Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Níorbh aon mhaith dhúinn an curadhtan
a chosain an obair sin go léir do dhaoine
bochta d'áireamh annso, mar is maith is
cuimhin le daoine scanramhlacht na sceul
do hinnseadh do choimisiúnaibh Parlia-
mente na mbliadhan 1840-42 i dtaobh
treo caillte an lucht oibre agus glanadh
na n-estát do dhaoine agus fuadach
na leanbh. Beidh na neithe sin na
gcomhartha buan-mharthanach ar an gcuma
'nar preumhaigheadh an cheárdaidheacht
mhór sá tír seo. Acht bhí saidhbhreas ag
dul i méid ag lucht na bpribhléidí ar
luas nár samhlaigheadh riamh roimhe sin.
Is annsan do cnósadh an t-ollamhaitheas
do-chroidthe úd a chuireann iongnadh
ar dhaoine iasachta nuair a chíd i dtighthe
daoine uaisle i Sasana é. Is annsan
leis, do chosnaigh an bheatha ró-chostasa-
mhail úd as a dtagann gan acht meas
bheag-shaidhbhir do bheith ar mhór-shaidhbhear
na hEorpa nuair a thagann sé go Sasana.
I gcaitheamh an deich fichead blian deiridh
den aimsir sin adubhradh do dhúbail ar
luach an tsealbhais ar ar bhéidir cáin do
ghearradh, agus i gcaitheamh na haimsire
go léir, .i. ón mbliain 1810 go dtí an
bhliadhain 1878, do chuir lucht caipitail
Shasana £1,112,000,000 (nó £2,000,000,000
nach mór, um an dtaca so) i gceárdai-
dheacht iasachta agus in iasachtaibh iasachta.



Acht ní fheudfadh aon-tseilbh na
ceárdaidheachta fanmhaint ag Sasana i
gcomhnuidhe. An t-eolas agus an
dánacht ba riachranach i ngnóthaí céirde
níor bhéidir do mhuintir na n-oileán so
iad do choimeád aca féin go bruinne a
bhrátha. Bhí a mhalairt i ndán don eolas
san agus don dánacht san. Níor bhfoláir
dóibh dul thar lear agus leathadh ar
fuaid na hEorpa diaidh ar ndiaidh. Seo
mar a thárla sé. As Athrughadh Mór na
Fraince ina na blianta 1798-1793 do
ráinig do mhórchuid de mhuintir thuatha na
Fraince teacht i seilbh an tailimh ar a
mbídís ag obair. Ní ró-olc an saoghal
a bhí aca san ar feadh leathcheud blian
ina dhiaidh sin. Bhíodh deimhin aca ar
luacht saothair éigin, an chuid ba lugha
dhe. Bhí ag meudughadh go righin ar líon
lucht oibre na mbailte mór a bhí gan
tighthe leo féin aca. Acht an tathrughadh
Mór san (mar mhaithe leis an meadhon-
aicme), bhí deighilt deunta aige cheana
féin idir na tigheasaigh thuatha agus
ceárdaidhte bochta na sráid-bhailte agus
trí an sochar a tháinig den Athrughadh
Mhór don cheud dream do dhul i ndochar
don dar dream, dob éigean dos na
sclábhuidhthe a bhí gan talamh gan áitreabh
leo féin aca, na sráid-bhailte do
thréigean, agus b'iad na sclábhuidhthe sin
an cheud dream den lucht oibre do
cuireadh i gcomhachtaibh deuntóirí sa
bhFrainc. Rud eile, tar éis dos na
tigheasaigh tuatha an seun a bheith orra
ar feadh tamaill, do mhothuigheadar an
saoghal ag dul i ndéine orra féin leis,
agus b'éigean dá gcloinn obair chéirde
do lorg. Bhí idir cogaidhe agus
Athrughadh Mór taréis fás na ceárdai-
dheachta do chosc sa Fhrainc, acht sa
dara leath den naomhadh aois deug bhí
an cheárdaidheacht ag dul i dtreise arís.
Dfhás sí agus chuaidh sí i bhfeabhas, agus
in aindeoin Alsás do chailleamhaint don
Fhrainc ní gábhadh dhi anois bheith ag brath
ar Shasana chum earraidhe dheunamh di
oiread agus bhí trí fichid blian ó shoin.
Díolann sí leis an gcoigríoch anois
geall le luach leath a ndíolann an
Bhreatain Mhór de dheuntúisí leis.
Earraidhe teicstile a dhá dtrian san.
Mín-abhrus cadáis agus mín-abhrus olna
furmhór na n-earraidhe dteicstile a
cheannuigheann sí ón gcoigríoch agus
díolann sí cuid den abhrus san arís leis
i bhfuirm eudaigh.



Liam Ó Rinn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services