Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Béidir go gcabhruighidh cánacha cosanta le gnóthaí nua chur ar bun, uaireanta, acht máiseadh is ar chostas gnóthaí eile bhíonn ag fás é, agus dá eughmais sin cuirid cosc le feabhsughadh na ngnó a bhíonn ar bun cheana. Acht tá an cheárdaidheacht dá "scaoileadh," le congnamh na gcánach san nó gan a gcongnamh nó dá n-aindeoin dá n-abrainn é. Tá Austria agus an Ungáir agus an Iodáil ar aon nós sa ní seo; táid ag cur a gceárdaidheacht féin i dtreise, agus tá fiú na Spáinne agus na Seirbe ag tosnughadh ar an ní ceudna dheunamh. Ní headh, acht India féin, agus Breasal, agus Meicseag, táid ag tosnughadh ar ghnóthaí céirde chur ar bun agus congnamh airgid agus eolas aca chuige ó Shasana agus ón bhFrainc agus ón nGearmáin. Agus, sa deireadh, siniad na Stáit Aontuighthe d'éirigh suas le deunaighe chum comórtas uathbhásach do chur ar an uile náisiún Eorpach a dheineann earraidhe. Dá mhéid a leathann scoluigheacht theicniceáltha ins na Státaibh iseadh is mó fhásann an cheárdaidheacht ionta, agus ní misde a rádh go bhfásann sí go tiugh dáltha gach aon ní in Americá, i gcás nách fada go mbeidh flúirse earraidhe ó Americá ar na margaidhibh atá saor anois uatha. Tá deireadh le haon-tseilbh na ceár- daidheachta don cheud dream a thosnaigh ar earraidhe dheunamh go fórleathan. Tá deireadh leis an ní sin go deo, pé iarrachtaí deunfar ar a thabhairt tharnais mar tá a ré caithte. An saoghal atá anois ann caithfear é dfhreagairt, mar tá imtheacht gan teacht ar an seana- shaoghal. Sara leanadh ar an sceul, cuirfeadh síos beagán figiúrí mar sholus ar ghluaiseacht na ceárdaidheachta soir. Tráchtfadh ar an Rúise ar dtúis, agus ní mar gheall ar mhéid m'eolais uirri é acht toisc a bheith ar thír des na tíortha is deunaighe do ghaibh leis an mór-cheárdaidheacht. Leathcheud bliadhan ó shin do meastí ná raibh inti acht tír bhreagh chun feirmeoireachta agus go raibh de chrann uirri ó nádúr gan a dheunamh choidhche acht biadh do sholáthar do náisiúnaibh eile agus na deuntúisí bheadh uaithi dfhágháil ón iarthar. Bhí san mar sin tráth acht níl anois. Sa bhliadhain 1861, nuair a fuascladh an daor-aicme, ní raibh sa Rúise agus sa Pholainn le chéile acht 14,000 tigh céirde, ina ndeintí luach 296,000,000 rúbal (tuairim £36,000,000) d'earraidhibh sa mbliadhain. Fiche bliadhain ina dhiaidh sin bhí 35,160 tigh céirde aca, agus bhí meudaighthe fé ceathair nách mór ar a sochar bliadhna, .i. luach 1,305,000,000 d'earraidhibh in Impireacht na Rúise leigim thorm an méid nár cuireadh san áireamh a deineadh, .i. sochar mionghnóthaí agus na hearraidhe ar a mbíonn cáin (siúcre, biotáille, lasáin). Isé rud is mó is fiú a thabhairt fé ndeara sa mheudughadh san ná so: bíodh nár mheudaigh fé dhó féin ar líon an lucht oibre ón mbliadhain 1861 (1,555,000 duine a líon sa bhliadhain 1894 agus 1,902,750 sa bhliadhain 1910), do mheudaigh fé thrí, agus ní ba mhó, ar luach a ndeineadh an duine dhíobh ins na príomhghnóthaí. Sa bhliain 1861 ba lugha ná £70 sa mbliain é agus is £219 anois é. Feabhsughadh measínteachta is mó fé ndeár an meudughadh mar sin. Foclóirín "Scaoileadh" decentralization Tigh céirde nó fachtaire, factory Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services