacht agus ceannaidheacht do thaithighe. Ionann cor don dá náisiún san anois agus don Bhreatain Mhóir sa cheud leath den naomhadh aois deug nuair a dhein lucht oibre na Breataine Móire oiread agus a dheineadar chum measín- teacht iongantach na haimsire seo do cheapadh. Níl le feiscint ins na neithibh sin go léir acht na náisiúin agus iad ag leanmhaint lorg a chéile, agus in ionad é sin do dhimoladh nó cur ina choinnibh is amhlaidh do bfhearr dhúinn go mó feuchaint a bhfeudfadh an dá náisiún do thosnuigh an cheárdaidheacht mhór, an Breatain Mhór agus an Fhrainc, lorg nua do thespeáint agus rud nua do dheunamh arís - feuchaint a bhfuil aon ní eile ar a bhfeudfaidís a gcumas chum neithe nua do chruthughadh do chur i bhfeidhm, cuir i gcás cionnus an talamh, maraon le cumas an duine sa cheár- daidheacht do chur chum sochair don náisiún go hiomlán in ionad iad do chur chum sochair do bheagán daoine. Críoch chaibidile a 1.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services