Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Na neithe is mó fé ndeár an fás
iongantach do chuaidh do cheárdaidheacht
na Gearmáine is iad fé ndeár an fás
iongantach do chuaidh do cheárdaidheacht
na Stát nAontuighthe leis. Isé ceud
ní dhíobh ná an dá náisiún do bheith mar
beidís i dtosach a n-óige nuair a ghabhadar
i mbun na ceárdaidheacht i gceart, rud
nár dheineadar go dtí le deunaighe,
agus fuinneamh do bheith ina bhfeidhm dá
réir sin. An dara ní, .i. foghluim na
léigheann agus foghluim theicniceáltha
do bheith dhá leathadh i bhfochair a chéile sa
dá thír go fórleathan, nó, an chuid is
lugha de, na léighinn do bheith dhá
múineadh tríd na ceárdaibh sa dhá thír.
An tríomhadh ní, .i. an deunamh agus
an crot is fearr agus is deunaighe a
ceapadh do chur ar a muillibh agus ar a
bhfactairíbh don dá náisiún. An
ceathramhadh ní, .i. an dá náisiún do bheith
mar a bheidís taréis dúiseacht a' trom-
shuan éigin draoidheachta agus fonn is
faobhar do bheith orra chun na neithe is
dual do náisiún do dheunamh, mar atá,
gach léigheann dfhoghluim agus do
shaothrughadh, leabhair do dheunamh, ceár-
daidheacht agus ceannaidheacht do thaithighe.
Ionann cor don dá náisiún san anois
agus don Bhreatain Mhóir sa cheud
leath den naomhadh aois deug nuair a
dhein lucht oibre na Breataine Móire
oiread agus a dheineadar chum measín-
teacht iongantach na haimsire seo do
cheapadh.



Níl le feiscint ins na neithibh sin go
léir acht na náisiúin agus iad ag
leanmhaint lorg a chéile, agus in ionad
é sin do dhimoladh nó cur ina choinnibh is
amhlaidh do bfhearr dhúinn go mó
feuchaint a bhfeudfadh an dá náisiún do
thosnuigh an cheárdaidheacht mhór, an
Breatain Mhór agus an Fhrainc, lorg
nua do thespeáint agus rud nua do
dheunamh arís - feuchaint a bhfuil aon ní
eile ar a bhfeudfaidís a gcumas chum
neithe nua do chruthughadh do chur i
bhfeidhm, cuir i gcás cionnus an talamh,
maraon le cumas an duine sa cheár-
daidheacht do chur chum sochair don
náisiún go hiomlán in ionad iad do
chur chum sochair do bheagán daoine.



Críoch chaibidile a 1.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services