Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Níorbh aon mhaith dhúinn an curadhtan a chosain an obair sin go léir do dhaoine bochta d'áireamh annso, mar is maith is cuimhin le daoine scanramhlacht na sceul do hinnseadh do choimisiúnaibh Parlia- mente na mbliadhan 1840-42 i dtaobh treo caillte an lucht oibre agus glanadh na n-estát do dhaoine agus fuadach na leanbh. Beidh na neithe sin na gcomhartha buan-mharthanach ar an gcuma 'nar preumhaigheadh an cheárdaidheacht mhór sá tír seo. Acht bhí saidhbhreas ag dul i méid ag lucht na bpribhléidí ar luas nár samhlaigheadh riamh roimhe sin. Is annsan do cnósadh an t-ollamhaitheas do-chroidthe úd a chuireann iongnadh ar dhaoine iasachta nuair a chíd i dtighthe daoine uaisle i Sasana é. Is annsan leis, do chosnaigh an bheatha ró-chostasa- mhail úd as a dtagann gan acht meas bheag-shaidhbhir do bheith ar mhór-shaidhbhear na hEorpa nuair a thagann sé go Sasana. I gcaitheamh an deich fichead blian deiridh den aimsir sin adubhradh do dhúbail ar luach an tsealbhais ar ar bhéidir cáin do ghearradh, agus i gcaitheamh na haimsire go léir, .i. ón mbliain 1810 go dtí an bhliadhain 1878, do chuir lucht caipitail Shasana £1,112,000,000 (nó £2,000,000,000 nach mór, um an dtaca so) i gceárdai- dheacht iasachta agus in iasachtaibh iasachta. Acht ní fheudfadh aon-tseilbh na ceárdaidheachta fanmhaint ag Sasana i gcomhnuidhe. An t-eolas agus an dánacht ba riachranach i ngnóthaí céirde níor bhéidir do mhuintir na n-oileán so iad do choimeád aca féin go bruinne a bhrátha. Bhí a mhalairt i ndán don eolas san agus don dánacht san. Níor bhfoláir dóibh dul thar lear agus leathadh ar fuaid na hEorpa diaidh ar ndiaidh. Seo mar a thárla sé. As Athrughadh Mór na Fraince ina na blianta 1798-1793 do ráinig do mhórchuid de mhuintir thuatha na Fraince teacht i seilbh an tailimh ar a mbídís ag obair. Ní ró-olc an saoghal a bhí aca san ar feadh leathcheud blian ina dhiaidh sin. Bhíodh deimhin aca ar luacht saothair éigin, an chuid ba lugha dhe. Bhí ag meudughadh go righin ar líon lucht oibre na mbailte mór a bhí gan tighthe leo féin aca. Acht an tathrughadh Mór san (mar mhaithe leis an meadhon- aicme), bhí deighilt deunta aige cheana féin idir na tigheasaigh thuatha agus ceárdaidhte bochta na sráid-bhailte agus trí an sochar a tháinig den Athrughadh Mhór don cheud dream do dhul i ndochar don dar dream, dob éigean dos na sclábhuidhthe a bhí gan talamh gan áitreabh leo féin aca, na sráid-bhailte do thréigean, agus b'iad na sclábhuidhthe sin an cheud dream den lucht oibre do cuireadh i gcomhachtaibh deuntóirí sa bhFrainc. Rud eile, tar éis dos na tigheasaigh tuatha an seun a bheith orra ar feadh tamaill, do mhothuigheadar an saoghal ag dul i ndéine orra féin leis, agus b'éigean dá gcloinn obair chéirde do lorg. Bhí idir cogaidhe agus Athrughadh Mór taréis fás na ceárdai- dheachta do chosc sa Fhrainc, acht sa dara leath den naomhadh aois deug bhí an cheárdaidheacht ag dul i dtreise arís. Dfhás sí agus chuaidh sí i bhfeabhas, agus in aindeoin Alsás do chailleamhaint don Fhrainc ní gábhadh dhi anois bheith ag brath ar Shasana chum earraidhe dheunamh di oiread agus bhí trí fichid blian ó shoin. Díolann sí leis an gcoigríoch anois geall le luach leath a ndíolann an Bhreatain Mhór de dheuntúisí leis. Earraidhe teicstile a dhá dtrian san. Mín-abhrus cadáis agus mín-abhrus olna furmhór na n-earraidhe dteicstile a cheannuigheann sí ón gcoigríoch agus díolann sí cuid den abhrus san arís leis i bhfuirm eudaigh. Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services