Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Béidir go gcabhruighidh cánacha cosanta
le gnóthaí nua chur ar bun, uaireanta,
acht máiseadh is ar chostas gnóthaí eile
bhíonn ag fás é, agus dá eughmais sin
cuirid cosc le feabhsughadh na ngnó a
bhíonn ar bun cheana. Acht tá an
cheárdaidheacht dá "scaoileadh," le
congnamh na gcánach san nó gan a
gcongnamh nó dá n-aindeoin dá
n-abrainn é. Tá Austria agus an
Ungáir agus an Iodáil ar aon nós sa
ní seo; táid ag cur a gceárdaidheacht
féin i dtreise, agus tá fiú na Spáinne
agus na Seirbe ag tosnughadh ar an ní
ceudna dheunamh. Ní headh, acht India
féin, agus Breasal, agus Meicseag,
táid ag tosnughadh ar ghnóthaí céirde chur
ar bun agus congnamh airgid agus
eolas aca chuige ó Shasana agus ón
bhFrainc agus ón nGearmáin. Agus,
sa deireadh, siniad na Stáit Aontuighthe
d'éirigh suas le deunaighe chum comórtas
uathbhásach do chur ar an uile náisiún
Eorpach a dheineann earraidhe. Dá mhéid
a leathann scoluigheacht theicniceáltha
ins na Státaibh iseadh is mó fhásann an
cheárdaidheacht ionta, agus ní misde a
rádh go bhfásann sí go tiugh dáltha gach
aon ní in Americá, i gcás nách fada
go mbeidh flúirse earraidhe ó Americá
ar na margaidhibh atá saor anois uatha.



Tá deireadh le haon-tseilbh na ceár-
daidheachta don cheud dream a thosnaigh
ar earraidhe dheunamh go fórleathan.
Tá deireadh leis an ní sin go deo, pé
iarrachtaí deunfar ar a thabhairt tharnais
mar tá a ré caithte. An saoghal atá
anois ann caithfear é dfhreagairt, mar
tá imtheacht gan teacht ar an seana-
shaoghal.



Sara leanadh ar an sceul, cuirfeadh
síos beagán figiúrí mar sholus ar
ghluaiseacht na ceárdaidheachta soir.
Tráchtfadh ar an Rúise ar dtúis, agus
ní mar gheall ar mhéid m'eolais uirri
é acht toisc a bheith ar thír des na
tíortha is deunaighe do ghaibh leis an
mór-cheárdaidheacht. Leathcheud bliadhan
ó shin do meastí ná raibh inti acht tír
bhreagh chun feirmeoireachta agus go
raibh de chrann uirri ó nádúr gan a
dheunamh choidhche acht biadh do sholáthar
do náisiúnaibh eile agus na deuntúisí
bheadh uaithi dfhágháil ón iarthar. Bhí
san mar sin tráth acht níl anois.



Sa bhliadhain 1861, nuair a fuascladh
an daor-aicme, ní raibh sa Rúise agus
sa Pholainn le chéile acht 14,000 tigh
céirde, ina ndeintí luach 296,000,000
rúbal (tuairim £36,000,000) d'earraidhibh
sa mbliadhain. Fiche bliadhain ina
dhiaidh sin bhí 35,160 tigh céirde aca, agus
bhí meudaighthe fé ceathair nách mór ar a
sochar bliadhna, .i. luach 1,305,000,000
d'earraidhibh in Impireacht na Rúise
leigim thorm an méid nár cuireadh san
áireamh a deineadh, .i. sochar mionghnóthaí
agus na hearraidhe ar a mbíonn cáin
(siúcre, biotáille, lasáin). Isé rud
is mó is fiú a thabhairt fé ndeara sa
mheudughadh san ná so: bíodh nár
mheudaigh fé dhó féin ar líon an lucht
oibre ón mbliadhain 1861 (1,555,000
duine a líon sa bhliadhain 1894 agus
1,902,750 sa bhliadhain 1910), do mheudaigh
fé thrí, agus ní ba mhó, ar luach a
ndeineadh an duine dhíobh ins na
príomhghnóthaí. Sa bhliain 1861 ba lugha
ná £70 sa mbliain é agus is £219 anois
é. Feabhsughadh measínteachta is mó fé
ndeár an meudughadh mar sin.



Foclóirín



"Scaoileadh" decentralization
Tigh céirde nó fachtaire, factory



Liam Ó Rinn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services